Dáil debates

Wednesday, 16 July 2014

Ceisteanna - Questions - Priority Quesitons

Maoiniú d'Eagrais Gaeilge

9:30 am

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael) | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, is tríd an phróiseas Meastacháin agus cáinaisnéise a dhéantar leithdháileadh ar an soláthar airgid a chuirtear ar fáil ar bhonn bliantúil don Roinn agus, go deimhin, do na Ranna go léir.

Maidir le buiséad Údarás na Gaeltachta don bhliain 2015, tuigim go bhfuil togra straitéiseach aige lena mbuiséad caipitil a mhéadú thar thréimhse ama ón leibhéal reatha in aghaidh na bliana. Tuigim go gcuirfeadh a leithéid de mhéadú ar an soláthar caipitil ar chumas an údaráis 300 post breise a chruthú in aghaidh na bliana.

É sin ráite, ba mhaith liom a mheabhrú don Teachta gur fógraíodh, mar chuid de bhuiséad 2014, go mbeadh athbhreithnithe cuimsitheacha ar chaiteachas caipitil agus reatha le cur i gcrích ag na Ranna go léir le linn 2014. Tá na hathbhreithnithe mar bhunús do chreat buiséid ilbhliantúil an Rialtais agus déantar iad ar bhonn tréimhsiúil le cinntiú go bhfuil caiteachas na Ranna i gcomhréir leis na tosaíochtaí Rialtais. Tá na hathbhreithnithe ar bun faoi láthair agus déanfaidh an Rialtas iad a mheas níos deireanaí i mbliana i gcomhthéacs a chuid pleananna caiteachais do 2015 agus do na blianta ina dhiaidh sin. Tuigfidh an Teachta go ndéanfar soláthar airgid an údaráis ón Státchiste don bhliain 2015 a mheas i gcomhthéacs na n-athbhreithnithe sin agus i gcomhthéacs an phróisis Meastacháin agus cáinaisnéise níos déanaí i mbliana.

Mar is eol don Teachta, is áisíneacht den Fhoras Teanga é Foras na Gaeilge agus, dá réir sin, is í an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas a cheadaíonn a bhuiséad. Déantar Foras na Gaeilge a chómhaoiniú ar bhonn 75% ón Roinn agus ar bhonn 25% ón Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta i dTuaisceart Éireann. Anuas air seo, cuireann an Roinn maoiniú breise ar leith ar fáil d'Fhoras na Gaeilge i ndáil le nithe imfhálaithe mar a bhaineann le Clár na Leabhar Gaeilge agus Colmcille. Ina theannta sin, faigheann Foras na Gaeilge ioncam ó fhoinsí eile, lena n-áirítear ioncam ó dhíol leabhar.

Cé go leanfaidh an Roinn ag cur maoiniú ar fáil don Fhoras Teanga i gcomhréir leis an ghnáthphróiseas buiséid, ní miste a shoiléiriú go bhfuil sé aontaithe ag na Ranna Airgeadais sa dá dhlínse go gcaithfidh na forais trasteorann go léir sábháil éifeachtúlachta de 4% ar a laghad a chur i bhfeidhm in 2015.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.