Dáil debates

Wednesday, 11 June 2014

Other Questions

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

11:10 am

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

6. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta maidir leis an straitéis 20 bliain don Ghaeilge, 2010-30; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [24460/14]

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Foilsíodh an straitéis 20 bliain don Ghaeilge i mí na Nollag 2010. Ba mhaith liom a fháil amach cén chuid d'aidhmeanna na straitéise atá bainte amach ag an Aire Stáit agus ag an Rialtas go dtí seo.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, is ar mo Roinn atá an fhreagracht uileghabhálach an straitéis 20 bliain don Ghaeilge a chomhordú agus a chur i bhfeidhm i gcomhar le réimse mór páirtithe leasmhara. Mar chuid den phróiseas sin, d'fhoilsigh mé tuarascáil anuraidh inar léiríodh an dul chun cinn foriomlán a rinneadh maidir le feidhmiú na straitéise idir 2010 agus 2013. D'fhoilsigh na Ranna Rialtais ábhartha - 11 acu san iomlán - a gcuid pleananna forfheidhmithe faoin straitéis ag an am céanna. Tá dul chun cinn suntasach déanta ag mo Roinn ar chur i bhfeidhm na straitéise ón uair a foilsíodh an tuarascáil anuraidh. Mar shampla, foilsíodh na critéir pleanála teanga i mí Mheán Fómhair 2013 agus na treoirlínte pleanála teanga i mí Eanáir 2014.

Maidir leis na limistéir pleanála teanga Ghaeltachta, rinne mé na chéad fhógraí faoin Acht i mí na Nollag 2013 chun tús a chur leis an bpróiseas pleanála teanga i gCiarraí Thiar, i gCois Fharraige agus i nGaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir. Tá sé i gceist agam sé fhógra eile a dhéanamh go han-luath. Tá súil agam go ndéanfar é sin roimh deireadh na míosa. Maidir leis na bailte seirbhíse Gaeltachta, tá próiseas comhairliúcháin ar siúl ag mo Roinn faoi láthair maidir leis na bailte is oiriúnaí a roghnú le bheith aitheanta faoin Acht. Maidir leis na líonraí Gaeilge, táthar ag súil go mbeidh Foras na Gaeilge ag fógairt scéim na líonraí Gaeilge sa dlínse seo níos moille i mbliana.

Don chéad uair riamh, tá allúntas ar leith de €500,000 curtha ar fáil i mbuiséad mo Roinne i mbliana don straitéis. Tá leas á bhaint as an allúntas sin chun maoiniú a sholáthar do na heagraíochtaí pobalbhunaithe atá á roghnú ag Údarás na Gaeltachta i mbliana chun tabhairt faoin phleanáil teanga sna limistéir atá sonraithe; agus gníomhaíochtaí úra a mhaoiniú chun tacú le cur i bhfeidhm na straitéise. Mar fhocal scoir, ní miste a lua go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ar chur i bhfeidhm na straitéise trí na struchtúir éagsúla, lena n-áirítear an coiste comhairleach a bhunaigh mé níos luaithe i mbliana chun comhoibriú níos fearr a chothú leis na heagraíochtaí ábhartha Gaeilge agus Gaeltachta maidir le cur i bhfeidhm na straitéise agus an phróisis pleanála teanga.

Mar fhocal scoir, ní miste a lua go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh fosta ar chur i bhfeidhm na Straitéise trí na struchtúir éagsúla, lena n-áirítear an Coiste Comhairleach a bhunaigh mé níos luaithe i mbliana chun comhoibriú níos fearr a chothú leis na heagraíochtaí ábhartha Gaeilge agus Gaeltachta maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise agus an phróisis pleanála teanga.

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An féidir liom cuid d'aidhmeanna na straitéise a chur os comhair an Tí? Tá sé mar aidhm ag an straitéis go mbeidh níos mó teaghlaigh ar fud na tíre ag úsáid na Gaeilge mar theanga cumarsáide, go mbeidh úsáid na Gaeilge nó an Bhéarla mar rogha ag gach éinne agus go mbeidh daoine in ann a gcuid gnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Go háirithe, tá sé leagtha amach sa straitéis go mbeidh tacaíocht don Ghaeilge agus don litríocht ar fáil sa Ghaeltacht. An bhfuil aon cheann de na haidhmeanna sin bainte amach ag an Aire Stáit?

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar a dúirt an Teachta, is é an cuspóir atá againn go léir ná go mbeidh muintir na Gaeltachta, agus éinne eile sa tír a bhfuil fonn orthu é a dhéanamh, in ann a gcuid gnó a dhéanamh leis an Státchóras trí Ghaeilge. I mo thuairim, is próiseas measartha fada é seo. Glacfaidh sé am. Ar a laghad, táimid ag dul sa threo sin. Mar atá fógraithe go dtí seo, nuair a bheidh an chéad fheachtas earcaíochta eile sa tseirbhís phoiblí ar siúl, cuirfear céatadán áirithe de na háiteanna ar fáil do dhaoine a bhfuil cumas Gaeilge acu agus a bheadh ábalta gnó a dhéanamh leis an bpobal trí Ghaeilge.

Maidir leis na ceantair Gaeltachta, mar a dúirt mé tá trí cheantar pleanála teanga - sna Gaeltachtaí ó thuaidh, ó thiar agus ó dheas - roghnaithe cheana féin. Déanfar sé chinn eile a roghnú gan mhoill taobh istigh de chúpla seachtain. Beidh naoi gcinn roghnaithe ag an tráth sin. Tá sé mar cuspóir againn go roghnófar trí cheantar eile roimh dheireadh na bliana. Ciallaíonn sé sin go mbeidh leath de na 26 ceantair Gaeltachta ag obair ar phleanáil teanga. Mar atá ráite agam, tá airgead breise curtha ar fáil i gcáinfhaisnéis na bliana seo chun tacú leis na pobail sin a gcuid pleananna a chur i gcrích.

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Caithfidh mé a rá go bhfuil Conradh na Gaeilge ag áitiú gur cheart go mbeadh níos mó ná 6% i gceist nuair atá earcaíocht á dhéanamh. Ba mhaith liom roinnt cuspóirí eile sa straitéis a lua. Tá sé mar aidhm sa straitéis "an líon daoine a labhraíonn Gaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais a ardú ó 83,000 go 250,000"; "an líon daoine a labhraíonn Gaeilge sa Ghaeltacht gach lá a ardú faoi 25%" agus "an líon daoine a úsáideann seirbhísí Stáit trí Ghaeilge agus atá in ann teilifís, raidió agus na meáin chlóite a rochtain tríd an teanga a ardú". Iarraim ar an Aire Stáit na ceisteanna sin, mar gheall ar an méid atá déanta i dtaobh na cuspóirí sin, a fhreagairt.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Aontaím leis an Teachta go bhfuil sé iontach tábhachtach go mbeadh éileamh ar sheirbhísí trí Ghaeilge ón ngnáthphobal - sa Ghaeltacht nó taobh amuigh den Ghaeltacht. Cosúil le gach Teachta agus gach duine eile atá istigh anseo, bíonn mé ag plé leis na heagrais Stáit, ar nós na Coimisinéirí Ioncaim agus na Ranna eile, agus cloisim go minic "má tá fonn ort seirbhís a fháil trí Ghaeilge, brúigh Uimh. 4 nó Uimh 3". Caithfidh mé a rá go bhfuil go leor acu ábalta an tseirbhís a chur ar fáil i láthair na huaire. Tá dul chun cinn á dhéanamh le tamall anuas. An raibh ceist eile ag an Teachta?

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Dúirt mé go bhfuil Conradh na Gaeilge ag iarraidh níos mó-----

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim. Bíonn cruinnithe againn le ionadaithe ó Chonradh na Gaeilge go rialta. B'fhéidir go mbeidh deis againn iad a fheiceáil am éigin inniu. Mar is eol don Teachta, tá siad ag eagrú lá eolais in aice linn inniu. Bíonn muid i dteagmháil leo go rialta. Tuigeann muid na hiarratais atá déanta acu maidir le seirbhísí. Aontaímid go léir leis sin, ach is próiseas é. Beidh sé an-deacair an t-easnamh atá ansin a chur i gceart taobh istigh de bhliain nó dhó, ach táimid ag dul sa threo ceart, i mo thuairim.