Dáil debates

Tuesday, 7 March 2017

Other Questions

Cistiúchán Roinne

5:25 pm

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Ag tagairt do na hoileáin ar dtús, is féidir liom a dheimhniú don Teachta go bhfuil iarrtha ag mo Roinn ar údaráis áitiúla ábhartha moltaí maidir le tograí caipitil a bhféadfaí a chur i gcrích in 2017 a chur faoi bhráid an Aire d’fhonn iad bheith comh-mhaoinithe ag mo Roinn. Ach moltaí na n-údarás áitiúla a bheith faighte, déanfar iad a mheas i gcomhthéacs an tsoláthair airgid atá ar fáil dom agus na n-éileamh ar an soláthar sin.

Anuas air sin, tá iarrtha agam ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe dul ar aghaidh i mbliana leis an obair phleanála don fhorbairt ar ché Inis Oírr i gContae na Gaillimhe. Faoin socrú idir an comhairle contae agus an Roinn, cuirfear tús in athuair leis an obair chomhairleoireachta i ndáil leis an tionscadal a phleanáil. Tá iarrtha agam chomh maith ar oifigigh mo Roinne dul i dteagmháil leis an gcomhairle contae maidir leis an réamh-obair a bheidh i gceist chun an fhorbairt ar chéim 3 de ché an Chalaidh Mhóir in Inis Meáin a thabhairt chun cinn i mbliana.

Maidir le clár caipitil don Ghaeltacht, cuireann mo Roinn cúnamh ar fáil a bhfuil sé mar chuspóir aige an Ghaeilge a threisiú mar theanga phobail agus teaghlaigh sa Ghaeltacht i gcomhréir le cuspóirí na Roinne agus na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge.  Is féidir cúnamh a chur ar fáil le cabhrú leis na costais a bhaineann le háiseanna pobail agus teanga a athchóiriú nó a fhorbairt agus le trealamh áirithe a sholáthar. Is coistí agus eagrais phobalbhunaithe a fheidhmíonn trí Ghaeilge sa Ghaeltacht a aithnítear go hiondúil faoin gclár. Tá buiséad de €1.422 milliún ar fáil do na tograí seo in 2017.

Ar ndóigh, tá clár caipitil ag Údarás na Gaeltachta chomh maith le haghaidh fostaíocht sa Ghaeltacht a chaomhnú agus a fhorbairt. Fuarthas €1 milliún breise i maoiniú caipitil aonuaire don údarás mar chuid de Mheastacháin Athbhreithnithe 2016 agus bhí áthas orm gur coinníodh an leibhéal maoinithe seo do 2017. Dar ndóigh, bhí mé an-sásta gur éirigh liom allúntas breise de €2.4 milliún a fháil do bhuiséad caipitil an údaráis anuraidh chomh maith. Táim sásta go gcuideoidh an cistiú breise seo leis an údarás poist a choinneáil ina chliantchuideachtaí sa Ghaeltacht agus tuilleadh infheistíochta a mhealladh go ceantair Ghaeltachta.  Tuigim go bhfuil sé mar sprioc ag an údarás 500 post úr a chruthú sa Ghaeltacht in 2017.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.