Dáil debates

Thursday, 12 November 2015

10:30 am

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal South West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

8. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an dtabharfaidh sí soiléiriú maidir leis an maoiniú a chuirfear ar fáil leis an obair riachtanach fheabhsúcháin a dhéanamh ar ché Inis Oírr; cén buiséad as a dtiocfaidh sé; cén uair a chuirfear ar fáil é; agus cathain, meastar, a bheidh an obair críochnaithe. [39530/15]

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal South West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Táim ag iarraidh soiléiriú ar an méid maoiniú atá an Roinn chun a chur ar fáil don obair riachtanach fheabhasúcháin atá le déanamh ar ché Inis Oírr. Cén buiséad as a dtiocfaidh sé? Cathain a mheastar go mbeidh an maoiniú seo ar fáil agus an obair críochnaithe?

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, is le Comhairle Contae na Gaillimhe cé Inis Oírr. Mar aon le cé an Chalaidh Mhóir ar Inis Meáin agus cé Chill Rónáin ar Árainn, tuigtear dom go raibh sé i gceist ag an gcomhairle contae tabhairt faoi obair fheabhsúcháin ar ché Inis Oírr. Ach mar gheall ar an ngéarchéim eacnamaíoch, ní raibh na hacmhainní ar fáil chun an obair a chur i gcrích. Tuigtear do mo Roinn go bhfuil cead pleanála faighte d’oibreacha ar ché Inis Oírr ó 2007 ach nach ndeachaigh an chomhairle contae ar aghaidh leis na hoibreacha de bharr nach raibh soláthar airgid ar fáil chuige sin.

Cé go raibh comhfhreagras idir mo Roinn agus an chomhairle contae maidir leis na forbairtí seo san am a caitheadh, ní raibh aon bhuiséad ar fáil do mo Roinn chun cuidiú leis an gcomhairle contae chun na hoibreacha seo ag cé Inis Oírr a chur i gcrích. Tuigtear dom, áfach, go bhfuil soláthar de €8 milliún curtha san áireamh anois don Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil d'fhorbairt ché Inis Oírr faoin gclár infheistíochta caipitil 2016 go dtí 2021 de chuid an Rialtais. Sa chomhthéacs sin, tá súil agam go mbeifear in ann bogadh ar aghaidh leis an obair ar ché Inis Oírr go luath.

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal South West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá a fhios againn uilig na fadhbanna atá ann le cé Inis Oírr, go háirithe na fadhbhanna sábháilte agus sláinte a chuireann isteach ar iascairí. Fosta tá easpa spás ann d'iascairí agus do bhádóirí eile ar an gcé. Tá imní mhór ann go dtarlóidh timpiste tubaisteach ann. Ó thaobh an €8 milliún i gclár caipitil an Rialtais 2006 go dtí 2012, an bhfuil aon chinnteacht ann nó an bhfuil eolas againn ar an uair a bheidh an t-airgead sin ar fáil? Mar a dúirt an tAire Stáit, tá cead pleanála faighte ó bhí 2007 ann. I mbliana nó an bhliain seo chugainn a thosófar ar an obair sin nó in 2021? An bhfuil aon idea ag an Aire Stáit ar an uair a chuirfear an t-airgead sin ar fáil? An mbeidh go leor airigid fá choinne an obair riachtanach fheabhsúcháin a dhéanamh ar an gcé?

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar a dúirt mé, tá an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil anois freagrach as an maoiniú. Aontaím go bhfuil an cead pleanála faighte cheana féin agus tá muintir Inis Oírr ag iarraidh go rachadh an togra seo ar aghaidh. Beidh mé i dteagmháil le muintir Inis Oírr amach anseo. Bhí comhrá agam leo cúpla seachtain ó shin agus tá siad ag iarraidh cruinniú le mo chuid oifigeach fosta maidir leis an ábhar seo. Tá ceangal de dhíth idir achan dream.

Mar a bhí á rá agam maidir le coiste na n-oileán agus Comhairle Contae na Gaillimhe agus Comhairle Cathrach na Gaillimhe, b'fhéidir go bhfuil plé de dhíth le coiste na n-oileán faoi scáth na comhairlí san ar dtús mar tá ról agus dualgas mór ag na comhairlí fosta.

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal South West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ag dul ar ais go dtí an cheist oifigiúil a leag mé síos agus a bhí i scríbhinn, níl freagra faighte agam ar leath den cheist sin ag an bpointe seo. Is í an cheist a chur mé ar an Aire, agus níl dabht ar bith ann ach go bhfuil an t-eolas seo ag an Aire Stáit ón Roinn, ná cén uair a chuirfear ar fáil an maoiniú sin. Cén uair a chuirfear ar fáil an €8 milliún seo fá choinne an obair riachtanach ar an gcé? Cathain a mheastar a bheidh an obair críochnaithe? Muna bhfuil an t-eolas sin ag an Aire Stáit, tá sé sin ceart go leor. Is féidir leis é sin a rá. An féidir leis an t-eolas sin a thabhairt chugam, áfach? Sin páirt den cheist a cuireadh ar an Aire Stáit mar is é an tAire atá freagrach as an nGaeltacht. Cé go bhfuil an t-airgead ag teacht ó Roinn eile, níl dabht ar bith ann, agus aithníonn an tAire Stáit é seo, ach go bhfuil seisean freagrach as fosta ó thaobh infreastruchtúr cheantair Gaeltachta. Bhí na pobail seo i dteagmháil leis an Aire Stáit faoin gceist seo. Is ceist fíor-thábhachtach í ó thaobh sábháilteacht an phobail sin agus go háirithe sábháilteacht an lucht iascaire.

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Le bheith ionraic leis an Teachta, níl an t-eolas agam agus níl a fhios agam cén am a bheidh an togra nó an obair ag dul ar aghaidh. An rud is tábhachtaí anois ná an comhrá idir mhuintir Árann agus na comhairlí i nGaillimh maidir leis an mbealach is fearr tabhairt faoin obair seo. Tá coiste oileán faoi scáth an chomhairle contae i nDún na nGall agus tá sé iontach tábhachtach ó thaobh an cheangail idir daoine ar an mórthír agus ar na hoileáin agus an comhairle contae. Tá mé ag iarraidh comhrá agus díospóireacht idir coiste agus na comhairlí i nGaillimh. Chomh maith le san, tá dualgas ar an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil maidir leis an airgead. Thug an Roinn sin gealltanas ina chlár caipitil. Tá an gealltanas san ann ach ní bheidh mise ar an eolas maidir leis an uair a thosófar leis an obair. Tá comhrá de dhíth idir mhuintir Inis Oírr agus mé féin. Fanfaimid i dteagmháil leis na daoine sin amach anseo fosta.