Dáil debates

Thursday, 30 May 2013

Other Questions

Limistéir Pleanála Teanga

6:20 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, d'fhógair mé níos túisce an mhí seo go mbeidh 26 limistéar pleanála teanga Gaeltachta faoi leith ann chun críche an phróisis phleanála teanga sa Ghaeltacht faoi Acht na Gaeltachta 2012. Bunaíodh a leithéid de dháileadh ar staid reatha na teanga sna limistéir éagsúla sa Ghaeltacht agus d'eascair sé as plé a bhí ag Údarás na Gaeltachta leis na heagraíochtaí pobail atá maoinithe acu agus a bheidh freagrach as na pleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú sna limistéir éagsúla.

D'fhonn na riachtanais reachtúla a chomhlíonadh, tá roinnt céimeanna idir lámha ag mo Roinn agus ag Údarás na Gaeltachta faoi láthair maidir leis an phróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht: Tá bailchríoch á chur ag mo Roinn ar na rialacháin faoi alt 12 d'Acht na Gaeltachta faoina ndéanfar na critéir pleanála teanga a fhorordú. Beidh na critéir seo riachtanach chun measúnú a dhéanamh amach anseo ar na pleananna teanga a ullmhófar do na limistéir pleanála teanga Ghaeltachta, do na bailte seirbhíse Gaeltachta agus do na líonraí Gaeilge; Tá mo Roinn ag obair freisin ar na fógraí faoi alt 7(3) d'Acht na Gaeltachta, a dhéanfaidh sainiú ar na toghranna éagsúla a bheidh i gceist sna 26 limistéar pleanála teanga Gaeltachta; Tá Údarás na Gaeltachta ag leagan amach córas trédhearcach i gcomhréir le halt 7(6) d'Acht na Gaeltachta faoina roghnófar eagraíochtaí pobail chun pleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú sna limistéir pleanála teanga Ghaeltachta; I ndeireadh báire, tá mo Roinn ag obair ar threoirlínte, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta agus le Foras na Gaeilge, a leagfaidh síos próiseas trédhearcach d'ullmhú, d'fheidhmiú agus do mheasúnú na bpleananna teanga sna limistéir, sna bailte agus sna líonraí, rud a chabhróidh leis na heagraíochtaí pobail agus iad ag tabhairt faoin phróiseas pleanála teanga ar an talamh.

Mar thoradh ar na céimeanna riachtanacha seo atá idir lámha, níl aon amhras orm ach go mbeidh na pleananna teanga a ullmhófar agus a fheidhmeofar faoi Acht na Gaeltachta ag teacht leis an chur chuige is fearr ó thaobh na teangeolaíochta de. Ní miste a lua fosta go bhfuil saineolas Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge sa réimse pleanála teanga ar fáil do mo Roinn agus muid ag tabhairt faoin obair seo uile.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.