Dáil debates

Wednesday, 28 February 2018

Other Questions

Maoiniú Údarás na Gaeltachta

11:50 am

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta Ó Cuív, is tríd phróiseas na Meastachán agus na cáinaisnéise a dhéantar leithdháileadh ar an soláthar airgid a chuirtear ar fáil ar bhonn bliantúil do mo Roinnse agus, go deimhin, do na Ranna Rialtais go léir. Is as an soláthar airgid a chuirtear ar fáil go bliantúil d'Údarás na Gaeltachta faoi fho-mhír C7 de Vóta mo Roinne a chuirtear cúnamh ar fáil d’eagraíochtaí pobalbhunaithe agus comharchumainn Ghaeltachta. Ar ndóigh, ós rud é gur eagraíocht neamhspleách reachtúil í Údarás na Gaeltachta, tuigfidh an Teachta gur faoin eagraíocht féin atá sé breithniú a dhéanamh ar chonas an chistíocht sin a chur chun fónaimh i gcomhthéacs na gcúraimí atá sainithe di, lena n-áirítear na cúraimí a bhaineann leis an bpróiseas pleanála teanga agus le forbairt pobail araon.

Ina thaobh sin, is €3 milliún agus €3.25 milliún a cuireadh ar fáil don údarás faoin bhfómhír áirithe seo in 2016 agus 2017 faoi seach. Ní miste a mheabhrú don Teachta go bhfuil €3.35 milliún curtha ar fáil don údarás faoin bhfómhír seo do 2018. Is ionann sin agus allúntas reatha breise de €100,000 i mbliana.

Maidir leis na comharchumainn Ghaeltachta agus na heagrais phobalbhunaithe, cuireann Údarás na Gaeltachta deontais reáchtála ar fáil dóibh chun a gcláir fhorbartha a chur i bhfeidhm agus cuidiú leo a gcuid costais bainistíochta agus barrchostas a chlúdach. Seo a leanas an briseadh síos ar an gcúnamh ar fad a d’íoc Údarás na Gaeltachta leis na comharchumainn Ghaeltachta agus na heagrais phobalbhunaithe le cuidiú airgid na Roinne in 2016 agus 2017.

Ainm20162017Nótaí
Comharchumann Oileán Árainn Mhór Teo 84,00087,000
Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair Teo28,75089,250Bhain €28,750 a íocadh in 2017 le 2016.
Comharchumann Oileán Thoraí Teo 84,00087,000
Pobal Eascarrach Teo 33,00036,000
Comharchumann na nOileán Beag Teo(Ancaire)40,00032,000Íocadh €8,000 in 2016 a bhain le 2015
Lár Chomhairle Pharóiste Ghleann Teo23,86573,874Bhain €23,865 a íocadh in 2017 le 2016.
Céim Aniar Teo54,00057,000
Iomlán Dhún na nGall347,615462,124
Comhlacht Forbartha Áitiúil Acla Teo69,00071,000
Comhar Dún Chaocháin Teo41,00044,000
Coiste Cultúr Teanga & Forbartha Tuar Mhic Éadaigh Teo31,35035,000
Comharchumann Forbartha Ionad Deirbhile Teo46,25060,000Íocadh €10,000 breise leo chun dul i ngleic le costais a thit ar an gcomharchumann de bharr an tragóid a bhain le hingearán R116.
Iomlán Mhaigh Eo187,600210,000
Comharchumann Shailearna Teo 57,77560,000
Comharchumann Forbartha Árann Teo90,75094,000
Comhlacht Forbartha an Spidéil CTR Teo31,35035,000
Comhairle Ceantar na nOileán Teo48,00051,000
Comhar Caomhán Teo88,00087,000Bhí sciar i gcomhair pinsin nár íocadh in 2017.
Comharchumann Dhúiche Sheoigheach Teo54,00057,000
Comhar Chuigéal (Leitir Mealláin) Teo30,00035,000
Forbairt Pobail Mhaigh Cuilinn Teo23,51342,837Bhain €7,850 a íocadh in 2017 le 2016.
Forbairt Chonamara Láir Teo52,00056,000
Comharchumann Mhic Dara Teo52,00056,000
Comhlacht Forbartha Inis Meáin CTR Teo30,00075,000Bunaíodh Comhlacht Forbartha Inis Meáin in 2016. Níor íocadh deontas iomlán leo sa mbliain sin.
Iomlán Ghaillimh557,388648,837
Comharchumann Ráth Chairn Teo54,00057,000
Iomlán na Mí54,00057,000
Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Teo71,00071,000
Comharchumann An Leith Triúigh Teo52,22557,000
Forbairt na Dromoda Teo46,00048,000
Comhchoiste Gaeltachtaí Chiarraí Theas Teo

53,50058,000
Iomlán Chiarraí222,725234,000
Comharchumann Chléire Teo 84,00087,000
Comharchumann Forbartha Mhúscraí Teo42,20047,000
Iomlán Chorcaí126,200134,000
Comhlucht Forbartha na nDéise Teo50,00052,000
Iomlán Phort Láirge50,00052,000
Móriomlán1,545,5281,797,961
Tuigim ón Údarás nach bhfuil cinneadh déanta ag an mBord go fóill maidir le leithdháileadh a dhéanamh ar an soláthar méadaithe atá curtha ar fáil i mbliana.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.