Dáil debates

Tuesday, 7 March 2017

5:25 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

27. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cén dul chun cinn atá déanta aici maidir le clár caipitil na Roinne don Ghaeltacht agus do na hoileáin a chur i bhfeidhm; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [11358/17]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is léir ag an am seo cheana féin nach gcaithfidh an tAire Stáit an méid atá leagtha amach do ché Inis Oírr ar an gcé sin i mbliana. Cad iad na pleananna malartacha atá ag an Aire Stáit leis an airgead sin a chaitheamh? Má chaith sé €300,000 ar Inis Oírr, sin an méid a chaith sé. Céard atá sé le dul a dhéanamh agus cén uair a bhfuil sé le dul a fhógairt? Beidh sé ró-dheireanach é a dhéanamh sa dara leath den bhliain.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ag tagairt do na hoileáin ar dtús, is féidir liom a dheimhniú don Teachta go bhfuil iarrtha ag mo Roinn ar údaráis áitiúla ábhartha moltaí maidir le tograí caipitil a bhféadfaí a chur i gcrích in 2017 a chur faoi bhráid an Aire d’fhonn iad bheith comh-mhaoinithe ag mo Roinn. Ach moltaí na n-údarás áitiúla a bheith faighte, déanfar iad a mheas i gcomhthéacs an tsoláthair airgid atá ar fáil dom agus na n-éileamh ar an soláthar sin.

Anuas air sin, tá iarrtha agam ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe dul ar aghaidh i mbliana leis an obair phleanála don fhorbairt ar ché Inis Oírr i gContae na Gaillimhe. Faoin socrú idir an comhairle contae agus an Roinn, cuirfear tús in athuair leis an obair chomhairleoireachta i ndáil leis an tionscadal a phleanáil. Tá iarrtha agam chomh maith ar oifigigh mo Roinne dul i dteagmháil leis an gcomhairle contae maidir leis an réamh-obair a bheidh i gceist chun an fhorbairt ar chéim 3 de ché an Chalaidh Mhóir in Inis Meáin a thabhairt chun cinn i mbliana.

Maidir le clár caipitil don Ghaeltacht, cuireann mo Roinn cúnamh ar fáil a bhfuil sé mar chuspóir aige an Ghaeilge a threisiú mar theanga phobail agus teaghlaigh sa Ghaeltacht i gcomhréir le cuspóirí na Roinne agus na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge.  Is féidir cúnamh a chur ar fáil le cabhrú leis na costais a bhaineann le háiseanna pobail agus teanga a athchóiriú nó a fhorbairt agus le trealamh áirithe a sholáthar. Is coistí agus eagrais phobalbhunaithe a fheidhmíonn trí Ghaeilge sa Ghaeltacht a aithnítear go hiondúil faoin gclár. Tá buiséad de €1.422 milliún ar fáil do na tograí seo in 2017.

Ar ndóigh, tá clár caipitil ag Údarás na Gaeltachta chomh maith le haghaidh fostaíocht sa Ghaeltacht a chaomhnú agus a fhorbairt. Fuarthas €1 milliún breise i maoiniú caipitil aonuaire don údarás mar chuid de Mheastacháin Athbhreithnithe 2016 agus bhí áthas orm gur coinníodh an leibhéal maoinithe seo do 2017. Dar ndóigh, bhí mé an-sásta gur éirigh liom allúntas breise de €2.4 milliún a fháil do bhuiséad caipitil an údaráis anuraidh chomh maith. Táim sásta go gcuideoidh an cistiú breise seo leis an údarás poist a choinneáil ina chliantchuideachtaí sa Ghaeltacht agus tuilleadh infheistíochta a mhealladh go ceantair Ghaeltachta.  Tuigim go bhfuil sé mar sprioc ag an údarás 500 post úr a chruthú sa Ghaeltacht in 2017.

5:35 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Maidir leis an údarás, de bharr nach gcaithfear an t-airgead Leader, beidh an tAire Stáit in ann teacht ar chiste mór ansin freisin ag deireadh na bliana agus beidh sé in ann breathnú amach don údarás. Idir an dá linn, an bhfuil an tAire Stáit ag rá go bhfuil sé tar éis iarraidh ar na comhairlí contae pleananna gur fiú €1.5 milliún iad i mbliana a chur chuige maidir le tograí oileánda taobh amuigh den dhá ché. Fáiltím roimh an rud atá ráite faoin dhá ché. Ag glacadh leis go gcaithfidh an tAire Stáit €500,000 ar chéanna Inis Meáin agus Inis Oírr - tá €100,000 cheana féin ag Comhairle Chontae na Gaillimhe d'Inis Meáin - ó thaobh pleanáil de i mbliana, an €1.5 milliún atá i gceist aige a chaitheamh ar thograí beaga oileánda i mbliana? An mbeidh scéim na mbóithre áise ar ais i mbliana? An mbeidh scéim na mbóithre portaigh agus scéim na gcéibheanna beaga ar ais i mbliana freisin? Tá farasbharr airgid ag an Aire Stáit agus tá farasbharr ollmhór airgid ag an Aire Stáit taobh leis agus ag an Aire féin de bharr nach gcaithfidh Leader an t-airgead atá ann i mbliana?

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá mé ag coinneáil súil ar an mbuiséad agus beidh sé caite i mbliana. Déanfaimid cinnte é sin a dhéanamh. Tá iarratas curtha amach do na comhairlí áitiúil ag iarraidh cláir do na hoileáin. Beimid sásta an chuid is mó den airgead a íoc agus a chaitheamh ar na hoileáin. Chaith muid €600,000 an bhliain seo caite. Tá muid ag fanacht do na tograí go léir ó na hoileáin agus beidh muid ag breathnú ansin ar na figiúirí. Ó thaobh scéim na mbóithre áise agus scéim na gcéibheanna beaga, níl aon pleananna ann ag an am seo chun breathnú orthu. Ag an am céanna, i gcomhthéacs an méid airgid atá le caitheamh agus atá caite i rith na mbliana, déanfaimid athbhreithniú ar an gcinneadh sin. Tá a fhios agam go bhfuil a lán bóithre ann atá go dona agus nach bhfuil faoi chumhacht an chomhairle contae, ach ag an am seo tá muid ag breathnú ar na hoileáin amháin.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar chuir an tAire Stáit treoir airgid leis an iarratas chuig na comhairlí contae ó thaobh na n-oileán de. Ar ndúirt sé leo, "Tá an méid seo airgid ann; cuir moltaí chugam" nó ar ndúirt sé amháin moltaí a chur chuige. Céard faoi na bóithre pobail agus na bóithre portaigh? Tá fadhb ollmhór ag daoine dul isteach sna portaigh. Tá a fhios ag an tAire Stáit faoi bhóthair portaigh Sheana na bhFáthach ach tá go leor coda eile. An mbeidh an tAire Stáit sásta breathnú ar chomhmhaoiniú a dhéanamh ar bhóthair Dhoire Fhatharta i mbliana má bhíonn airgead fágtha ag an Aire sinsearach leath bealach tríd an bhliain agus má bhíonn sí sásta é a chur ar fáil don Aire Stáit? Beidh airgead fágtha aici. An mbeidh an tAire Stáit breathnú ar na bóithre straitéiseacha? Má thuig mé ceart é, dúirt sé go mbeidh sé sásta breathnú níos deireanaí sa mbliain ar na céibheanna, ach beidh sé cineál deireanach, agus ar na bóithre áise. Cuireadh faitíos orm go mbeidh sé ró-dheireanach sa mbliain. Seo í an fhadhb. An dtuigeann an tAire Stáit an fhadhb? Céard atá sé le dul a dhéanamh le déanamh cinnte go ndéanfar na cinnte sách luath i mbliana leis an airgead a chaitheamh? Mar is eol don Aire Stáit agus don t-é atá in aice leis, tar éis deireadh na bliana níor caitheadh oiread is pingin den €28 milliún a thug siad do na comhairlí contae roimh dheireadh na bliana.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá a fhios agam nuair a bhí an Teachta ina Aire go bhfuair Comhairle Chontae na Gaillimhe airgead deireanach sa bhliain freisin agus bhí sé deacair é a chaitheamh.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhí sé caite

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Sin ceann de na fadhbanna.

Tá mé cinnte go mbeidh an t-airgead caite. Nuair atá na freagraí faighte ar ais againn ó na comhairlí áitiúla ó thaobh na n-oileán, beidh níos mó eolais agam ansin chun cinneadh a dhéanamh agus chun a bheith cinnte go mbeidh an t-airgead caite. Tá a fhios agam go bhfuil a lán rudaí sa Ghaeltacht nach mbaineann leis na hoileáin ar a bheadh muid in ann é a chaitheamh. Déanaim geallúint don Teachta go mbeidh sé caite. Tá sé sin cinnte.