Dáil debates

Wednesday, 11 March 2015

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

9:30 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

2. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sé i gceist aici na moltaí ar fad atá déanta sa tuarascáil ón bhFochoiste Oireachtais um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge,a chur san áireamh agus Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) á dhréachtadh agus á thabhairt os comhair na dTithe agus cathain a bheartaítear é sin a dhéanamh; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [10247/15]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Baineann an cheist seo leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilgeagus an tuairisc a dhein an comhchoiste maidir leis sin. Cén uair atá an Aire chun na tograí agus na moltaí a leag an coiste amach a chur i bhfeidhm?

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I gcomhréir leis an ngealltanas a tugadh i gclár an Rialtais, rinne mo Roinn athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Ag eascairt as an athbhreithniú sin, thóg an Rialtas cinneadh anuraidh Bille a dhréachtú chun leasuithe a dhéanamh ar an Acht Teanga. Is í an phríomhaidhm atá ag an mBille seo ná an tAcht a leasú chun a chinntiú go leanfaidh sé de bheith ina thacaíocht éifeachtach do gach duine ar mian leis nó léi seirbhísí d’ardchaighdeán i nGaeilge a fháil ón Stát. Tá Ceannteidil an Bhille foilsithe ar shuíomh gréasáin mo Roinne, www.ahg.gov.ie.

I gcomhréir le polasaí an Rialtais, cuireadh ceannteidil an Bhille faoi bhráid an Chomhchoiste um Chomhshaol, Chultúr agus an Ghaeltacht. Bhí éisteachtaí ag an bhFochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge maidir leis na ceannteidil i mí na Bealtaine seo caite. Foilsíodh tuarascáil an chomhchoiste maidir leis na ceannteidil ar an 24 Feabhra agus tá na moltaí atá inti á meas agam faoi láthair.

9:40 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim nach bhfuil deis ag an Aire Stáit déileáil leis na moltaí ar fad nó iad a mheas go hiomlán go fóill, ach tá an straitéis 20 bliain ann le cúpla bliain anuas. Tá an staidéar ar a bhfuil sé bunaithe ann chomh maith, an staidéar cuimsitheach teangeolaíochta. Foilsíodh an staidéar sin i 2007 agus sa bhliain sin dúradar nach raibh ach 20 bliain fágtha sula mbeadh an Ghaeilge mar theanga labhartha i mbaol bháis sa Ghaeltacht. Bhí deifear nó práinn i gceist maidir leis an Ghaeilge a shábháil i 2007. Anois, tá 2015 sroichte againn agus don chuid is mó den pobal, níl aon athrú mór tagtha ar an scéal, seachas go bhfuil tuairisc in ndiaidh tuairisce fós á dhéanamh. Níl aon ghníomh ceart déanta.

Seachas maolú a chur ar fhoráileacha Acht na dTeangacha Oifigiúla mar atá i gceist, an aontaíonn an tAire Stáit liom gur cóir iad a láidriú, ionas nach bhfeicfimid Coimisinéir Teanga eile ag fágaint an phoist sin i lár a thréimhse?

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá cúpla pointe ansin. Maidir leis an straitéis 20 bliain, bunaíodh an straitéis sin i 2010 agus tá sí anois cúig bliana d'aois. Tá agus bhí mórán oibre ar siúl ar son na Gaeilge thar an cúig bliana sin agus ní inniu nó inné a tháinig na scéalta dearfacha aníos. Tá grúpaí ar nós Conradh na Gaeilge, Gael Linn agus Gael Uladh ag obair go dian tríd an straitéis 20 bliain. Mar atá a fhios ag an Teachta, achtaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla i 2003. Má théann sé amach ar na sráideanna i mBaile Átha Cliath nó ina cheantar féin, feicfidh sé go bhfuil an infreastruchtúr ann, ar nós na comharthaí bóithre mar shampla. Tá a lán ar siúl, ach aontaím leis an Teachta gur í an straitéis an rud is tábhachtaí.

Ba mhaith liom mo bhuíochas a thabhairt do bhaill an fhochoiste agus don Seanadóir Labhrás Ó Murchú, Cathaoirleach an fhochoiste, as an sár obair atá déanta ag an bhfochoiste. Maidir leis na moltaí, tá siad á mheas agam faoi láthair.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim an méid atá ráite ag an Aire Stáit agus aontaím leis ar bhealach amháin. Ach sa deireadh thiar thall, nach bhfuil sé níos tábhachtaí an straitéis a chur i bhfeidhm, seachas a bheith ag caint fúithi? Táimid de shíor ag caint faoi seo. Tá an t-am ag imeacht agus tá an Ghaeilge, sna Gaeltachtaí agus lasmuigh díobh, ag dul in éag. Cén uair a mbeidh toradh ar an strachfhéachaint atá á dhéanamh ag an Aire Stáit ar na moltaí sin? Cén uair an bhfeicfimid straitéis nua agus an mbeidh spriocdátaí leis na moltaí nuair a ghlacann an tAire Stáit leo?

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl spriocdáta agam mar tá na moltaí fós á mheas agam. Tá na moltaí aontaithe agus dearfach ach tá a lán acu ann. Is é mo bharúil go ndearbhóidh muid cuid de na moltaí a bhí ar chlár an fhochoiste. Sin atá ar intinn agam agus tá m'oifigigh ag obair go dian orthu.

Chomh maith le sin, bhí mé i dteagmháil le dreamanna eile ar nós, mar a luaigh mé níos luaithe, Conradh na Gaeilge. Bhí mé i dteagmháil leis an gCoimisinéir Teanga fosta. Tá a fhios agam agus ag an Teachta go bhfuil an coimisinéir neamhspleách ón Rialtas. Bhí comhrá maith agam leis agus tá moltaí aige fosta. Táim ag staidéar achan moladh atá ar an mbord agam anois, ó na dreamanna éagsúla, ón gcoimisinéir agus ón fochoiste.

Tá mórán oibre ar siúl ar an straitéis 20 bliain. Mar shampla, tá Foras na Gaeilge freagrach as an gceantar taobh amuigh den Ghaeltacht agus as an obair Thuaidh-Theas. Tá Údarás na Gaeltachta freagrach as na limistéir pleanála agus tá neart oibre eile ar siúl ar an dtalamh. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do na daoine atá ag obair ar son na teanga.