Dáil debates

Thursday, 30 May 2013

Other Questions

Limistéir Pleanála Teanga

6:20 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

9. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht maidir leis an bhfógra a thug an tAire le déanaí, á rá go mbeidh méadú ar líon na Limistéar Pleanála Teanga faoin Straitéis Fiche Bliain, agus i bhfianaise na moltaí sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíochta maidir le catagóirí A, B agus C a choinneáil scoite ó thaobh pleanáil teanga de, cén treoir a bheidh á tabhairt ag an Roinn dóibh siúd a bheidh freagrach as pleananna teanga sna limistéir sin; conas a bheartaíonn siad a chinntiú go mbeidh na pleananna ag teacht leis an gcur chuige is fearr ó thaobh na teangeolaíochta de. [26257/13]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, d'fhógair mé níos túisce an mhí seo go mbeidh 26 limistéar pleanála teanga Gaeltachta faoi leith ann chun críche an phróisis phleanála teanga sa Ghaeltacht faoi Acht na Gaeltachta 2012. Bunaíodh a leithéid de dháileadh ar staid reatha na teanga sna limistéir éagsúla sa Ghaeltacht agus d'eascair sé as plé a bhí ag Údarás na Gaeltachta leis na heagraíochtaí pobail atá maoinithe acu agus a bheidh freagrach as na pleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú sna limistéir éagsúla.

D'fhonn na riachtanais reachtúla a chomhlíonadh, tá roinnt céimeanna idir lámha ag mo Roinn agus ag Údarás na Gaeltachta faoi láthair maidir leis an phróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht: Tá bailchríoch á chur ag mo Roinn ar na rialacháin faoi alt 12 d'Acht na Gaeltachta faoina ndéanfar na critéir pleanála teanga a fhorordú. Beidh na critéir seo riachtanach chun measúnú a dhéanamh amach anseo ar na pleananna teanga a ullmhófar do na limistéir pleanála teanga Ghaeltachta, do na bailte seirbhíse Gaeltachta agus do na líonraí Gaeilge; Tá mo Roinn ag obair freisin ar na fógraí faoi alt 7(3) d'Acht na Gaeltachta, a dhéanfaidh sainiú ar na toghranna éagsúla a bheidh i gceist sna 26 limistéar pleanála teanga Gaeltachta; Tá Údarás na Gaeltachta ag leagan amach córas trédhearcach i gcomhréir le halt 7(6) d'Acht na Gaeltachta faoina roghnófar eagraíochtaí pobail chun pleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú sna limistéir pleanála teanga Ghaeltachta; I ndeireadh báire, tá mo Roinn ag obair ar threoirlínte, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta agus le Foras na Gaeilge, a leagfaidh síos próiseas trédhearcach d'ullmhú, d'fheidhmiú agus do mheasúnú na bpleananna teanga sna limistéir, sna bailte agus sna líonraí, rud a chabhróidh leis na heagraíochtaí pobail agus iad ag tabhairt faoin phróiseas pleanála teanga ar an talamh.

Mar thoradh ar na céimeanna riachtanacha seo atá idir lámha, níl aon amhras orm ach go mbeidh na pleananna teanga a ullmhófar agus a fheidhmeofar faoi Acht na Gaeltachta ag teacht leis an chur chuige is fearr ó thaobh na teangeolaíochta de. Ní miste a lua fosta go bhfuil saineolas Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge sa réimse pleanála teanga ar fáil do mo Roinn agus muid ag tabhairt faoin obair seo uile.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní cúis sásaimh dom é seo a rá ach is soiléir go bhfuil praiseach déanta ag an Rialtas de Bhille na Gaeltachta agus de phleanáil teanga. Is léir agus is trua thubaisteach é nach bhfuil clú ag an Rialtas cad tá sé ag déanamh maidir leis seo. Tá an Rialtas tar éis líon na limistéar ó 18 go dtí 26. Is fearr é seo ach fós tá áiteanna nach bhfuil cosúil lena chéile ó thaobh teanga de lonnaithe sa limistéar céanna. Níl aon chiall leis seo ó thaobh pleanáil teanga nó teangeolaíochta de. Leis an fhírinne a rá, caithfidh an Rialtas tosú arís agus an rud a dhéanamh i gceart. Ba cheart Bille na Gaeltachta nua a thabhairt chun cinn agus leasú a dhéanamh ar an chóras pleanála. Is léir go bhfuil easpa tuisceana i gcroílár Bhille na Gaeltachta. Is léir ón U-chasadh a chonaic muid ón Aire go bhfuil easpa tuisceana ann. Cathain a bheidh scála ama curtha síos le tús a chuir leis an phróiseas? Tá bliain caite anois agus na pleananna teanga seo á gcur os comhair an phobail agus fós, cé go bhfuil práinn ann maidir le todhchaí na Gaeltachta, níl scála ama le feiceáil leis an phróiseas go fóill.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an Teachta thar a bheith diúltach ar fad. Táimid tar éis na ceantair phleanála teanga a athrú ó 19 go dtí 26. Is léiriú é sin nach bhfuil an doras dúnta, nach bhfuil cluasa an Aire bodhar agus go bhfuilimid sásta éisteacht leis an ghuth a tháinig ón phobal nuair a bhí Údarás na Gaeltachta i dteagmháil leis na pobail Ghaeltachta ar fud na tíre. Bhí 19 ceantar pleanála teanga againn a bhí bunaithe ar cheantair gheilleagracha agus ceantair thionsclaíochta a bhí ag Údarás na Gaeltachta. Tar éis dul i gcomhairle leis na heagraíochtaí agus na pobail féin, d'éist an Rialtas leo, agus anois an 26 ceantar sin atá luaite mar cheantar pleanála teanga, is léargas na ceantair seo ar an teanga reatha a labhraítear sna ceantair sin. Táimid sásta éisteacht le moltaí agus má tá siad fiúntach agus praiticiúil, táimid sásta glacadh leo.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An fhadhb a bhí ann ná nach raibh sibh sásta éisteacht le moltaí nuair a bhí an Bille ag dul tríd an Dáil. Bhí orainne ar an taobh seo Tí siúl amach ag an am. Dúirt muid gur cheart don Rialtas i bhfad níos mó limistéar a ainmniú. Dúirt muid nár cheart go mbeadh áiteanna nach bhfuil cosúil ó thaobh teanga de lonnaithe sa limistéar céanna. Níor ghéill an Rialtas ar an phointe thábhachtach sin. Tá bliain caite anois ón uair a fógraíodh na ceantair phleanála teanga; cá bhfuil na spriocanna sonracha leagtha síos? An aithníonn an Rialtas cé chomh práinneach is atá cúrsaí faoi láthair? An bhfaighimid spriocanna soiléire inniu? An bhfuil an tAire Stáit sásta a rá go mbeidh an gníomh ag dul ar aghaidh ar an dáta seo agus críochnaithe ar an dáta siúd ionas go mbeidh muinín ag muintir na Gaeltachta san obair seo?

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Caithfidh an Teachta a thuiscint go bhfuil an straitéis 20 bliain céimnithe mar is próiseas í. Tá an Teachta den bharúil gur cóir go raibh an straitéis go léir tugtha chun críche nuair a chuaigh an Bille fríd. Tá an réamh-obair á déanamh, tá an dúshraith á cur síos, beidh na rialacháin a bhfoilsiú gan mhoill, b'fhéidir roimh an samhradh nó gan mhoill ina dhiaidh. Beidh an straitéis críochnaithe go hiomlán i gceann 20 bliain. B'fhéidir nach mbeidh mise anseo, b'fhéidir go mbeidh an Teachta anseo, ach straitéis 20 bliain atá ann. Caithfidh an bóthar ar aghaidh bheith soiléir do gach duine. Mura ndéanaimid an réamh-obair seo, ní bheidh sé soiléir agus rachaimid amú ar an bhealach.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní chiallaíonn sin go gcaithfear é a chríochnú roimh 20 bliain.