Dáil debates

Thursday, 7 July 2016

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Seirbhísí Aeir Fóirdheonaithe

5:50 pm

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Phléigh muid an cheist seo Dé Luain, mar a dúirt an Teachta. Tá a lán den eolas seo aige cheana ach léifidh mé an píosa deireanach den fhreagra. Sa phróiseas tairisceana atá ar siúl ag mo Roinn faoi láthair, tá tairiscintí á lorg do sheirbhís aeir d’Oileáin Árann don tréimhse 1 Deireadh Fómhair 2016 go dtí 30 Meán Fómhair 2020. Is é Aerfort na Mine amháin atá luaite mar phointe imeachta ar an mórthír san iarratas ar thairiscintí atá eisithe. Tá mo Roinn, i láthair na huaire, ag iarraidh teacht ar chomhaontú le bainistíocht na saoráidí sin a chuimseoidh rochtain ar na saoráidí mar aon leis an leibhéal táillí a bheidh iníoctha. Ní mór, mar a luaigh mé leis an Teachta i m'fhreagra ar Cheist Uimhir 29 uaidh ar 1 Meitheamh 2016, na rialacha maidir le tras-fhóirdheonú agus Státchabhair a shásamh sa phróiseas seo uile.

Tá spriocdháta de 15 Iúil 2016 leagtha síos chun tairiscintí bheith faighte don tseirbhís aeir. Ar ndóigh, murar féidir teacht ar chomhaontú le húinéir Aerfort na Mine roimh an spriocdháta sin, ní bheidh ar chumas mo Roinne-se dul ar aghaidh leis an próiseas tairisceana.

Táimid fós ag plé na ceiste seo le húinéir Aerfort na Mine. Tá a fhios ag an Teachta go bhfuil mo Roinn ag déanamh chuile rud a theastaíonn. Tá siad ag plé na ceiste seo leis an úinéir le trí mhí go leith anuas agus táimid dóchasach go mbeidh sí socraithe ach níl sí socraithe fós. Is é 15 Iúil an spriocdháta agus beidh an conradh mar atá ag críochnú ag deireadh Mheán Fómhair. Níl mé in ann a rá go mbeidh an cheist socraithe ach táimid ag obair uirthi agus táimid dóchasach go mbeidh sí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.