Dáil debates

Wednesday, 29 January 2014

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Oifig an Choimisinéara Teanga

10:00 am

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

4. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cén uair a cheapfar Coimisinéir Teanga nua, an mbeidh an coimisinéir neamhspleách; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [4110/14]

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Beidh an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Curraoin, ag éirí as oifig i mí Feabhra, trí seachtain ar aghaidh ó inniu. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an coimisinéir as ucht na hoibre atá déanta aige. Ach ba mhaith liom a fháil amach anseo inniu cén uair a cheapfar coimisinéir nua. An mbeidh an coimisinéir nua neamhspleách agus an mbeidh seirbhísí Stáit ann do dhaoine a bhfuil Gaeilge acu?

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, tá sé curtha in iúl ag an Choimisinéir Teanga reatha go mbeidh sé ag éirí as a phost ar 23 Feabhra 2014 tar éis deich mbliana in oifig. Tá an próiseas chun Coimisinéir Teanga nua a cheapadh ar siúl faoi láthair, trí léirithe spéise a lorg ar www.publicjobs.ie ó dhaoine ar mian leo go gcuirfí san áireamh iad i gcomhair ceapacháin mar Choimisinéir Teanga. Is é deireadh an lae ar an Déardaoin 30 Eanáir, sin amárach, an spriocdháta chun léirithe spéise a dhéanamh.

Déanfar Coimisinéir Teanga a cheapadh ina dhiaidh sin faoi réir alt 20(3) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, a fhorálann gurb é Uachtarán na hÉireann a cheapann an Coimisinéir Teanga ar chomhairle an Rialtais tar éis do Dháil Éireann agus do Sheanad Éireann rúin a rith ag moladh an cheapacháin.

Is sealbhóir reachtúil oifige é an Coimisinéir Teanga a fheidhmíonn go neamhspleách faoin Acht. I measc fheidhmeanna an Choimisinéara Teanga, tá: monatóireacht ar an gcaoi a bhfuil comhlachtaí poiblí ag comhlíonadh Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003; imscrúduithe ina leith sin a chur i gcrích; comhairle a sholáthar don phobal maidir lena gcearta teanga faoin Acht; agus comhairle a sholáthar do chomhlachtaí poiblí maidir lena ndualgais teanga faoin Acht.

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is dóigh liom go ngabhann an tAire Stáit buíochas leis an gcoimisinéir freisin. Tháinig an Coimisinéir Teanga go dtí cruinniú de dhá chomhchoiste den Teach seo agus ag na cruinnithe sin, leag sé béim ar sheirbhísí Stáit do dhaoine a bhfuil Gaeilge acu. Labhair sé mar shampla faoi chúrsaí talmhaíochta, cúrsaí iascaireachta, agus cúrsaí a bhaineann leis an Roinn Coimirce Sóisialaí. An dtuigeann an tAire Stáit go bhfuil sé an-tábhachtach go mbeidh Coimisinéir Teanga ann chun iniúchadh a dhéanamh ar na ceisteanna seo?

Freisin, nuair a bhí na Meastacháin á phlé againn, dúirt an tAire Stáit go mbeidh €567,000 ar fáil chun fadhbanna reachtúla an choimisinéara a chomhlíonadh, ach ní dúirt sé aon rud faoi choimisinéir nua. An ceist atá agam mar sin ná, céard a dhéanfaidh an tAire Stáit, a Roinn agus an Rialtas anois chun seirbhís Stáit a chur ar fáil do dhaoine a bhfuil Gaeilge acu.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar atá ráite agam, tá próiseas ar siúl i láthair na huaire chun coimisinéir nua a cheapadh. Tá mé an-dóchasach go mbeidh coimisinéir úr ceaptha againn chomh luath agus is féidir. Ba mhaith liom cur leis an mhéid atá ráite ag an Teachta Kitt sa Teach agus buíochas a thabhairt don choimisinéir atá ag éirí as a phost. Thug sé deich mbliana seirbhíse. Mar Aire Stáit sa Roinn i láthair na huaire, ba mhaith liom aitheantas a thabhairt dó as an tseirbhís atá curtha ar fáil aige. Is é an dualgas atá orainn anois ná gach céim a ghlacadh chomh luath agus is féidir le comharba a cheapadh don choimisinéir atá ag éirí as a phost.

Mar adúirt mé, tá an post oscailte agus beidh cead ag daoine a bhfuil suim acu an tsuim sin a léiriú agus teangabháil a dhéanamh roimh tráthnóna amárach, a dáta deiridh le cur isteach ar an phost. Cífimid ansin cad iad na hainmneacha a thagann isteach. Táim ag súil go mbeidh deis againn ceann de na hainmneacha sin a thagann isteach a chur roimh an Rialtas. Beidh ar an ainm sin ansin a theacht go dtí an Dáil agus an Seanad agus ansin dul go dtí an tUacharán, mar is aigesan a bheidh an ceapachán le déanamh. Is féidir liom a dhearbhú don Teachta nach bfhuil aon mhoill agus go bhfuil gach céim á ghlacadh le coimisinéir úr a cheapadh chomh luath agus is féidir.

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Go raibh maith agat. Is maith liom a chloisint go mbeidh coimisinéir nua á cheapadh ag an Aire Stáit agus ag an Uachtarán, ach an cheist a bhí agam ná ceist faoi státseirbhísigh a bhfuil Gaeilge acu ag plé le daoine a bhfuil Gaeilge acu. Tá gá ann go mbeidh níos mó státseirbhísigh sna Ranna éagsúla. Ní dóigh liom go mbeadh costas sa bhreis ag baint le sin má tá daoine á fhostú agus Gaeilge acu. An féidir níos mó daoine le Gaeilge a fhostú? Chomh maith le sin, an mbeidh an tAire Stáit sásta teacht go dtí cruinniú den comhchoiste chun na ceisteanna seo a phlé? Tá a lán ceisteanna againn, ní hamháin maidir leis an gcoimisinéir nua, ach maidir le seirbhís do dhaoine le Gaeilge a bhíonn ag plé leis na Ranna éagsúla.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Maidir leis an nGaeilge sa tseirbhís poiblí, is cinnte, mar a dúirt an coimisinéir, go bhfuil deacrachtaí ansin le blianta fada. Aithníonn muid é sin agus sin an fáth anois go bhfuil muid chun, sa chéad feachtas earcaíochta eile sa tseirbhís poiblí, a chinntiú go mbeidh céatadán áirithe de na postanna sin curtha ar fáil d'iarrthóirí a bhfuil togha, rogha agus ard-chaighdeán Gaeilge acu. Is é seo an chéad uair a tharla seo ó 1974, go mbeidh cuóta curtha ar fáil do dhaoine ag teacht isteach sa tseirbhís poiblí a bhfuil ard-chaighdeán Gaeilge acu.

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cad mar gheall ar an gcomhchoiste?

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim go bhfuil cuireadh agam dul chuig an comhchoiste agus tuigim go bhfuil socruithe á dhéanamh idir oifigigh mo Roinne agus cléireach an chomhchoiste. Sílim go mbeidh deis agam dul isteach chuig an comhchoiste taobh istigh de roinnt seachtainí, chomh luath agus is féidir na socruithe a dhéanamh. Beidh mé sásta sin a dhéanamh. Sílim go bhfuil an dáta beagnach socraithe, 5 nó 6 Márta, ach nílim cinnte de sin go fóill. Táim sásta dul roimh an chomhchoiste agus na fadhbanna agus na ceisteanna a phlé ansin le baill an chomhchoiste. Bhí mé féin blianta fada mar bhall de chomhchoiste agus tuigim chomh tábhachtach agus atá sé go dtagann an tAire isteach le labhairt ag an gcomhchoiste.