Dáil debates

Wednesday, 28 November 2012

2:30 pm

Photo of Seán CroweSeán Crowe (Dublin South West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an dtabharfaidh sé sonraí faoi líon na scéimeanna nua teanga atá deimhnithe ag Eagrais Phoiblí le bliain anuas agus, de réir an ráta deimhniúcháin, cathain a bheidh scéim teanga deimhnithe ag gach Eagras Poiblí [52979/12]

Photo of Brian StanleyBrian Stanley (Laois-Offaly, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an ndéanfaidh sé ráiteas ar an athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla atá ar siúl, agus am-scála a chur ar fáil don athbhreithniú sin [52981/12]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 11 agus 41 le chéile.

Ba mhaith liom a chur in iúl go bhfuil naoi scéim teanga daingnithe go dáta i mbliana. Ciallaíonn sé seo go bhfuil 108 céad scéim teanga san iomlán daingnithe ón uair gur tháinig Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm. Sa bhreis air seo, tá 122 dréachtscéim san iomlán á n-ullmhú ag comhlachtaí poiblí faoi láthair agus tá plé leanúnach agus gníomhach ar siúl ag oifigigh mo Roinne le roinnt mhaith de na comhlachtaí sin i rith na bliana seo. Táim dóchasach go mbeidh toradh dearfach ar an phlé sin agus go mbeidh tuilleadh scéimeanna daingnithe agam go luath.

Tá sé tábhachtach a threisiú go bhfanann forálacha na scéime teanga i bhfeidhm go dtí go n-aontaítear scéim nua. Tá sonraí maidir leis na scéimeanna uilig atá daingnithe go dáta, mar aon leis na scéimeanna atá a n-ullmhú faoi latháir, ar fáil ar shuíomh gréasáin Oifig an Choimisinéara Teanga, www.coimisineir.ie.

Mar atá ráite agam roimhe seo, tá sé aitheanta nach bhfuil córas na scéimeanna teanga gan laigí agus gur próiseas casta atá ann scéimeanna a aontú agus a dhaingniú. Tá sé tábhachtach a chur san áireamh fosta gur féidir leis an phróiseas sin a bheith dúshlánach do chomhlachtaí poiblí, go háirithe leis an bhrú ar acmhainní, mar atá i láthair na huaire.

Tá athbhreithniú ar chóras na scéimeanna mar chuid den athbhreithniú atá ar siúl faoi láthair ag mo Roinn ar Acht na dTeangacha Oifigiúla. Maidir leis an athbhreithniú sin, tá anailís déanta ar na haighneachtaí go léir a fuarthas faoin phróiseas comhairliúcháin poiblí. Chomh maith leis sin, tá breithniú ar an chás do leasú na reachtaíochta ag teacht chun críche agus tá súil agam go mbeidh ar mo chumas moltaí cuí i dtaca leis sin a chur faoi bhráid an Rialtais sár i bhfad.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Go dtí seo bhí 105 scéim teanga san iomlán daingnithe ón uair a tháinig Acht na dTeangacha Oifigiúla isteach. Clúdaíonn an 105 scéim sin 191 comhlacht poiblí ach tá 600 comhlacht poiblí san áireamh faoin Acht seo. Dúirt an tAire Stáit féin cúpla mí ó shin go raibh a Roinn ag obair ar 100 scéim nua a aontú.

Dúirt sé go raibh naoi scéim daingnithe i mbliana. Ní raibh ach scéim amháin daingnithe an bhliain seo caite. Dá réir sin, beidh deich mbliana de dhíth chun na gealltanais a rinne an tAire Stáit a chur i bhfeidhm. Is léir nach mbeidh sé in ann na gealltanais sin a líonadh agus go mbrisfear iad.

Tá fadhb ann mar tá pobal na Gaeilge buartha go bhfuil an Rialtas ag cur moille ar na scéimeanna teanga roimh athbhreithniú Acht na dTeangacha Oifigiúla a fhoilsiú. Tá pobal na Gaeilge an-bhuartha ar fad go bhfuil an Rialtas ag iarraidh fáil réidh leis na scéimeanna mar atá siad faoi láthair. Cén fáth nach bhfuil torthaí an athbhreithnithe sin foilsithe go fóill? Cathain a fhoilseofar iad? An bhfuil an Rialtas ag iarraidh fáil réidh leis na scéimeanna mar atá siad faoi lathair?

2:40 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar atá ráite ag an Teachta, tá naoi scéim nua teanga daingnithe go dtí seo i mbliana agus anuraidh tá sé fíor a rá nár daingníodh ach scéim amháin. Mar sin, táim cinnte go n-aontaíonn an Teachta, is dul chun cinn é ar an méid a tharla anuraidh. B’fhéidir go bhféadfadh sé bheith níos tapúla ach mar a dúirt tá brú ar chomhlachtaí anois. Tá oifigigh na Roinne ag plé le go leor comhlachtaí eile a bhfuil scéimeanna á n-ullmhú acu. Tá an dul chun chinn mall ach mar sin féin, ar a laghad tá dul chun cinn á dheanamh. Dála an scéal, aon scéim teanga a chuirtear amach, maireann an scéim teanga i réim, fiú tar éis trí bliana go dtagann ceann eile. Mar sin, clúdaíonn sé beagnach 200 as an 600 comhlacht. Má amharcaimid air mar sin, tá dul chun cinn déanta.

Ba mhaith liom go mbeadh sé níos fearr ach tá athbhreithniú á dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla agus tháinig a lán aighneachtaí isteach agus tá anailís á déanamh orthu agus beimid ábalta leasuithe ar an Acht teanga a thabhairt isteach más gá. Is próiseas fada é sin chomh maith. Sula ndéanfar aon leasú ar an Acht, ní mór dul i mbun comhráití leis na Ranna go léir eile mar tá freagrachtaí agus dualgais orthu uilig.

Tugaim moladh d’oifigigh na Roinne mar tá siad an-ghnóthach ar fad le tamall anuas. Chuir muid Bille na Gaeltachta fríd roimh an samhradh agus anois táimid ag cur an Bille um Choimisiún Thithe an Oireachtais fríd agus mar sin tá reachtaíocht go leor idir lámha sa Roinn chomh fada agus a bhaineann sé le cúrsaí teanga.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an Rialtas ag bogadh ar luas seilide faoi láthair. Foilsíodh fógra an athbhreithnithe mí na Samhna anuraidh. Bhí spriocdháta ann chun haighneachtaí a chur isteach i mí Eanáir. Anois, mí na Samhna atá ann ach fós níl an Rialtas sásta na torthaí a fhoilsiú. In 2007, nuair a bhí an Rialtas deireanach i bhfeidhm, daingníodh 29 scéim agus 17 scéim in 2008. De réir shlat tomhais an Aire Stáit féin, bheadh 100 daingnithe agus an Rialtas seo i réim ach tá an Rialtas ag bogadh ar luas seilide; níl ach deich scéim daingnithe.

Bhí sé le tuiscint nach raibh sna scéimeanna sin ach tús. Bhí ar na comhlachtaí Stáit dul chun cinn a dhéanamh scéimeanna teanga nua a chur i bhfeidhm gach cúpla bliain. Fós, tá sé dochreidte an méid eagraíochtaí nach bhfuil an dara scéim teanga curtha i bhfeidhm acu. Táim ag caint faoi Oifig an Ard-Reachtaire Cúntas agus Ciste, an Binse Comhionannais, Gailearaí Náisiúnta na hÉireann, Bord Scannán na hÉireann, an Garda Síochána, Comhairle Chontae Chill Mhantáin, Coiste Gairmoideachais Chontae Chorcaí. Níl ann ach sampla de na comhlachtaí atá ag sárú na bun-chloiche seo chun seirbhísí Gaeilge a bheith ar fáil go forleathan ar fud na tíre. Cathain a fhoilseoidh an Rialtas na torthaí? An bhfuil an Rialtas ag dul ar aghaidh leis na scéimeanna teanga seo tar éis an athbhreithnithe nó an mbeidh cuma dhifriúil ar fad orthu?

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tháinig an-chuid de na scéimeanna isteach. Tá an méid is féidir leis an Roinn a dhéanamh teoranta go leor nuair atá an oiread sin oibre eile ag dul ar aghaidh. Tá an anailís agus an scrúdú ar na haighneachtaí a tháinig isteach ar tí bheith críochnaithe. Má tá reachtaíocht úr le tabhairt isteach, próiseas Rialtais atá ann, ní amháin ag brath ar an Roinn ach ar an Rialtas féin. Ní mór dul i gcomhairle le hAirí eile ach tá súil agam go mbeidh dul chun cinn le feiceáil agus go mbeidh na moltaí i dtaca leis an athbhreithniú ag dul faoi bhráid an Rialtais go luath.

Written Answers follow Adjournment.