Dáil debates

Wednesday, 11 June 2014

Other Questions

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

11:10 am

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, is ar mo Roinn atá an fhreagracht uileghabhálach an straitéis 20 bliain don Ghaeilge a chomhordú agus a chur i bhfeidhm i gcomhar le réimse mór páirtithe leasmhara. Mar chuid den phróiseas sin, d'fhoilsigh mé tuarascáil anuraidh inar léiríodh an dul chun cinn foriomlán a rinneadh maidir le feidhmiú na straitéise idir 2010 agus 2013. D'fhoilsigh na Ranna Rialtais ábhartha - 11 acu san iomlán - a gcuid pleananna forfheidhmithe faoin straitéis ag an am céanna. Tá dul chun cinn suntasach déanta ag mo Roinn ar chur i bhfeidhm na straitéise ón uair a foilsíodh an tuarascáil anuraidh. Mar shampla, foilsíodh na critéir pleanála teanga i mí Mheán Fómhair 2013 agus na treoirlínte pleanála teanga i mí Eanáir 2014.

Maidir leis na limistéir pleanála teanga Ghaeltachta, rinne mé na chéad fhógraí faoin Acht i mí na Nollag 2013 chun tús a chur leis an bpróiseas pleanála teanga i gCiarraí Thiar, i gCois Fharraige agus i nGaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir. Tá sé i gceist agam sé fhógra eile a dhéanamh go han-luath. Tá súil agam go ndéanfar é sin roimh deireadh na míosa. Maidir leis na bailte seirbhíse Gaeltachta, tá próiseas comhairliúcháin ar siúl ag mo Roinn faoi láthair maidir leis na bailte is oiriúnaí a roghnú le bheith aitheanta faoin Acht. Maidir leis na líonraí Gaeilge, táthar ag súil go mbeidh Foras na Gaeilge ag fógairt scéim na líonraí Gaeilge sa dlínse seo níos moille i mbliana.

Don chéad uair riamh, tá allúntas ar leith de €500,000 curtha ar fáil i mbuiséad mo Roinne i mbliana don straitéis. Tá leas á bhaint as an allúntas sin chun maoiniú a sholáthar do na heagraíochtaí pobalbhunaithe atá á roghnú ag Údarás na Gaeltachta i mbliana chun tabhairt faoin phleanáil teanga sna limistéir atá sonraithe; agus gníomhaíochtaí úra a mhaoiniú chun tacú le cur i bhfeidhm na straitéise. Mar fhocal scoir, ní miste a lua go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ar chur i bhfeidhm na straitéise trí na struchtúir éagsúla, lena n-áirítear an coiste comhairleach a bhunaigh mé níos luaithe i mbliana chun comhoibriú níos fearr a chothú leis na heagraíochtaí ábhartha Gaeilge agus Gaeltachta maidir le cur i bhfeidhm na straitéise agus an phróisis pleanála teanga.

Mar fhocal scoir, ní miste a lua go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh fosta ar chur i bhfeidhm na Straitéise trí na struchtúir éagsúla, lena n-áirítear an Coiste Comhairleach a bhunaigh mé níos luaithe i mbliana chun comhoibriú níos fearr a chothú leis na heagraíochtaí ábhartha Gaeilge agus Gaeltachta maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise agus an phróisis pleanála teanga.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.