Dáil debates

Thursday, 7 July 2016

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Seirbhísí Aeir Fóirdheonaithe

5:50 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

3. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht céard iad na socruithe atá déanta lena chinntiú go mbeidh aersheirbhís chuig Oileáin Árann as seo go ceann cúig bliana agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh [20107/16]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá a fhios agam théis domsa an cheist seo a chur síos gur phléigh muid an cheist seo ag cruinniú a d'eagraigh an t-Aire Stáit sna Forbacha. B'fhéidir go bhféadfadh sé a rá liomsa agus leis an Teach an bhfuil aon dul chun cinn déanta idir an dá linn agus cá seasaimid i láthair na huaire maidir leis an seirbhís aeir go hOileáin Árann.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Phléigh muid an cheist seo Dé Luain, mar a dúirt an Teachta. Tá a lán den eolas seo aige cheana ach léifidh mé an píosa deireanach den fhreagra. Sa phróiseas tairisceana atá ar siúl ag mo Roinn faoi láthair, tá tairiscintí á lorg do sheirbhís aeir d’Oileáin Árann don tréimhse 1 Deireadh Fómhair 2016 go dtí 30 Meán Fómhair 2020. Is é Aerfort na Mine amháin atá luaite mar phointe imeachta ar an mórthír san iarratas ar thairiscintí atá eisithe. Tá mo Roinn, i láthair na huaire, ag iarraidh teacht ar chomhaontú le bainistíocht na saoráidí sin a chuimseoidh rochtain ar na saoráidí mar aon leis an leibhéal táillí a bheidh iníoctha. Ní mór, mar a luaigh mé leis an Teachta i m'fhreagra ar Cheist Uimhir 29 uaidh ar 1 Meitheamh 2016, na rialacha maidir le tras-fhóirdheonú agus Státchabhair a shásamh sa phróiseas seo uile.

Tá spriocdháta de 15 Iúil 2016 leagtha síos chun tairiscintí bheith faighte don tseirbhís aeir. Ar ndóigh, murar féidir teacht ar chomhaontú le húinéir Aerfort na Mine roimh an spriocdháta sin, ní bheidh ar chumas mo Roinne-se dul ar aghaidh leis an próiseas tairisceana.

Táimid fós ag plé na ceiste seo le húinéir Aerfort na Mine. Tá a fhios ag an Teachta go bhfuil mo Roinn ag déanamh chuile rud a theastaíonn. Tá siad ag plé na ceiste seo leis an úinéir le trí mhí go leith anuas agus táimid dóchasach go mbeidh sí socraithe ach níl sí socraithe fós. Is é 15 Iúil an spriocdháta agus beidh an conradh mar atá ag críochnú ag deireadh Mheán Fómhair. Níl mé in ann a rá go mbeidh an cheist socraithe ach táimid ag obair uirthi agus táimid dóchasach go mbeidh sí.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

B'fhéidir go bhféadfadh an tAire Stáit a chur ar thaifead na Dála go bhfuil an ceart agam gurb é an staid ina bhfuil muid ná go bhfuil tairiscint déanta ag an Roinn chuig comhlacht bhainistíochta an aerfoirt, nár ghlacadh leis sin agus go bhfuil comhairle ag an Roinn nach féidir léi dul níos faide ó thaobh tairiscint níos fearr a dhéanamh agus dáiríre go gcaithfidh lucht bainistíochta an aerfoirt cinneadh a dhéanamh an bhfuil siad sásta glacadh leis an tairiscint nó ab é nach bhfuil siad sásta an t-aerfort a chur ar fáil. Ón méid atá an tAire Stáit ag rá, creidim - agus b'fhéidir go bhféadfadh sé é seo a dheimhniú - go bhfuil an t-am ag éirí an-ghearr agus go bhfuil gá le socrú anois agus nach féidir leis seo leanacht ar aghaidh.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an ceart ag an Teachta go bhfuil síneadh curtha leis an spriocdháta faoi dhó cheana. Níl a fhios agam an mbeimid in ann síneadh eile a chur leis. Táimid ag fáil comhairle ó Oifig an Ard-Aighne. Tá sise ag coinneáil súil air seo. Tá sé fíorchasta, mar atá a fhios ag an Teachta, ach táimid ag plé na ceiste le húinéir Aerfort na Mine. Níl aon chinneadh déanta fós.

Níl ach an t-aerfort sin ar fáil. Ní raibh muintir Árann sásta leis an aerfort ar an gCarn Mór agus ní raibh sé ar fáil ar feadh thréimhse an chonartha ar aon nós. Sin an fáth go ndeachaigh muid ar aghaidh le hAerfort na Mine agus táimid ag plé na ceiste seo ar le trí mhí go leith anuas chun teacht ar socrú le húinéir an aerfoirt ach níor éirigh linn fós.

Táimid ag déanamh chuile rud agus táimid ag plé na ceiste. Níl cinneadh déanta againn ach coinneoimid orainn go dtí an spriocdháta. Is é an rud is tábhachtach ná go mbeidh seirbhís aeir ann do mhuintir Árann sa gheimhridh i ndiaidh 30 Meán Fómhair.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim go bhfuil an tAire Stáit ag déanamh a dhícheall teacht ar réiteach na faidbhe seo. B'fhéidir go bhféadfadh sé a dheimhniú dom an bhfuil sé, mar a thuigim, ag obair de réir treoir Oifig an Ard-Aighne agus Oifig an phríomh-aturnae stáit sa mhéid gur féidir leis a dhéanamh. An bhfuil sé srianta leis sin? Nílim ag iarraidh air a rá céard go baileach iad na srianta atá air, ach a rá go bhfuil srianta agus go gcaithfidh sé glacadh lena gcomhairle.

Chomh maith leis sin, ag glacadh leis gur féidir leis an Aire Stáit teacht ar chomhréiteach le húinéirí an aerfoirt, an bhfuil sé sásta breathnú ar na pointí atá ardaithe ag Coiste Cosanta Aersheirbhís Árainn ina litir ó 4 Meitheamh, nuair a chuir siad ceist maidir le táillí agus caighdeán na seirbhíse, atá neamhspleách ón gceist seo ar fad?

6 o’clock

Mar is eol don Aire Stáit maidir le na táillí atá molta, tá go leor daoine den tuairim agus bheadh mise den tuairim go mbeadh sé thar a bheith daor do na hoileánaigh teacht agus filleadh ar sheirbhís aeir.

6:00 pm

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá mé sásta breathnú ar na rudaí sin. An rud is tábhachtaí ar dtús ná go mbeidh sé socraithe go mbeidh Aerfort na Mine ar fáil. Ina dhiaidh sin, beimid in ann breathnú ar sin. Tá sé sin pléite agam le na hoifigí sa Roinn. Ag breathnú orthu, tuigim nach bhfuil muintir Árainn nó na Teachtaí eile sa Dáilcheantar sásta leis agus beimid ag breathnú ar sin. Faoi láthair, níl socrú déanta ó thaobh an aerfoirt. Mar a dúirt mé, táimid ag fáil comhairle oifigiúil. Más rud é nach bhfuilimid in ann teacht ar réiteach le húineírí an aerfoirt, casfaidh mé le feidhmeannaigh ó Oifig an Ard-Aighne sula mbeidh aon chinneadh déanta, mar caithfidh mé comhairle dlí a fháil maidir leis an gceist fíor-thábhachtach seo.

Photo of John LahartJohn Lahart (Dublin South West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

As Deputy Michael Healy-Rae is not present we will move to Question No. 5.

Question No. 4 replied to with Written Answers.