Dáil debates
Wednesday, 28 February 2018
Other Questions
Maoiniú Údarás na Gaeltachta
11:50 am
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
27. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cé mhéad airgid a chuir sí ar fáil d’eagraíochtaí pobalbhunaithe agus comharchumainn Ghaeltachta tríd Údarás na Gaeltachta in 2016 agus 2017; cé mhéad den airgead sin a chaith an t-údarás sa dá bhliain sin faoi seach; cé mhéad atá curtha ar fáil do na heagraíochtaí seo don bhliain 2018; cén ardú a bheidh i gceist do gach eagraíocht; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [9807/18]
Pat Gallagher (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Táimid ag iarraidh am a shábhail chun dhá cheist i nGaeilge a ghlacadh.
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Mar is eol don Teachta Ó Cuív, is tríd phróiseas na Meastachán agus na cáinaisnéise a dhéantar leithdháileadh ar an soláthar airgid a chuirtear ar fáil ar bhonn bliantúil do mo Roinnse agus, go deimhin, do na Ranna Rialtais go léir. Is as an soláthar airgid a chuirtear ar fáil go bliantúil d'Údarás na Gaeltachta faoi fho-mhír C7 de Vóta mo Roinne a chuirtear cúnamh ar fáil d’eagraíochtaí pobalbhunaithe agus comharchumainn Ghaeltachta. Ar ndóigh, ós rud é gur eagraíocht neamhspleách reachtúil í Údarás na Gaeltachta, tuigfidh an Teachta gur faoin eagraíocht féin atá sé breithniú a dhéanamh ar chonas an chistíocht sin a chur chun fónaimh i gcomhthéacs na gcúraimí atá sainithe di, lena n-áirítear na cúraimí a bhaineann leis an bpróiseas pleanála teanga agus le forbairt pobail araon.
Ina thaobh sin, is €3 milliún agus €3.25 milliún a cuireadh ar fáil don údarás faoin bhfómhír áirithe seo in 2016 agus 2017 faoi seach. Ní miste a mheabhrú don Teachta go bhfuil €3.35 milliún curtha ar fáil don údarás faoin bhfómhír seo do 2018. Is ionann sin agus allúntas reatha breise de €100,000 i mbliana.
Maidir leis na comharchumainn Ghaeltachta agus na heagrais phobalbhunaithe, cuireann Údarás na Gaeltachta deontais reáchtála ar fáil dóibh chun a gcláir fhorbartha a chur i bhfeidhm agus cuidiú leo a gcuid costais bainistíochta agus barrchostas a chlúdach. Seo a leanas an briseadh síos ar an gcúnamh ar fad a d’íoc Údarás na Gaeltachta leis na comharchumainn Ghaeltachta agus na heagrais phobalbhunaithe le cuidiú airgid na Roinne in 2016 agus 2017.
Ainm | 2016 | 2017 | Nótaí |
---|---|---|---|
€ | € | ||
Comharchumann Oileán Árainn Mhór Teo | 84,000 | 87,000 | |
Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair Teo | 28,750 | 89,250 | Bhain €28,750 a íocadh in 2017 le 2016. |
Comharchumann Oileán Thoraí Teo | 84,000 | 87,000 | |
Pobal Eascarrach Teo | 33,000 | 36,000 | |
Comharchumann na nOileán Beag Teo(Ancaire) | 40,000 | 32,000 | Íocadh €8,000 in 2016 a bhain le 2015 |
Lár Chomhairle Pharóiste Ghleann Teo | 23,865 | 73,874 | Bhain €23,865 a íocadh in 2017 le 2016. |
Céim Aniar Teo | 54,000 | 57,000 | |
Iomlán Dhún na nGall | 347,615 | 462,124 | |
Comhlacht Forbartha Áitiúil Acla Teo | 69,000 | 71,000 | |
Comhar Dún Chaocháin Teo | 41,000 | 44,000 | |
Coiste Cultúr Teanga & Forbartha Tuar Mhic Éadaigh Teo | 31,350 | 35,000 | |
Comharchumann Forbartha Ionad Deirbhile Teo | 46,250 | 60,000 | Íocadh €10,000 breise leo chun dul i ngleic le costais a thit ar an gcomharchumann de bharr an tragóid a bhain le hingearán R116. |
Iomlán Mhaigh Eo | 187,600 | 210,000 | |
Comharchumann Shailearna Teo | 57,775 | 60,000 | |
Comharchumann Forbartha Árann Teo | 90,750 | 94,000 | |
Comhlacht Forbartha an Spidéil CTR Teo | 31,350 | 35,000 | |
Comhairle Ceantar na nOileán Teo | 48,000 | 51,000 | |
Comhar Caomhán Teo | 88,000 | 87,000 | Bhí sciar i gcomhair pinsin nár íocadh in 2017. |
Comharchumann Dhúiche Sheoigheach Teo | 54,000 | 57,000 | |
Comhar Chuigéal (Leitir Mealláin) Teo | 30,000 | 35,000 | |
Forbairt Pobail Mhaigh Cuilinn Teo | 23,513 | 42,837 | Bhain €7,850 a íocadh in 2017 le 2016. |
Forbairt Chonamara Láir Teo | 52,000 | 56,000 | |
Comharchumann Mhic Dara Teo | 52,000 | 56,000 | |
Comhlacht Forbartha Inis Meáin CTR Teo | 30,000 | 75,000 | Bunaíodh Comhlacht Forbartha Inis Meáin in 2016. Níor íocadh deontas iomlán leo sa mbliain sin. |
Iomlán Ghaillimh | 557,388 | 648,837 | |
Comharchumann Ráth Chairn Teo | 54,000 | 57,000 | |
Iomlán na Mí | 54,000 | 57,000 | |
Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Teo | 71,000 | 71,000 | |
Comharchumann An Leith Triúigh Teo | 52,225 | 57,000 | |
Forbairt na Dromoda Teo | 46,000 | 48,000 | |
Comhchoiste Gaeltachtaí Chiarraí Theas Teo | 53,500 | 58,000 | |
Iomlán Chiarraí | 222,725 | 234,000 | |
Comharchumann Chléire Teo | 84,000 | 87,000 | |
Comharchumann Forbartha Mhúscraí Teo | 42,200 | 47,000 | |
Iomlán Chorcaí | 126,200 | 134,000 | |
Comhlucht Forbartha na nDéise Teo | 50,000 | 52,000 | |
Iomlán Phort Láirge | 50,000 | 52,000 | |
Móriomlán | 1,545,528 | 1,797,961 |
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá an tAire Stáit ag rá mar sin, gur cuireadh €100,000 breise ar fáil faoin bhfomhír sin. Tá 32 eagraíocht pobalbhunaithe agus chomharchumann ann. Is ionann sin agus €3,000 breise dóibh. An bhfuil an tAire Stáit sásta go bhfuil deontas dóthanach acu lena ngnó a dhéanamh go héifeachtach nuair a chuirtear é i gcomparáid, mar shampla, leis an deontas a íoctar leis na community development programmes, CDPs?
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá cuidiú de dhíth amach anseo. Cinnte, tá 32 eagraíocht i gceist. In 2016, bhí €347,615 ar fáil i mo chontae féin, Dún na nGall, agus in 2017, bhí €462,124 ar fáil. I Maigh Eo bhí €187,600 ar fáil in 2016, agus bhí €210,000 ar fáil in 2017. I gceantar an Teachta féin i nGaillimh, bhí €557,388 ar fáil in 2016, agus bhí €648,837 ar fáil in 2017. Sin na figiúirí faoi choinne 2016 agus 2017. Tuigim ón údarás nach bhfuil cinneadh déanta ag an mbord go fóill maidir le leithdháileadh a dhéanamh ar an soláthar.
Seán Ó Fearghaíl (Kildare South, Ceann Comhairle)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá go maith. Tá an t-am istigh. Úsáidfimid an cúpla bomaite atá fágtha chun dul ar aghaidh go tapaidh go dtí Ceist Uimh. 28 in ainm an Teachta Catherine Connolly.