Dáil debates

Wednesday, 11 June 2014

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Seirbhísí Aeir Fóirdheonaithe

10:30 am

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

1. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cad é an dul chun cinn atá déanta maidir le haersheirbhís go dtí Oileáin Árann; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [24537/14]

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an gcéad cheist ar maidin a bheith i nGaeilge. Tá imní ar a lán daoine mar gheall ar an seirbhís aeir go dtí na hoileáin. Tá conradh reatha ann go dtí deireadh Meán Fómhair 2014, ach céard a tharlóidh ina dhiaidh sin?

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an ceart ar fad ag an Teachta. Cuirim fáilte roimhe chomh maith go bhfuil an chéad cheist i nGaeilge. Tá conradh i bhfeidhm ag mo Roinn le hAer Arann chun seirbhís aeir a chur ar fáil chuig na hOileáin Árann. Tiocfaidh deiridh leis an gconradh ar 30 Meán Fómhair i mbliana. Faoi théarmaí an chonartha, tá sé de rogha ag mo Roinn síneadh bliana a chur leis go 30 Meán Fómhair 2015. Mar is eol don Teachta, d’fhostaigh mo Roinn an comhlacht Ernst & Young chun athbhreithniú a dhéanamh ar riachtanas na seirbhíse aeir, i gcomhréir le rialacháin an Aontais Eorpaigh. Agus an t-athbhreithniú ar siúl ag Ernst & Young, tuigtear dom go ndearnadh teagmháil dhíreach le páirtithe leasmhara éagsúla chun a dtuairimí a fháil faoin tseirbhís aeir. Ina theannta sin, tuigtear dom gur tugadh deis, trí na comharchumainn ar na hoileáin, páirtithe leasmhara eile a aithint a mbeadh suim acu aighneacht a dhéanamh.

Tá an tuarascáil athbhreithnithe curtha i gcrích ag an chomhlacht Ernst & Young. Foilsíodh é ar shuíomh gréasáin mo Roinne ar an 28 Bealtaine seo caite. Is tuarascáil chuimsitheach atá ann a chlúdaíonn an tréimhse ó 2003 go dtí 2013. Aithníonn an tuarascáil na tionchair éagsúla atá ag an tseirbhís aeir ar shaol na n-oileánach, chomh maith le costais éagsúla na seirbhíse agus an treo ina bhfuil na costais sin ag dul. Tá an tuarascáil curtha ag mo Roinn faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh i gcomhréir le rialacháin an Aontais Eorpaigh. Maidir leis an chéad chéim eile, tá sé ag dul do na páirtithe leasmhara go léir go scrúdófar gach a bhfuil sa tuarascáil chun go mbeidh mo Roinn ábalta freastal ar riachtanais na n-oileán taobh istigh de na hacmhainní atá ar fáil. Beifear ag scrúdú na moltaí atá sa tuarascáil go mion sa tréimhse atá romhainn, sula dtógtar aon chinneadh maidir le todhchaí na seirbhíse.

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá oibleagáid seirbhíse poiblí i bhfeidhm maidir leis an seirbhís seo. Ba cheart go mbeadh leanúnachas ann, ionas go mbeimid cinnte go bhfuil seirbhís fadtéarmach i gceist. Táimid ag caint faoi chúrsaí gnó, cúrsaí turasóireachta agus an ceangal idir an oileán agus an mórthír. An féidir leis an Aire Stáit níos mó eolais a thabhairt dúinn faoin seirbhís mar a bheidh sí sna blianta amach romhainn? Dúirt sé go bhfuil athbhreithniú á dhéanamh ag a Roinn faoi láthair. Cén uair a bheidh an t-athbhreithniú sin críochnaithe? Cén uair a thiocfaidh cinneadh ón Rialtas?

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar a dúirt mé, leanfaidh an conradh a bhaineann leis an seirbhís reatha go dtí 30 Meán Fómhair seo chugainn. Tá sé de rogha againn bliain eile a chur leis an gconradh ina dhiaidh sin. Tuigim go rímhaith cé chomh tábhachtach is atá an tseirbhís seo do mhuintir na n-oileáin, do chúrsaí tionsclaíochta agus turasóireachta agus do shaol na n-oileán i gcoitinne. Mar a dúirt mé, tá tuairiscí agus moltaí cuimsitheacha curtha ar fáil sa tuarascáil chuimsitheach atá ullmhaithe ag Ernst & Young. Tá siad á scrúdú i láthair na huaire. Déanfaimid cinneadh maidir leis an seirbhís gan mhoill sna seachtainí nó na míonna amach romhainn. Ba mhaith liom a rá arís go n-aithnímid go bhfuil an tseirbhís an-tábhachtach ar fad.

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Dúirt an tAire Stáit go bhfuil rogha ann bliain eile a chur ar fáil go dtí Meán Fómhair 2015, agus cur leis na coinníollacha céanna a bhaineann leis an gconradh atá ann faoi láthair, nó gan a leithéid a dhéanamh. Cad atá i gceist anois i dtaobh na saineolaithe atá ag plé leis an athbhreithniú agus le rialacha an Aontais Eorpaigh? De réir mar a thuigim, caithfear an tuarascáil a sheoladh go dtí an Coimisiún Eorpaigh. Cén uair a bheidh sé ag dul go dtí an coimisiún chun freagra a fháil, ionas go mbeimid in ann cinneadh a dhéanamh? Tuigim nach bhfuil an tuarascáil imithe go dtí an coimisiún go fóill.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar a dúirt mé, foilsíodh an tuarascáil ar shuíomh Idirlíne mo Roinne beagnach coicís ó shin, ar an 28 Bealtaine. Tuigtear dom go bhfuil an tuarascáil curtha ag mo Roinn faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh i gcomhréir le rialacháin an Aontais Eorpaigh. Mar sin, tá an tuarascáil curtha ar aghaidh go dtí an Eoraip ag an bpointe seo. Nuair a bheidh na tuairimí ar ais agus gach rud mar sin, déanfaimid cinneadh maidir leis an seirbhís.