Dáil debates

Wednesday, 11 June 2014

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Seirbhísí Aeir Fóirdheonaithe

10:30 am

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Tá an ceart ar fad ag an Teachta. Cuirim fáilte roimhe chomh maith go bhfuil an chéad cheist i nGaeilge. Tá conradh i bhfeidhm ag mo Roinn le hAer Arann chun seirbhís aeir a chur ar fáil chuig na hOileáin Árann. Tiocfaidh deiridh leis an gconradh ar 30 Meán Fómhair i mbliana. Faoi théarmaí an chonartha, tá sé de rogha ag mo Roinn síneadh bliana a chur leis go 30 Meán Fómhair 2015. Mar is eol don Teachta, d’fhostaigh mo Roinn an comhlacht Ernst & Young chun athbhreithniú a dhéanamh ar riachtanas na seirbhíse aeir, i gcomhréir le rialacháin an Aontais Eorpaigh. Agus an t-athbhreithniú ar siúl ag Ernst & Young, tuigtear dom go ndearnadh teagmháil dhíreach le páirtithe leasmhara éagsúla chun a dtuairimí a fháil faoin tseirbhís aeir. Ina theannta sin, tuigtear dom gur tugadh deis, trí na comharchumainn ar na hoileáin, páirtithe leasmhara eile a aithint a mbeadh suim acu aighneacht a dhéanamh.

Tá an tuarascáil athbhreithnithe curtha i gcrích ag an chomhlacht Ernst & Young. Foilsíodh é ar shuíomh gréasáin mo Roinne ar an 28 Bealtaine seo caite. Is tuarascáil chuimsitheach atá ann a chlúdaíonn an tréimhse ó 2003 go dtí 2013. Aithníonn an tuarascáil na tionchair éagsúla atá ag an tseirbhís aeir ar shaol na n-oileánach, chomh maith le costais éagsúla na seirbhíse agus an treo ina bhfuil na costais sin ag dul. Tá an tuarascáil curtha ag mo Roinn faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh i gcomhréir le rialacháin an Aontais Eorpaigh. Maidir leis an chéad chéim eile, tá sé ag dul do na páirtithe leasmhara go léir go scrúdófar gach a bhfuil sa tuarascáil chun go mbeidh mo Roinn ábalta freastal ar riachtanais na n-oileán taobh istigh de na hacmhainní atá ar fáil. Beifear ag scrúdú na moltaí atá sa tuarascáil go mion sa tréimhse atá romhainn, sula dtógtar aon chinneadh maidir le todhchaí na seirbhíse.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.