Dáil debates

Tuesday, 31 January 2017

Ceisteanna - Questions (Resumed) - Priority Questions

Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge

5:30 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

47. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cá mhéad airgid a d’íoc a Roinn agus Údarás na Gaeltachta faoi seach le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh (Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge san áireamh) anuraidh; cén méid atá geallta don bhliain seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [4316/17]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Aire Stáit, bhí airgead nach beag á thabhairt ag Údarás na Gaeltachta agus ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta do Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge le cúrsaí trí Ghaeilge a fhorbairt. An bhfuil an tAire Stáit, tríd an Roinn agus an t-údarás, ag leanúint leis an bpolasaí sin? An bhfuil sé ag tabhairt tacaíochta do Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, le cúrsaí trí Ghaeilge a chur ar fáil?

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhunaigh Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, OÉG, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge le hoibleagáid na hollscoile oideachas tríú-leibhéal trí mheán na Gaeilge a fhorbairt.  Theastaigh uathu cur chuige níos saindírithe agus níos straitéisí a fhorbairt chun cúrsaí trí mheán na Gaeilge agus gníomhaíochtaí taighde a fhorbairt ar bhealach inmharthana agus chun pobail Ghaeilge a chaomhnú sa Ghaeltacht. Comhoibríonn an tAcadamh le dámha, le ranna agus le hoifigí eile na hollscoile chun forbairt a dhéanamh ar raon agus ar líon na gcúrsaí a chuirtear ar fáil trí Ghaeilge ar champas na hollscoile i nGaillimh agus sa Ghaeltacht. I gcomhréir le socrú a rinneadh i gcomhar le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge OÉG agus leis an Údarás um Ard-Oideachas in 2015, ceadaíodh allúntas gur fiú €2.7 milliún san iomlán - €900,000 in aghaidh na bliana acadúla - le leithdháileadh ar an Acadamh i leith na mblianta acadúla 2015-16, 2016-17 agus 2017-18. Tá an t-allúntas seo ceadaithe don Acadamh le cumasú dóibh leanúint orthu ag soláthar raon cúrsaí trí mheán na Gaeilge sna hionaid Ghaeltachta atá faoina scáth, is iad sin, An Cheathrú Rua, Carna agus Gaoth Dobhair.

Faoi réir na gcoinníollacha a cuireadh leis an allúntas sin, íocadh €1.2 milliún san iomlán leis an Údarás um Ard-Oideachas in 2016 le dáileadh ar an Acadamh i leith na mblianta acadúla 2015-16 agus 2016-17. Déanfar íocaíocht eile leo in 2017 nuair a thagann éileamh ina leith agus an Roinn a bheith sásta go bhfuil na coinníollacha ábhartha a cuireadh leis an gceadú comhlíonta go sásúil. 

In éindí leis an allúntas bliantúil de €900,000, tá €57,000 san iomlán ceadaithe ag Údarás na Gaeltachta don Acadamh i dtreo chostas reáchtála an chúrsa dioplóma sa phleanáil teanga agus buanú teanga agus tá €36,000 de seo íoctha leo ó 2015 i leith. Ina theannta sin, tá €37,125 ceadaithe ag Údarás na Gaeltachta mar chabhair chun na costais a bhaineann leis an gcúrsa dioplóma sa chultúr dúchais a sheasamh agus táthar ag súil leis go n-íocfar é seo i mbliana.

Íocadh suim de €321,368 le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh faoi na scéimeanna tacaíochta Gaeilge i 2016. Tá suim de €305,114 ceadaithe i leith na bliana acadúil 2016-17 agus tá €154,500 de sin íoctha agus san áireamh san suim a híocadh leo i 2016.

Additional information not given on the floor of the House.

Cuireadh an maoiniú seo ar fáil tríd an Údarás um Ard-Oideachas faoi na Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge chun sraith de shainchúrsaí tríú leibhéal i nGaeilge, atá á gcur ar fáil ag Ollscoil na hÉireann Gaillimh agus atá dírithe ar riachtanais an Aontais Eorpaigh do phoist a dteastaíonn ardchumas Gaeilge ina leith, a sholáthar.

Tagann sé seo ar fad ar ndóigh leis an obair leanúnach atá ar bun ag mo Roinn i gcomhpháirtíocht le raon leathan páirtithe leasmhara, an tAcadamh agus Údarás na Gaeltachta ina measc, chun cúram a dhéanamh de chur i bhfeidhm na réimsí gnímh faoi leith den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 atá ábhartha sa chás seo, sé sin, an tOideachas agus an Ghaeltacht.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá mé ag iarraidh na figiúirí sin ar fad a thabhairt liom, ach breathnaíonn sé go bhfuil thart ar €1.5 milliún á thabhairt idir an t-údarás agus an Roinn. As vóta na Roinne ar fad a thagann sé sa deireadh do Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Ag éirí as sin, ba mhaith liom ceist a chur ar an Aire Stáit. An gceapann sé go mbeadh sé sásúil nach mbeadh uachtarán Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, in ann gnó a dhéanamh leis an Acadamh agus leis an Roinn trí mheán na Gaeilge? An bhfuil i gceist ag an Aire Stáit aon rud a dhéanamh faoi sin?

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá a fhios agam go bhfuil Bille foilsithe ag an Teachta ar an ábhar sin agus sílim go mbeimid ag déanamh plé ar an mBille sin go luath. Mar is eol don Teachta, tá Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, faoi oibleagáid ag an Rialtas faoi fhorálacha ailt in Acht an Choláiste Ollscoile, Gaillimh le cúrsaí tríú-leibhéil trí mheán na Gaeilge a fhorbairt agus a sholáthar. Is é misean Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ceannródaíocht a spreagadh agus a léiriú i measc phobal na Gaeilge sa Ghaeltacht agus laismuigh de, ceannródaíocht a chuirfidh le forbairt sóisialta, cultúrtha, eacnamaíochta agus teanga an phobail sin agus pobal na tíre trí chéile. Ní ceist í cumas Gaeilge an uachtaráin do mo Roinn, ach tuigim go bhfuil an Teachta ag cruthú leasú, mar a dúirt mé, faoi sin. Ó thaobh an eolais atá agam, phléigh coiste stiúrtha na hollscoile an cheist seo le déanaí. Tá sé ráite go dteastaíonn a lán scileanna chun post uachtaránach a dhéanamh agus, mar gheall ar easpa iomaíochta sa chomórtas deireanach, rinneadh cinneadh an polasaí sin a athrú.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ón bhliain 1929 i leith, bhí Gaeilge ag uachtarán Coláiste na hOllscoile, Gaillimh, mar a bhí sé ag an am, nó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, mar atá sé i láthair na huaire. Tháinig forás agus forbairt ar an ollscoil i gcaitheamh na hama sin. Ní dóigh liom go ndéarfadh éinne go ndearna an t-uachtarán atá ann faoi láthair drochjab sa phost a bhí le déanamh aige. Iarraim ar an Aire Stáit agus ar an Rialtas tacaíocht a thabhairt do mo Bhille nuair a thiocfaidh sé faoi bhráid na Dála. An gcinnteoidh siad go mbeidh ar a laghad institiúid tríú leibhéal amháin sa tír ina bhfuil rath ar an dá theanga? Is é seo an dream is oilte agus is mó oideachais sa tír. An mbeidh an Rialtas ag tacú leis an Dáil le cinntiú go mbeidh Gaeilge ag ar a laghad uachtarán d'aon cheann amháin de na coláistí ar fud na tíre, sé sin Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, a bhfuil cúram faoi leith uirthi i leith na Gaeilge?

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá cinneadh le déanamh ag an Aire Oideachais agus Scileanna, an Teachta Bruton, faoin cheist seo. Níl a fhios agam cén uair a bheidh an Bille atá curtha chun cinn ag an Teachta os comhair na Dála. Cé gur príomhcheist don ollscoil í an cheist seo, ní bheidh aon athrú ar an bpolasaí atá san ollscoil an Ghaeilge a chur chun cinn. Beag beann ar an gcinneadh a dhéantar, beidh an polasaí maidir leis an nGaeilge a chur chun cinn lárnach san ollscoil amach anseo. Mar is eol don Teachta, tá institiúidí ag an ollscoil i gCarna, ar an gCeathrú Rua agus i nGaoth Dobhair atá lárnach ó thaobh an Ghaeilge. Beidh na haonaid láidir seo ag brú ar aghaidh leis an nGaeilge. Ó thaobh uachtaránacht Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, is príomhcheist í sin don Aire, an Teachta Bruton, agus freisin do bhord stiúrtha na hollscoile.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is ceist í d'Aire Stáit na Gaeltachta freisin.