Dáil debates

Wednesday, 28 November 2012

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Oibleagáid Seirbhíse Poiblí

1:30 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an féidir leis gealltanas a thabhairt go gcoinneofar an maoiniú oibleagáide seirbhíse poiblí d'aeriompar chuig Árainn ag an leibhéal atá ann faoi láthair. [53113/12]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Beidh an conradh reatha ceithre bliana chun seirbhís aeir a chur ar fáil d’Oileáin Árann faoi oibleagáid seirbhíse poiblí ag teacht chun deiridh ar 31 Lúnasa 2013. Ina theannta sin, tá conradh eile ag mo Roinn chun bainistiú a dhéanamh ar na haeradróim ar na hoileáin agus tiocfaidh deireadh leis an gconradh sin ar an dáta céanna. Cosnaíonn na seirbhísí sin beagnach €2 mhilliún ar mo Roinn in aghaidh na bliana. Is ionann é sin agus timpeall an tríú cuid de bhuiséad reatha mo Roinne do na hoileáin.

Ní miste dom a lua gur thug mé cuairt ar Inis Mór le déanaí agus gur chas mé fosta le toscaireacht ó mhuintir Árann in éineacht lena gcuid ionadaithe poiblí an tseachtain seo chaite. Is deimhin liom, mar sin, go dtuigim go maith an tábhacht a bhaineann leis na seirbhísí aeir do phobal Árann.

Mar is eol don Teachta, áfach, tá ciorruithe á ndéanamh ar chaiteachas trasna na seirbhíse poiblí agus ní haon eisceacht é an caiteachas ar na hoileáin. Tá mo Roinn ag breathnú ar chostas na seirbhíse aeir i gcomhthéacs an phróisis meastachán agus i gcomhthéacs na gconarthaí eile a bhaineann le seirbhísí iompair do na hoileáin. Déanfar cinneadh i dtráth cuí i gcomhthéacs an tsoláthair a bheidh ar fáil do mo Roinn le fóirdheontais a thabhairt do sheirbhísí den chineál seo.

1:40 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is ábhar tábhachtach é seo agus is ábhar mór imní é freisin do mhuintir Oileáin Árann. Mar is eol don Aire Stáit, tá muintir na n-oileán anseo i mBaile Átha Cliath inniu le haghaidh preas ócáid ar an ábhar seo. Dúirt an tAire Stáit le pobal Oileáin Árann go n-ardódh sé an cheist seo leis an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, an Teachta Howlin, agus go mbualadh sé leis an tseachtain seo caite. Ar bhuail an tAire Stáit leis maidir leis an cheist seo agus cad a dúirt an tAire leis? Ar chuir an tAire Stáit an cheist ar an Aire agus cén freagra a thug sé ar an ábhar tábhachtach seo?

Is léir go ndéanfaidh aon chinneadh a ísleoidh an t-airgead atá ag dul do na seirbhísí seo an-damáiste do mhuintir Oileáin Árann. Ceapann an coiste atá i gceannas ar na hoileáin go n-imeodh thart ar 20% den phobal ón Inis Mór go fadtéarmach muna mbeadh an tseirbhís seo i bhfeidhm. Is bagairt mór an cinneadh seo do thodhchaí an oileáin agus do chúrsaí sláinte agus oideachais ar an oileán. Tá sé an deacair do sheandaoine agus daoine tinn dul ar an mbád i rith an gheimhridh nuair a bhíonn drochaimsear ann. Caithfear seirbhís mar seo a choinneáil i bhfeidhm agus caithfidh cruinneas a bheith ann fúithi.

Ba chóir go mbeadh an tAire Stáit sásta a rá inniu go rachaidh an tseirbhís se ar aghaidh go fadtéarmach agus nach bhfuil aon bhagairt uirthi.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an próiseas Meastachán ar siúl go fóill agus beidh go dtí lá na cáinfhaisnéise. Maidir le Oileáin Árann agus na hoileáin ar fad ar an chósta, tá breis agus 20 oileán ann a gcuireann an Roinn airgead ar fáil dóibh le haghaidh farantóireacht, lastas, aer seirbhís agus busanna. Tuigim go han-mhaith chomh tábhachtach agus atá na seirbhísí seo do na hoileáin. Is é an cuspóir atá agam ná na seirbhísí seo a choinneáil ag dul ar aghaidh chomh fada agus is féidir i dtuilleamaí an méid airgid a bheidh ar fáil sna Meastacháin.

Thug mé cuairt ar Oileáin Árann. Bhí mé in Inis Mór cúpla seachtain ó shin agus bhí me in Inis Meáin agus Inis Oírr. Bhuail mé le muintir na n-oileán agus bhuail mé leo agus lena iodaithe poiblí an tseachtain seo caite. Tá a fhios agam go bhfuil siad sa chathair inniu arís. Ba mhaith liom a chur ina luí ar an Teach go dtuigim go fíor mhaith, mar duine a bhfuil an-eolas agam ar na hoileáin caidé chomh tábhachtach agus atá na seirbhísí seo. Geallaim go ndéanfaidh mise gach iarracht gach seirbhís gur féidir a choinneáil ar siúl. Ach mar sin féin, ní bheidh freagra na ceiste againn go dtí go mbeidh a fhios againn go díreach cá bhfuil muid inár seasamh.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá aithne mhaith ag gach éinne ar Oileáin na Blascaoide agus ar Inis Airc agus ar oileáin eile mar iad timpeall na tíre atá marbh mar oiléain ar a bhfuil pobal beo. Má stopann an Rialtas an tseirbhís seo, cuirfidh sin an-brú ar chúrsaí gnó, cúrsaí fostaíochta agus cúrsaí turasóireachta ar an oileán seo. Tá an cumhacht ag an Aire Stáit. Is léir gur buille tubaisteach é seo don oileán. Ba cheart go mbeadh an tAire Stáit sásta a bheith oscailte agus go mbeadh sé in ann teacht amach agus a rá go rachaidh an tseirbhís seo ar aghaidh agus nach mbeidh fadhb ar bith leí.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar a dúirt mé, tuigim na himpleachtaí go léir. Tá cuairt tugtha agam ar na hoileáin go léir agus chas mé le muintir na n-oileán agus rinne siad moltaí deimhnitheacha agus fiúntacha an lá deireannach a bhí siad anseo. Tá plé le déanamh ar na rudaí seo.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar bhuail an tAire Stáit leis an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe?

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Táim ag éisteacht le glór na n-oileán.