Dáil debates

Wednesday, 11 March 2015

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Fostaíocht sa Ghaeltacht

9:50 am

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

4. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cén dul chun cinn atá déanta chun poist a chur ar fáil sa Ghaeltacht; cén straitéis atá ann in 2015 chun poist a chruthú; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [10555/15]

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Baineann mo cheist leis an dul chun cinn atá déanta ag an Aire agus ag an Roinn chun níos mó postanna a chur ar fáil sa Ghaeltacht agus cén straitéis atá ag an Aire don bhliain seo chun níos mó postanna a chruthú. Má tá cúrsaí eacnamaíochta ag feabhsú, caithfidh go mbeidh níos mó postanna ann sa Ghaeltacht freisin.

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Leiríonn torthaí na bliana 2014, a d’fhoilsigh Údarás na Gaeltachta níos luaithe i mbliana, gur cruthaíodh an líon is airde post sa Ghaeltacht ón bhliain 2008. D’éirigh leis an Údarás 737 post nua a chruthú sa Ghaeltacht in 2014 agus bhí 7,682 post i gcliantchuideachtaí an Údaráis ag deireadh na bliana seo caite. Is é an sprioc fostaíochta atá ag an Údarás do 2015 ná 570 post nua a chruthú agus 7,000 post a choinneáil i gcliantchuideachtaí an Údaráis. Ní miste a rá gur éirigh liom cistiú breise de mhilliún euro a fháil i mbuiséad caipitil an Údaráis do 2015. Tá mé sásta go gcuideoidh an cistiú breise seo leis an Údarás chun poist a choinneáil ina chliantchuideachtaí sa Ghaeltacht agus chun tuilleadh infheistíochta a mhealladh go ceantair Ghaeltachta. Fágann sé seo go bhfuil soláthar caipitil de €6.687m ar fáil d'Údarás na Gaeltachta ón Státchiste in 2015, mar aon le foinsí maoinithe an Údaráis féin ó dhíol sócmhainní agus infheistíochtaí .

Tá tábhacht ar leith ag baint le tiomantas athnuaite an Rialtais i leith forbairt réigiúnach na tíre ina iomláine. Sa chomhthéacs seo, leanfaidh Údarás na Gaeltachta, i gcomhar le Fiontraíocht Éireann agus an tÚdarás Forbartha Tionscail, ag iarraidh infheistíocht shuntasach a mhealladh chuig ceantair iargúlta Gaeltachta. In 2015, leanfaidh an tÚdarás air ag maoiniú réimse de thionscadail a bhaineann le forbairt fiontraíochta agus cruthú fostaíochta, le béim ar leith ar micreathionscadail agus comhlachtaí atá ag tosú as an nua. Lena chois sin, aithníonn an tÚdarás an gá atá le forbairt scileanna chun feabhas a chur ar dheiseanna fostaíochta do phobal na Gaeltachta agus chun cuidiú le fostaithe i gcliantchuideachtaí an Údaráis a gcuid scileanna a uasghrádú. Cabhróidh an cur chuige seo chun táirgí nua a fhorbairt, margaí úra a aimsiú agus dá thoradh sin méadú a chur ar acmhainneacht fáis agus ar rathúlacht ghnóthaí na Gaeltachta.

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhí ceist agam mar gheall ar an Údarás. Bhí Conradh na Gaeilge ag iarraidh €12 milliún don Údarás i mbuiséad na bliana seo. Tá an tAire Stáit ag rá go bhfuil níos mó ná 7,000 post anois a bhfuil baint acu leis an Údarás. Cuirim fáilte roimhe sin ach ní dúirt sé aon rud faoi chúrsaí turasóireachta. Tá a lán postanna le fáil a bhaineann le turasóireacht. Bhí ceist agam don Roinn mar gheall ar thaisteal go dtí na hoileáin, an aerseirbhís agus seirbhísí farantóireachta. An bhfuil an tAire Stáit sásta níos mó airgid a chur ar fáil don earnáil turasóireachta, don taisteal, do choláistí samhraidh agus do na mná tithe? Tá cúrsaí turasóireachta an-tábhachtach i mbliana.

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Aontaím leis an Teachta maidir le tábhacht chúrsaí turasóireachta. Is é sin an rud is tábhachtaí, mar shampla an scéal dearfach faoi Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Tá obair mhaith déanta agus tá obair fós ar siúl. B'fhéidir go bhfuil seans mór ann idir Údarás na Gaeltachta agus na Ranna eile atá freagrach as Slí an Atlantaigh Fhiáin. Tá go leor obair déanta. Tá dúshlán sna ceantair Gaeltachta. Tá dúshlán mór sna ceantair iargúlta. Tá dúshlán ann maidir le fostaíocht a chruthú.

Is é an rud is tábhachtaí ná an leathanbhanda a mhealladh isteach sa Ghaeltacht. Bhí agus tá obair ar siúl idir Údarás na Gaeltachta agus an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha. Is Aire Stáit mé sa Roinn agus táim ag obair ar an gceangal mór idir na Ranna agus Údarás na Gaeltachta mar tá Údarás na Gaeltachta freagrach as ceantair iargúlta. Tá deiseanna ann anois leis an leathanbhanda agus dá mbeadh smaointe nó moltaí ag an Teachta nó ag a chomhghleacaithe maidir le hoibriú le chéile ar son na ndaoine sna ceantair Gaeltachta, ba mhaith liom oibriú le chéile.

10:00 am

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An aontaíonn an tAire Stáit go bhfuil dlúthbhaint idir an infheistiú seo agus saol na ndaoine sa Ghaeltacht? Is é cuspóir na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge ná líon na ndaoine a labhraíonn an teanga go laethúil a mhéadú. Tá dlúthbhaint ann idir saol na ndaoine, postanna a fháil agus an Ghaeilge a neartú. Céard a déarfaidh sé le Conradh na Gaeilge faoi na meastúcháin don bhliain seo? Mar shampla, tá méadú 8% don IDA ach tá buiséad an Údaráis á ísliú. Cé go bhfuil 7,000 post ann le cúnamh ón Údarás, tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh 1,000 post eile sna trí bliana atá romhainn. Is dúshlán mór é sin freisin. Táim sásta go bhfuil an IDA ag déanamh go maith, ach nílim sásta go bhfuil an Údarás ag déanamh go maith.

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá stair mhór ann sa ghearrthéarma. I 2010 bhí buiséad de €18 milliún ag Údarás na Gaeltachta. Laghdaíodh an buiséad ó €18 milliún i 2010 go €6 milliún i 2011. Ní shin an leibhéal ceart. D'agair mé an cás leis an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, an Teachta Brendan Howlin, agus an tAire Airgeadais, an Teachta Michael Noonan, go bhfuil gá ag Údarás na Gaeltachta le hacmhainní sa bhreis. Fuair Údarás na Gaeltachta €1 milliún breise anuraidh, rud a chiallaigh go raibh buiséad chaipitil de €7 milliún aige. Táim ag obair go dian chun é sin a mhéadú go €12 milliún. Is é sin an slat tomhais atá ag Údarás na Gaeltachta. Tá ról difriúl ag Údarás na Gaeltachta freisin. Tá ról ag an Údarás i gcruthúcháin fostaíochta ach tá dualgas mór air freisin maidir le cur i bhfeidhm na straitéise agus na limistéir pleanála agus leis an teanga Gaeilge. Bhí an Teachta ag labhairt maidir le tábhacht na Gaeilge a mhéadú sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Tá fadhb leis na hacmhainní ach táim ag obair leis an Údarás agus gabhaim buíochas le gach duine de na hoifigigh san Údarás atá ag obair go dian ar son na Gaeilge agus na ndaoine sna ceantair Gaeltachta.