Dáil debates

Wednesday, 28 November 2012

Other Questions

Scéimeanna Teanga

2:30 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 11 agus 41 le chéile.

Ba mhaith liom a chur in iúl go bhfuil naoi scéim teanga daingnithe go dáta i mbliana. Ciallaíonn sé seo go bhfuil 108 céad scéim teanga san iomlán daingnithe ón uair gur tháinig Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm. Sa bhreis air seo, tá 122 dréachtscéim san iomlán á n-ullmhú ag comhlachtaí poiblí faoi láthair agus tá plé leanúnach agus gníomhach ar siúl ag oifigigh mo Roinne le roinnt mhaith de na comhlachtaí sin i rith na bliana seo. Táim dóchasach go mbeidh toradh dearfach ar an phlé sin agus go mbeidh tuilleadh scéimeanna daingnithe agam go luath.

Tá sé tábhachtach a threisiú go bhfanann forálacha na scéime teanga i bhfeidhm go dtí go n-aontaítear scéim nua. Tá sonraí maidir leis na scéimeanna uilig atá daingnithe go dáta, mar aon leis na scéimeanna atá a n-ullmhú faoi latháir, ar fáil ar shuíomh gréasáin Oifig an Choimisinéara Teanga, www.coimisineir.ie.

Mar atá ráite agam roimhe seo, tá sé aitheanta nach bhfuil córas na scéimeanna teanga gan laigí agus gur próiseas casta atá ann scéimeanna a aontú agus a dhaingniú. Tá sé tábhachtach a chur san áireamh fosta gur féidir leis an phróiseas sin a bheith dúshlánach do chomhlachtaí poiblí, go háirithe leis an bhrú ar acmhainní, mar atá i láthair na huaire.

Tá athbhreithniú ar chóras na scéimeanna mar chuid den athbhreithniú atá ar siúl faoi láthair ag mo Roinn ar Acht na dTeangacha Oifigiúla. Maidir leis an athbhreithniú sin, tá anailís déanta ar na haighneachtaí go léir a fuarthas faoin phróiseas comhairliúcháin poiblí. Chomh maith leis sin, tá breithniú ar an chás do leasú na reachtaíochta ag teacht chun críche agus tá súil agam go mbeidh ar mo chumas moltaí cuí i dtaca leis sin a chur faoi bhráid an Rialtais sár i bhfad.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.