Dáil debates

Tuesday, 31 January 2017

Ceisteanna - Questions (Resumed) - Priority Questions

Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge

5:30 pm

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Bhunaigh Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, OÉG, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge le hoibleagáid na hollscoile oideachas tríú-leibhéal trí mheán na Gaeilge a fhorbairt.  Theastaigh uathu cur chuige níos saindírithe agus níos straitéisí a fhorbairt chun cúrsaí trí mheán na Gaeilge agus gníomhaíochtaí taighde a fhorbairt ar bhealach inmharthana agus chun pobail Ghaeilge a chaomhnú sa Ghaeltacht. Comhoibríonn an tAcadamh le dámha, le ranna agus le hoifigí eile na hollscoile chun forbairt a dhéanamh ar raon agus ar líon na gcúrsaí a chuirtear ar fáil trí Ghaeilge ar champas na hollscoile i nGaillimh agus sa Ghaeltacht. I gcomhréir le socrú a rinneadh i gcomhar le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge OÉG agus leis an Údarás um Ard-Oideachas in 2015, ceadaíodh allúntas gur fiú €2.7 milliún san iomlán - €900,000 in aghaidh na bliana acadúla - le leithdháileadh ar an Acadamh i leith na mblianta acadúla 2015-16, 2016-17 agus 2017-18. Tá an t-allúntas seo ceadaithe don Acadamh le cumasú dóibh leanúint orthu ag soláthar raon cúrsaí trí mheán na Gaeilge sna hionaid Ghaeltachta atá faoina scáth, is iad sin, An Cheathrú Rua, Carna agus Gaoth Dobhair.

Faoi réir na gcoinníollacha a cuireadh leis an allúntas sin, íocadh €1.2 milliún san iomlán leis an Údarás um Ard-Oideachas in 2016 le dáileadh ar an Acadamh i leith na mblianta acadúla 2015-16 agus 2016-17. Déanfar íocaíocht eile leo in 2017 nuair a thagann éileamh ina leith agus an Roinn a bheith sásta go bhfuil na coinníollacha ábhartha a cuireadh leis an gceadú comhlíonta go sásúil. 

In éindí leis an allúntas bliantúil de €900,000, tá €57,000 san iomlán ceadaithe ag Údarás na Gaeltachta don Acadamh i dtreo chostas reáchtála an chúrsa dioplóma sa phleanáil teanga agus buanú teanga agus tá €36,000 de seo íoctha leo ó 2015 i leith. Ina theannta sin, tá €37,125 ceadaithe ag Údarás na Gaeltachta mar chabhair chun na costais a bhaineann leis an gcúrsa dioplóma sa chultúr dúchais a sheasamh agus táthar ag súil leis go n-íocfar é seo i mbliana.

Íocadh suim de €321,368 le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh faoi na scéimeanna tacaíochta Gaeilge i 2016. Tá suim de €305,114 ceadaithe i leith na bliana acadúil 2016-17 agus tá €154,500 de sin íoctha agus san áireamh san suim a híocadh leo i 2016.

Additional information not given on the floor of the House.

Cuireadh an maoiniú seo ar fáil tríd an Údarás um Ard-Oideachas faoi na Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge chun sraith de shainchúrsaí tríú leibhéal i nGaeilge, atá á gcur ar fáil ag Ollscoil na hÉireann Gaillimh agus atá dírithe ar riachtanais an Aontais Eorpaigh do phoist a dteastaíonn ardchumas Gaeilge ina leith, a sholáthar.

Tagann sé seo ar fad ar ndóigh leis an obair leanúnach atá ar bun ag mo Roinn i gcomhpháirtíocht le raon leathan páirtithe leasmhara, an tAcadamh agus Údarás na Gaeltachta ina measc, chun cúram a dhéanamh de chur i bhfeidhm na réimsí gnímh faoi leith den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 atá ábhartha sa chás seo, sé sin, an tOideachas agus an Ghaeltacht.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.