Dáil debates

Thursday, 12 November 2015

Other Questions

Céanna agus Cuanta

10:30 am

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal South West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Ag dul ar ais go dtí an cheist oifigiúil a leag mé síos agus a bhí i scríbhinn, níl freagra faighte agam ar leath den cheist sin ag an bpointe seo. Is í an cheist a chur mé ar an Aire, agus níl dabht ar bith ann ach go bhfuil an t-eolas seo ag an Aire Stáit ón Roinn, ná cén uair a chuirfear ar fáil an maoiniú sin. Cén uair a chuirfear ar fáil an €8 milliún seo fá choinne an obair riachtanach ar an gcé? Cathain a mheastar a bheidh an obair críochnaithe? Muna bhfuil an t-eolas sin ag an Aire Stáit, tá sé sin ceart go leor. Is féidir leis é sin a rá. An féidir leis an t-eolas sin a thabhairt chugam, áfach? Sin páirt den cheist a cuireadh ar an Aire Stáit mar is é an tAire atá freagrach as an nGaeltacht. Cé go bhfuil an t-airgead ag teacht ó Roinn eile, níl dabht ar bith ann, agus aithníonn an tAire Stáit é seo, ach go bhfuil seisean freagrach as fosta ó thaobh infreastruchtúr cheantair Gaeltachta. Bhí na pobail seo i dteagmháil leis an Aire Stáit faoin gceist seo. Is ceist fíor-thábhachtach í ó thaobh sábháilteacht an phobail sin agus go háirithe sábháilteacht an lucht iascaire.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.