Dáil debates

Tuesday, 23 January 2018

Ceisteanna - Questions (Resumed) - Other Questions

Údarás na Gaeltachta Properties

5:35 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

74. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht the status of the empty buildings held by Údarás na Gaeltachta. [3088/18]

Photo of Pat GallagherPat Gallagher (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

5 o’clock

With the permission of the House, I will take Question No. 74, in the name of Deputy Connolly, at this point. Tógfaimid an cheist seo as ord ós rud é go bhfuil cruinniú ag an Teachta Connolly mar Chathaoirleach ar Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ba mhaith liom mo leithscéal a ghabháil leis an Teachta Clare Daly ós rud é go bhfuil mé ag cur isteach uirthi. Baineann an cheist seo leis na foirgnimh de chuid Údarás na Gaeltachta atá folamh faoi láthair. Tá a fhios agam go bhfuil beagáinín dul chun cinn déanta, ach tuigim go bhfuil níos mó ná 100 foirgneamh fós folamh. Cén fáth an bhfuil siad folamh? Tá cuid acu i gceantair Gaeltachta ar fud na tíre folamh ó bhí 2002 ann.

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cé gur cuireadh an cheist seo trí Bhéarla, tá mé sásta í a fhreagairt trí Ghaeilge. Tuigim, de réir na sonraí atá faighte agam ó Údarás na Gaeltachta, go bhfuil 106 ionad iomlán faoi chumhacht an údaráis folamh faoi láthair. Tá 63 de na hionaid sin fóirsteanach fá choinne na comhlachtaí agus tá siad ar fáil faoi láthair. Is féidir liom an 106 ionad folamh a bhriseadh síos thar na contaetha Gaeltachta a leanas: Dún na nGall, 46; Maigh Eo, 19; Gaillimh, 32; Ciarraí, 7; Corcaigh, 1; Port Láirge, 0; agus an Mhí, 1. Tuigim go bhfuil obair ag dul ar aghaidh san údarás, leis an infheistíocht chuí, chun na foirgnimh éagsúla a athchóiriú. Beidh siad ar fáil de réir mar a bheidh airgead breise á dháileadh tríd an mbuiséad caipitil i mbliana.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhí an cheist seo i mBéarla, ach bhí an dhá cheist eile i nGaeilge. Chuir mé an cheist seo síos don chéad uair i mí an Mheithimh 2017. Ag an am sin, cuireadh in iúl dom go raibh 517 foirgneamh i gceist agus go raibh 117 dóibh folamh. Nuair a chuir mé ceist eile i mí na Samhna 2017, bhí sé soiléir go raibh dul chun cinn déanta. Tá sé sin admhaithe agam. Tá 106 foirgneamh folamh faoi láthair. Cé go bhfuil dul chun cinn déanta, ní mór ná sásta atá mé go bhfuil foirgnimh ann atá folamh ag dul siar go dtí 2002. Níl mé chun iad a lua san am gearr atá agam. Tá a fhios ag an Aire Stáit, níos mó ná mé féin, go bhfuil géarchéim sna Gaeltachtaí uilig ó thaobh cúrsaí fostaíochta agus imirce. Feicim go bhfuil níos mó ná 100 foirgneamh folamh, agus 60% dóibh réidh le ligean. Tá beart práinneach ag teastáil, i mo thuairim.

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Aontaím leis an Teachta agus tuigim an cheist atá curtha chun cinn aici. Nuair atá foirgnimh folamh sna ceantair éagsúla, tá sé de dhualgas orainn comhlachtaí a fháil dóibh. Tá sonraí faighte agam tríd mo oifig maidir le líon na ndaoine atá ag smaoineamh ar athlonnú go dtí na ceantair iargúlta Gaeltachta. Is í an fhadhb i mo cheantar féin agus i gceantair eile nach bhfuil mórán de na foirgnimh réidh fá choinne na comhlachtaí a bheadh ag iarraidh bogadh isteach iontu. Agus é sin ráite, tá mórán foirgnimh ar fáil. Ba mhaith liom teachtaireacht a thabhairt chuig gach éinne sa tír atá ag smaoineamh ar na foirgnimh folamh seo a úsáid. Tá sé tábhachtach a rá leo go bhfuil tacaíocht ar fáil ó oifigigh de chuid Údarás na Gaeltachta. Ag an deireadh seachtaine, bhí mé i láthair ag lainseáil an inneall dóiteáin nua i mBaile na nGallóglach i mo cheantar féin. Tháinig an t-inneall dóiteáin ón Spidéal, i gContae na Gaillimhe. Tháinig sé ón tSualainn i dtús, ach chuir comhlacht sa Spidéal trealamh breise air ar chostas €400,000. Is sampla é sin den chaighdeán thar barr atá ar fáil sna ceantair Gaeltachta. Aontaím leis an Teachta gur cheart dúinn teachtaireacht dhearfach a thabhairt dóibh siúd atá ag smaoineamh ar ghnó a lonnú sa Ghaeltacht nó ar bogadh ar ais go dtí an Ghaeltacht.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá 60% de na foirgnimh folamh réidh le ligean. Tá an caighdeán ann. Tá sé admhaithe sna freagraí atá luaite agam go bhfuil siad réidh le ligean. Is acmhainn iontach iad na foirgnimh seo. Ní féidir le éinne a bheith sásta. Tá foirgnimh i gCasla, i gContae na Gaillimhe, atá réidh le ligean tar éis dóibh a bheith folamh ó bhí 2008 agus 2015 ann. Tá athchóiriú ag teastáil ar fhoirgneamh ar an gCeathrú Rua atá folamh ó bhí 2005 ann. D'fhéadfainn leanacht ar aghaidh, ach ní hé sin mo phointe. Ba chóir breathnú ar na hionaid seo mar acmhainn. An bhfuil foireann breise ag teastáil? An bhfuil acmhainní ag teastáil? An bhfuil scéim cumarsáide ag teastáil chun é a chur in iúl go bhfuil na hacmhainní seo ar fáil? Tá sé tábhachtach béim a chur orthu mar acmhainn. Tá go leor acmhainní ag dul i dtreo IDA Ireland, ach tá easpa airgid i gceist i gcás Údarás na Gaeltachta. Ó tharla go bhfuil breis is 100 foirgneamh folamh, agus 60% dóibh réidh le ligean, ní mór dúinn plean práinneach a chur le chéile.

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ba mhaith liom a shoiléiriú go bhfuil níos mó ná 500 foirgneamh ar fáil sna ceantair Gaeltachta. Tá 106 dóibh, nó thart ar 20%, folamh faoi láthair. B'fhearr liom 0% a lua mar fhigiúr ná 20% ós rud e go gciallódh sé go bhfuil achan fhoirgneamh agus achan ionad thar a bheith gnóthach. Tá súil agam go bhfuil sé soiléir anois nach bhfuil ach 20% den 511 foirgneamh atá faoi chumhacht Údarás na Gaeltachta folamh. Ba mhaith liom a rá arís inniu, mar theachtaireacht acu siúd taobh amuigh den Ghaeltacht atá ag smaoineamh ar iad féin a lonnú sa Ghaeltacht nó bogadh ar ais sa Ghaeltacht, go bhfuil spás ann. Is é an rud is mó ná an caighdeán agus an taithí atá ag oifigigh an údaráis. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leo. Tá na foirgnimh acu. Tá siad ag obair go dian dícheallach ar son na comhlachtaí a bheidh lonnaithe sa Ghaeltacht.