Dáil debates

Tuesday, 6 March 2012

Other Questions

Oifig an Choimisinéara Teanga

3:00 pm

Photo of Brendan SmithBrendan Smith (Cavan-Monaghan, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 65: To ask the Aire Ealaíon; Oidhreachta agus Gaeltachta an ndéanfaidh sé a chinneadh maidir le hOifig an Choimisinéara Teanga a chónascadh le hOifig an Ombudsman a chur ar ceal; má léiríonn an pobal go bhfuil siad ag iarraidh go mbeadh Oifig an Choimisinéara Teanga ina hoifig reachtúil neamhspleách sna haighneachtaí agus sna suirbhéanna atá curtha acu faoi bhráid a Roinne mar chuid den athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [12555/12]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 95: To ask the Aire Ealaíon; Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sé chun a chinneadh ar an gCoimisinéir Teanga a athrú. [12567/12]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 65 agus 95 le chéile.

Mar is eol do na Teachtaí, d'fhógair an Rialtas ar an 17 Samhain 2011 go raibh cinneadh tógtha feidhmeanna Oifig an Choimisinéara Teanga a chónascadh le hOifig an Ombudsman agus go raibh an cinneadh sin le cur i gcrích i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, atá ar siúl ag mo Roinnse faoi láthair. Tógadh an cinneadh sin mar chuid de phlean athchóirithe an Rialtais don tseirbhís phoiblí. Faoin bplean sin, tá sé beartaithe ag an Rialtas go ndéanfar cuíchóiriú ar 48 comhlacht poiblí faoi dheireadh na bliana 2012 agus go ndéanfar athbhreithniú criticiúil ar 46 comhlacht poiblí eile faoi mhí an Mheithimh 2012.

Glactar leis, ar ndóigh, go dtagann saincheisteanna chun cinn do na heagraíochtaí éagsúla atá i gceist de thoradh na gcinntí seo. Tá coiste athchóirithe bunaithe ag mo Roinnse chun scrúdú a dhéanamh ar na saincheisteanna ábhartha a bhaineann leis na heagraíochtaí ar leith a thagann faoi scáth mo Roinnse. Tá an coiste ag plé go gníomhach leis na heagraíochtaí éagsúla atá i gceist, lena n-áirítear Oifig an Choimisinéara Teanga, le gur féidir cinntí an Rialtais a chur i bhfeidhm ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil.

Maidir le hOifig an Choimisinéara Teanga, ní miste dom a rá go dteastóidh leasú reachtaíochta chun an cónascadh a chur i bhfeidhm.

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

An mbeidh aon airgead le sábháil de bharr an chinnidh seo, Oifig an Choimisinéara Teanga a chónascadh le hOifig an Ombudsman? An aontaíonn an tAire Stáit gur cheart go mbeadh an oifig seo neamhspleách agus nár cheart é a chónascadh le hOifig an Ombudsman?

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Níl cinneadh déanta deireadh a chur le hOifig an Choimisinéara Teanga, agus leanfaidh an coimisinéir agus a oifig ar aghaidh leis na freagrachtaí agus leis na dualgais atá ag an oifig i láthair na huaire. Tá an t-athbhreithniú ar siúl faoi láthair agus tháinig an chéad ghné de chun críche ansin cúpla seachtain ó shin agus tháinig a lán suirbhéanna agus a lán aighneachtaí isteach agus nuair atá anailís agus scrúdú déanta orthu, cuirfear chuig an Roinn iad. Más gá reachtaíocht chun iad a chur i bhfeidhm, rachaidh sé os comhair an Rialtais ag an bpointe sin.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Ní aontaíonn saineolaí teanga ar bith leis an Aire Stáit faoin ábhar seo. Dé réir na saineolaithe go léir, céim siar atá i gceist anseo don teanga. Tá pobal na Gaeilge agus eagraíochtaí na Gaeilge ar fud na tíre in éadan an chinnidh seo. Cé mhéid airgid a shábhálófar de bharr an chinnidh seo agus cén dochar a dhéanfaidh an cinneadh ar an Ghaeilge?

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Braitheann sé ar thoradh an athbhreithnithe cad é an méid airgid a bheidh le sábháil idir cíos agus mar sin de. Maidir le tuarastal, leanfaidh an tOmbudsman ar aghaidh leis an fhoireann atá aici agus b'fhéidir go mbeidh breis foirne aici. Braitheann sé cén áit a mbeidh an oifig lonnaithe ann; b'fhéidir go mbeidh sé lonnaithe san áit chéanna. Ní féidir liom freagra iomlán a thabhairt ar na ceisteanna sin go dtí go bhfuil anailís agus scrúdú déanta ar na haighneachtaí agus na suirbhéanna a cuireadh isteach. Tá seo ag dul ar aghaidh agus beidh gach suirbhé agus aighneacht le feiceáil ar shuíomh Idirlíne na Roinne mar tugadh cead dúinn iad a chur os comhair an phobail.

Tá sé ag dul ar aghaidh agus ar aghaidh ach ag an bpointe seo, tá sé á dhéanamh i gcomhthéacs Acht na dTeangacha Oifigiúla. Má tá gá le reachtaíocht le leasú a dhéanamh, tharlóidh sin, ach caithfidh sé dul os comhair an Rialtais arís.