Dáil debates
Wednesday, 11 March 2015
Ceisteanna - Questions - Priority Questions
Fostaíocht sa Ghaeltacht
9:50 am
Joe McHugh (Donegal North East, Fine Gael) | Oireachtas source
Leiríonn torthaí na bliana 2014, a d’fhoilsigh Údarás na Gaeltachta níos luaithe i mbliana, gur cruthaíodh an líon is airde post sa Ghaeltacht ón bhliain 2008. D’éirigh leis an Údarás 737 post nua a chruthú sa Ghaeltacht in 2014 agus bhí 7,682 post i gcliantchuideachtaí an Údaráis ag deireadh na bliana seo caite. Is é an sprioc fostaíochta atá ag an Údarás do 2015 ná 570 post nua a chruthú agus 7,000 post a choinneáil i gcliantchuideachtaí an Údaráis. Ní miste a rá gur éirigh liom cistiú breise de mhilliún euro a fháil i mbuiséad caipitil an Údaráis do 2015. Tá mé sásta go gcuideoidh an cistiú breise seo leis an Údarás chun poist a choinneáil ina chliantchuideachtaí sa Ghaeltacht agus chun tuilleadh infheistíochta a mhealladh go ceantair Ghaeltachta. Fágann sé seo go bhfuil soláthar caipitil de €6.687m ar fáil d'Údarás na Gaeltachta ón Státchiste in 2015, mar aon le foinsí maoinithe an Údaráis féin ó dhíol sócmhainní agus infheistíochtaí .
Tá tábhacht ar leith ag baint le tiomantas athnuaite an Rialtais i leith forbairt réigiúnach na tíre ina iomláine. Sa chomhthéacs seo, leanfaidh Údarás na Gaeltachta, i gcomhar le Fiontraíocht Éireann agus an tÚdarás Forbartha Tionscail, ag iarraidh infheistíocht shuntasach a mhealladh chuig ceantair iargúlta Gaeltachta. In 2015, leanfaidh an tÚdarás air ag maoiniú réimse de thionscadail a bhaineann le forbairt fiontraíochta agus cruthú fostaíochta, le béim ar leith ar micreathionscadail agus comhlachtaí atá ag tosú as an nua. Lena chois sin, aithníonn an tÚdarás an gá atá le forbairt scileanna chun feabhas a chur ar dheiseanna fostaíochta do phobal na Gaeltachta agus chun cuidiú le fostaithe i gcliantchuideachtaí an Údaráis a gcuid scileanna a uasghrádú. Cabhróidh an cur chuige seo chun táirgí nua a fhorbairt, margaí úra a aimsiú agus dá thoradh sin méadú a chur ar acmhainneacht fáis agus ar rathúlacht ghnóthaí na Gaeltachta.
No comments