Dáil debates

Thursday, 24 November 2011

 

Ealaín na Gaeltachta

5:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Tá eolas pearsanta agam ar an obair thábhachtach atá ar siúl ag Ealaín na Gaeltachta. Bhí deis agam cuairt a thabhairt ar chuid de na himeachtaí a dtug Ealaín na Gaeltachta tacaíocht agus cuidiú dóibh ar na hoileáin, i mo cheantar féin, i gCiarraí, i gCorcaigh agus in áiteanna eile. Ghlac sé níos faide ná mar is gnách leis na comhráití idir Údarás na Gaeltachta agus Ealaín na Gaeltachta a chríochnú agus bhí moill ann ag teacht chun socrú i mbliana. Leis an fhírinne a rá, níor chuir sé isteach an oiread sin ar éifeacht na scéimeanna atá á ndéanamh ag Ealaín na Gaeltachta.

Tá cúrsaí Ealaín na Gaeltachta an-tábhachtach agus tá gach sórt ealaíon ar siúl ar fud na Gaeltachta acu. Ag an phointe seo tá súil agam go mbeidh acmhainní ar fáil don bhliain seo chugainn ach mar a dúirt an tAire ní féidir linn a rá ag an phointe seo go díreach cé mhéad a bheidh ar fáil sna Meastacháin cionn is nach bhfuil siad socraithe go fóill. Caithfimid fanacht go dtí go dtiocfaidh na Meastacháin amach i gceann seachtaine nó dhó agus fanacht ar an cháinfhaisnéis ina dhiaidh sin. Mar sin féin, tá súil agam go mbeidh airgead ar fháil a chuirfidh ar chumas an Chomhairle Ealaíon agus Ealaín na Gaeltachta dul ar aghaidh leis an obair thábhachtach atá idir lámha acu i réimse na n-ealaíon go ginearálta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.