Dáil debates

Tuesday, 6 March 2012

 

Oifig an Choimisinéara Teanga

3:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 65 agus 95 le chéile.

Mar is eol do na Teachtaí, d'fhógair an Rialtas ar an 17 Samhain 2011 go raibh cinneadh tógtha feidhmeanna Oifig an Choimisinéara Teanga a chónascadh le hOifig an Ombudsman agus go raibh an cinneadh sin le cur i gcrích i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, atá ar siúl ag mo Roinnse faoi láthair. Tógadh an cinneadh sin mar chuid de phlean athchóirithe an Rialtais don tseirbhís phoiblí. Faoin bplean sin, tá sé beartaithe ag an Rialtas go ndéanfar cuíchóiriú ar 48 comhlacht poiblí faoi dheireadh na bliana 2012 agus go ndéanfar athbhreithniú criticiúil ar 46 comhlacht poiblí eile faoi mhí an Mheithimh 2012.

Glactar leis, ar ndóigh, go dtagann saincheisteanna chun cinn do na heagraíochtaí éagsúla atá i gceist de thoradh na gcinntí seo. Tá coiste athchóirithe bunaithe ag mo Roinnse chun scrúdú a dhéanamh ar na saincheisteanna ábhartha a bhaineann leis na heagraíochtaí ar leith a thagann faoi scáth mo Roinnse. Tá an coiste ag plé go gníomhach leis na heagraíochtaí éagsúla atá i gceist, lena n-áirítear Oifig an Choimisinéara Teanga, le gur féidir cinntí an Rialtais a chur i bhfeidhm ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil.

Maidir le hOifig an Choimisinéara Teanga, ní miste dom a rá go dteastóidh leasú reachtaíochta chun an cónascadh a chur i bhfeidhm.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.