Dáil debates

Wednesday, 9 May 2018

Priority Questions

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

5:25 pm

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source

Ba mhaith liom ar dtús m'aitheantas a ghabháil chuig an Teachta fa choinne an tiomantas agus an iarracht ar son an ábhair seo thar na blianta.

Mar is eol don Teachta, is é ar mo Roinnse atá an fhreagracht uileghabhálach chun cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 a chomhordú agus a chur i bhfeidhm i gcomhar le réimse leathan páirtithe leasmhara. Sa chomhthéacs sin, tá cláir oibre á gcur i bhfeidhm ag mo Roinn féin agus ag Ranna agus forais ábhartha eile Stáit, lena n-áirítear Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge, chomh maith le raon leathan eagraíochtaí Gaeilge, chun cúram a dhéanamh, i gcaitheamh an ama, ar fheidhmiú na straitéise.

Mar atá ráite agam roimhe seo, ainneoin na ndúshlán ina raibh gníomhaireachtaí na Gaeilge ag feidhmiú, idir mo Roinn féin, Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta agus na heagraíochtaí éagsúla atá á maoiniú acu, táim sásta go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta agus á dhéanamh maidir le raon leathan gníomhaíochtaí faoin Straitéis a chur i bhfeidhm de réir a chéile ar bhealach córasach laistigh de na hacmhainní atá ar fáil.

Maidir leis an bPlean Gníomhaíochta don tréimhse 2018-2022 ina ndéanfar rianú ar cad atá beartaithe a dhéanamh, i gcomhar le páirtithe leasmhara, thar an tréimhse chun treisiú a dhéanamh ar fheidhmiú na straitéise, táim sásta a rá go bhfuil críoch á chur le dréachtú an Phlean faoi láthair agus foilseofar é sna seachtainí atá amach romhainn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.