Dáil debates

Thursday, 24 November 2011

5:00 pm

Photo of Michael ColreavyMichael Colreavy (Sligo-North Leitrim, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 9: To ask the an Aire Ealaíon; Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil comhaontú aige leis an gComhairle Ealaíon chun cómhaoiniú a dheimhniú d'Ealaíona na Gaeltachta do na blianta atá romhainn. [36565/11]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Is fochuideachta de chuid Údarás na Gaeltachta é Ealaín (na Gaeltachta) Teo, a chuireann forbairt na n-ealaíon comhaimseartha agus traidisiúnta chun cinn i gceantair Ghaeltachta. Is é Údarás na Gaeltachta agus An Chomhairle Ealaíon a dhéanann an fhochuideachta a chómhaoiniú.

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil maoiniú iomlán de €820,000 curtha ar fáil d'Ealaín (na Gaeltachta) Teo don bhliain 2011, ar bhunús leath agus leath ón údarás agus ón gComhairle Ealaíon araon. Beidh maoiniú na fochuideachta don todhchaí ag brath ar an gciste iomlán a bheidh ar fáil don údarás agus don Chomhairle Ealaíon, agus ar na socruithe cómhaoinithe a aontófar eatarthu.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Tá sé dochreidte go raibh deich mí de dhíth an bhliain seo caite chun buiséad a réiteach don bhliain 2011. Bhí Ealaín na Gaeltachta ag fanacht deich mí chun an buiséad a fháil. An mbeadh an tAire Stáit in ann feidhmiú mar sin? An bhfuil sé sásta gealltanas a thabhairt inniu go mbeidh a fhios ag Ealaíon na Gaeltachta i mí Eanáir cén buiséad a bheidh ann don bhliain seo chugainn? Cé mhéad airgid a thabharfar don eagraíocht?

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tá eolas pearsanta agam ar an obair thábhachtach atá ar siúl ag Ealaín na Gaeltachta. Bhí deis agam cuairt a thabhairt ar chuid de na himeachtaí a dtug Ealaín na Gaeltachta tacaíocht agus cuidiú dóibh ar na hoileáin, i mo cheantar féin, i gCiarraí, i gCorcaigh agus in áiteanna eile. Ghlac sé níos faide ná mar is gnách leis na comhráití idir Údarás na Gaeltachta agus Ealaín na Gaeltachta a chríochnú agus bhí moill ann ag teacht chun socrú i mbliana. Leis an fhírinne a rá, níor chuir sé isteach an oiread sin ar éifeacht na scéimeanna atá á ndéanamh ag Ealaín na Gaeltachta.

Tá cúrsaí Ealaín na Gaeltachta an-tábhachtach agus tá gach sórt ealaíon ar siúl ar fud na Gaeltachta acu. Ag an phointe seo tá súil agam go mbeidh acmhainní ar fáil don bhliain seo chugainn ach mar a dúirt an tAire ní féidir linn a rá ag an phointe seo go díreach cé mhéad a bheidh ar fáil sna Meastacháin cionn is nach bhfuil siad socraithe go fóill. Caithfimid fanacht go dtí go dtiocfaidh na Meastacháin amach i gceann seachtaine nó dhó agus fanacht ar an cháinfhaisnéis ina dhiaidh sin. Mar sin féin, tá súil agam go mbeidh airgead ar fháil a chuirfidh ar chumas an Chomhairle Ealaíon agus Ealaín na Gaeltachta dul ar aghaidh leis an obair thábhachtach atá idir lámha acu i réimse na n-ealaíon go ginearálta.