Dáil debates

Thursday, 25 April 2013

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Seirbhís Farantóireachta

4:15 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Maidir leis an chostas, cosnaíonn seirbhís farantóireachta páisinéirí chuig Inis Meáin agus Inis Oírr ar a lú €800,000 in aghaidh na bliana, cosnaíonn an tseirbhís lastais chuig na trí oileán €735,234 in aghaidh na bliana, cosnaíonn seirbhís aeir chuig na trí oileán €1.61 milliún in aghaidh na bliana agus cosnaíonn an tseirbhís bainistíochta do na trí aeradróm €372,690 in aghaidh na bliana.

Bhí deireadh ag teacht leis an chonradh reatha don tseirbhís aeir agus do bhainistíocht na n-aerdróm ar an 31 Lúnasa i mbliana. Bhí an togra chun athnuachan a dhéanamh ar an seirbhís aeir san Official Journal of the European Union ar an 22 mí na Márta. Tá na doiciméid tairsiceana curtha ar shuíomh Idirlíne etenders.gov.ie leis an dáta 27 mí na Bealtaine 2013. D'iarr muid síneadh bliana agus an rogha ann le haghaidh bliana ina dhiaidh sin don tseirbhís aeir. Idir an dá linn, déanfar scrúdú arís ar riachtanais na seirbhíse sin. Tá áthas orm go bhfuil seirbhísí den scoth ag na trí oileán - seirbhísí farantóireachta, lastais agus aeir. Tá seacht seirbhís aeir in aghaidh an lae, trí cinn go hInis Mór, dhá cheann go hInis Oírr agus dhá cheann go hInis Mheáin.

Maidir leis an fharantóireacht go hInis Mór, níor éirigh linn an conradh a shíniú mar níor chuir an duine a bhí á déanamh iarratas isteach. Mar sin, tá sé ag leanúint leis an seirbhís farantóireachta mar a bhí, ach is cinnte go bhfuil an costas níos airde - €15 in aghaidh turais fhillte.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.