Dáil debates

Thursday, 25 April 2013

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Seirbhís Farantóireachta

4:15 pm

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

4. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sé sásta leis an tseirbhís farantóireachta agus an aersheirbhís chuig Oileáin Árann; cé na pleananna atá aige chun na seirbhísí sin a fheabhsú; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [19541/13]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá thart ar 60% den soláthar atá ar fáil do mo Roinn do sheirbhísí iompair á chaitheamh ar Oileáin Árann, áit a bhfuil 43% de dhaonra na n-oileán ag maireachtáil. Anuraidh, d’aontaigh mo Roinn conradh nua farantóireachta paisinéirí d’Inis Meáin agus Inis Oírr don tréimhse cúig bliana suas go dtí Deireadh Fómhair 2017, mar aon le conradh nua lastas don trí oileán a chlúdóidh an tréimhse cúig bliana suas go dtí 31 Nollaig 2017. Tá mo Roinn, i láthair na huaire, ag lorg tairiscintí ar son seirbhís aeir d’Oileáin Árann don tréimhse Deireadh Fómhair 2013 go dtí Meán Fómhair 2014. Tá thart ar 60% den soláthar atá ar fáil do mo Roinn do sheirbhísí iompair á chaitheamh ar Oileáin Árann, áit a bhfuil 43% de dhaonra na n-oileán ag maireachtáil. Anuraidh, d’aontaigh mo Roinn conradh nua farantóireachta paisinéirí d’Inis Meáin agus Inis Oírr don tréimhse cúig bliana suas go dtí Deireadh Fómhair 2017, mar aon le conradh nua lastas don trí oileán a chlúdóidh an tréimhse cúig bliana suas go dtí 31 Nollaig 2017. Tá mo Roinn, i láthair na huaire, ag lorg tairiscintí ar son seirbhís aeir d’Oileáin Árann don tréimhse Deireadh Fómhair 2013 go dtí Meán Fómhair 2014. Ar an drochuair, ní bhfuair mo Roinn aon tairiscint le haghaidh seirbhís farantóireachta paisinéirí idir Inis Mór agus an mórthír. Bhí plé ag mo Roinn leis an bhfarantóir a bhí ag cur na seirbhíse ar fáil ach theip uirthi teacht ar chomhaontú leis de bharr an méadú ollmhór a bhí a lorg aige sa bhfóirdheontas ar sheirbhís a thuigtear a bheith brabúsach cheana féin. Tuigtear go bhfuil an farantóir ag leanúint leis an seirbhís céanna gan chúnamh Stáit mar go bhfuil inmharthanacht tráchtála ann agus go bhfuil i gceist aige é sin a dhéanamh go leanúnach.

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cad é an costas a bhaineann le síniú conartha? Níl conradh ann faoi láthair. Cad é an costas do na hoileánaigh a úsáideann an tseirbhís seo? Tá airgead ar fáil don aersheirbhís go dtí na hoileán go dtí mí na Lúnasa seo chugainn. Cé mhéad airgead atá i gceist? Nach fearr go mbeidh aersheirbhís cinnte, dearfach ann do na hoileáin sna blianta amach romhainn seachas go ceann bliana?

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Maidir leis an chostas, cosnaíonn seirbhís farantóireachta páisinéirí chuig Inis Meáin agus Inis Oírr ar a lú €800,000 in aghaidh na bliana, cosnaíonn an tseirbhís lastais chuig na trí oileán €735,234 in aghaidh na bliana, cosnaíonn seirbhís aeir chuig na trí oileán €1.61 milliún in aghaidh na bliana agus cosnaíonn an tseirbhís bainistíochta do na trí aeradróm €372,690 in aghaidh na bliana.

Bhí deireadh ag teacht leis an chonradh reatha don tseirbhís aeir agus do bhainistíocht na n-aerdróm ar an 31 Lúnasa i mbliana. Bhí an togra chun athnuachan a dhéanamh ar an seirbhís aeir san Official Journal of the European Union ar an 22 mí na Márta. Tá na doiciméid tairsiceana curtha ar shuíomh Idirlíne etenders.gov.ie leis an dáta 27 mí na Bealtaine 2013. D'iarr muid síneadh bliana agus an rogha ann le haghaidh bliana ina dhiaidh sin don tseirbhís aeir. Idir an dá linn, déanfar scrúdú arís ar riachtanais na seirbhíse sin. Tá áthas orm go bhfuil seirbhísí den scoth ag na trí oileán - seirbhísí farantóireachta, lastais agus aeir. Tá seacht seirbhís aeir in aghaidh an lae, trí cinn go hInis Mór, dhá cheann go hInis Oírr agus dhá cheann go hInis Mheáin.

Maidir leis an fharantóireacht go hInis Mór, níor éirigh linn an conradh a shíniú mar níor chuir an duine a bhí á déanamh iarratas isteach. Mar sin, tá sé ag leanúint leis an seirbhís farantóireachta mar a bhí, ach is cinnte go bhfuil an costas níos airde - €15 in aghaidh turais fhillte.

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá seo ag cur isteach ar na hoileánaigh agus orthu a úsáideann an bád mar, mar a dúirt an tAire Stáit féin, cosnaíonn an turas €15 don duine nuair nár chosnaigh sé €8 an duine. Tá méadú ar chostas an turais. Cén fáth nach bhfuil conradh sínithe don tseirbhís farantóireachta?

Níor thug an tAire Stáit freagra dom faoin aersheirhbís. Níl ann ach airgead do bhliain amháin. Cén fáth nach bhfuil buiséad ansin do na blianta atá amach romhainn?

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is féidir liom a rá go bhfuil an t-airgead céanna ar fáil do sheirbhísí farantóireachta agus aeir chuig na hoileáin i mbliana agus mar a bhí anuraidh: €5.95 milliún. Tá na hiarratais curtha ar aghaidh anois chuig an Eoraip ag iarraidh leanúint ar aghaidh leis an tseirbhís aeir ar feadh bliana eile ó mhí Lúnasa seo chugainn agus rogha bliana eile ina dhiaidh sin. Ní fíor go bhfuil deireadh curtha leis an seirbhís. Tá na heitleáin ag eitilt agus mé ag caint.

Mar a dúirt mé faoin seirbhís go hInis Mór, níor síníodh conradh idir an Roinn agus an farantóir. Bhí méadú costais an-mhór i gceist agus is seirbhís í seo a bhfuil brabús ag baint leis agus atá inmharathana mar go bhfuil an oiread sin daoine ag taisteal. Tá an tseirhbís á cur ar fáil i rith an ama go rialta, gan deontas ón Roinn agus tá an táille níos airde, mar a dúirt an Teachta. Ní mór cuimhneamh, áfach, go bhfuil an táille anois chomh hard agus a bhí sé sa bhliain 2005.

Minister of State at the Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht (Deputy Dinny McGinley):