Dáil debates

Wednesday, 16 July 2014

Ceisteanna - Questions - Priority Quesitons

Maoiniú d'Eagrais Gaeilge

9:30 am

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

1. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an mbeidh sé ag lorg cothrom na Féínne don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i gCáinaisnéis 2015, go háirithe buiséad d'Údarás na Gaeltachta agus buiséad d'Fhoras na Gaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [31283/14]

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ba maith liom comhghairdeas a ghabháil leis an Aire agus leis an Aire Stáit. Baineann an cheist seo le cothrom na Féinne don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Ba mhaith liom go mbeadh an cothrom na Féinne sin le feiceáil i gcáinaisnéis 2015. De réir Conradh na Gaeilge, tá beagnach dhá mhilliún duine ar oileán na hÉireann a bhfuil cumas éigin sa Ghaeilge acu. Is dóigh gur féidir cleachtadh a dhéanamh chun feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge agus táim ag súil leis an bhfeabhas sin a fheiceáil ón Aire Stáit.

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, is tríd an phróiseas Meastacháin agus cáinaisnéise a dhéantar leithdháileadh ar an soláthar airgid a chuirtear ar fáil ar bhonn bliantúil don Roinn agus, go deimhin, do na Ranna go léir.

Maidir le buiséad Údarás na Gaeltachta don bhliain 2015, tuigim go bhfuil togra straitéiseach aige lena mbuiséad caipitil a mhéadú thar thréimhse ama ón leibhéal reatha in aghaidh na bliana. Tuigim go gcuirfeadh a leithéid de mhéadú ar an soláthar caipitil ar chumas an údaráis 300 post breise a chruthú in aghaidh na bliana.

É sin ráite, ba mhaith liom a mheabhrú don Teachta gur fógraíodh, mar chuid de bhuiséad 2014, go mbeadh athbhreithnithe cuimsitheacha ar chaiteachas caipitil agus reatha le cur i gcrích ag na Ranna go léir le linn 2014. Tá na hathbhreithnithe mar bhunús do chreat buiséid ilbhliantúil an Rialtais agus déantar iad ar bhonn tréimhsiúil le cinntiú go bhfuil caiteachas na Ranna i gcomhréir leis na tosaíochtaí Rialtais. Tá na hathbhreithnithe ar bun faoi láthair agus déanfaidh an Rialtas iad a mheas níos deireanaí i mbliana i gcomhthéacs a chuid pleananna caiteachais do 2015 agus do na blianta ina dhiaidh sin. Tuigfidh an Teachta go ndéanfar soláthar airgid an údaráis ón Státchiste don bhliain 2015 a mheas i gcomhthéacs na n-athbhreithnithe sin agus i gcomhthéacs an phróisis Meastacháin agus cáinaisnéise níos déanaí i mbliana.

Mar is eol don Teachta, is áisíneacht den Fhoras Teanga é Foras na Gaeilge agus, dá réir sin, is í an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas a cheadaíonn a bhuiséad. Déantar Foras na Gaeilge a chómhaoiniú ar bhonn 75% ón Roinn agus ar bhonn 25% ón Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta i dTuaisceart Éireann. Anuas air seo, cuireann an Roinn maoiniú breise ar leith ar fáil d'Fhoras na Gaeilge i ndáil le nithe imfhálaithe mar a bhaineann le Clár na Leabhar Gaeilge agus Colmcille. Ina theannta sin, faigheann Foras na Gaeilge ioncam ó fhoinsí eile, lena n-áirítear ioncam ó dhíol leabhar.

Cé go leanfaidh an Roinn ag cur maoiniú ar fáil don Fhoras Teanga i gcomhréir leis an ghnáthphróiseas buiséid, ní miste a shoiléiriú go bhfuil sé aontaithe ag na Ranna Airgeadais sa dá dhlínse go gcaithfidh na forais trasteorann go léir sábháil éifeachtúlachta de 4% ar a laghad a chur i bhfeidhm in 2015.

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Deireann Conradh na Gaeilge go bhfuil gá le níos mó airgid a bheith ar fáil d'Údarás na Gaeltachta. Táthar ag caint mar gheall ar bhuiséad chaipitil de €12 milliún don údarás mar go bhfuil siad ag iarraidh níos mó post a sholáthar sa Ghaeltacht. Leag mé béim i mo cheist ar an mbuiséad d'Fhoras na Gaeilge chomh maith. Tháinig deireadh le maoiniú Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge i mí Meitheamh agus le fostaíocht de seisear den fhoireann a bhí ag obair ann. Beidh suas le 18 duine ag cailliúint a bpoist ansin. Iarraim ar an Aire Stáit a chinntiú de nach mbeidh aon ghearradh siar ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge i gcáinaisnéis 2015. Bunaíodh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i 1943, ach rinneadh gearradh siar ar an mbuiséad do chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta gan aon cainteanna leis an bhforas.

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar Aire Stáit nua, tá sé i gceist agam gach iarracht a dhéanamh chun buiséad Údaráis na Gaeltachta agus buiséad Fhoras na Gaeilge a chosaint i gcáinaisnéis 2015.

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl a fhios agam ón bhfreagra sin cén polasaí atá ag an Aire Stáit maidir leis an mbuiséad chaipitil don údarás nó d'Fhoras na Gaeilge. Tá súil agam go mbeidh sé ag iarraidh níos mó airgid a fháil. Mar atá a fhios ag an Aire Stáit, tá luach eacnamaíoch ag an Ghaeilge don tír seo - is fiú os cionn €20 milliún na coláistí samhraidh Gaeilge don tír - agus tá súil agam go dtabharfaidh an tAire Stáit tacaíocht do na coláistí samhraidh agus go mbeidh sé ag iarraidh níos mó airgid a chur ar fáil dóibh. Tá súil agam freisin go mbeidh sé ag lorg airgid leanúnach, mar a fhaigheann RTE, do TG4.

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is é an soláthar iomlán a cuireadh ar fáil don údarás i 2014 ná €17.485 milliún, briste síos mar seo a leanas: €5.687 milliún do chaiteachas chaipitil; €3 milliún do chaiteachas reatha; agus €8.798 milliún do chaiteachas riaracháin. B'fhéidir go gcuirfidh an t-údarás leis an roinnt seo dá ioncam óna chuid acmhainní féin. Maidir le TG4, baineann sé sin le Roinn eile.

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Baineann sé le Roinn an Aire Stáit.