Dáil debates

Tuesday, 28 June 2011

Adjournment Debate

Scéim Tógála Scoileanna

8:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá áthas orm an deis seo a fháil labhairt faoi Scoil an Bhaile Nua, Maigh Cuilinn, agus cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. Bhí an bheirt againn thiar i Leitir Mealáinn le déanaí agus chonaic sé obair iontach atá déanta sa scoil bheag ansin agus cóiríocht iontach uirthi. Feicfear amach anseo go raibh an polasaí a bhí ag Fianna Fáil i Rialtas maidir leis an devolved scheme thar a bheith stuama agus go bhfuil cóiríocht iontach curtha ar scoileanna beaga ar fud na tíre.

Scoil stairiúil í Scoil an Bhaile Nua. Tá sí suite roinnt bheag mílte taobh thiar de shráidbhaile Mhaigh Cuilinn agus go deimhin bhí conspóid faoin scoil seo sna 1970í nuair a bhí bagairt ar an scoil i nDún Caoin agus bhí bagairt an go ndúnfaí an scoil seo freisin. Bhí cur in aghaidh ag an am toisc gur scoil Ghaeltachta í agus gurbh í an Ghaeilge meán teagaisc na scoile agus tá sí mar sin ó shin. Is iomaí duine a chuaigh ar scoil ansin atá ina Ghaeilgeoir breá sa lá atá inniu ann mar gheall ar an oideachas iontach a fhaigheann na daltaí ar scoil ansin.

Is ceantar mór fairsing é ceantar Mhaigh Cuilinn, an ceantar chomh fada siar ansin go Ros Cathail, agus freastalaíonn an scoil ar cheantar fairsing. Tá 88 scolairí sa scoil, le ceithre oide agus ceithre rang. Tugaim cuireadh don Aire Stáit cuairt a thabhairt ar an scoil mar feicfidh sé ceann de na seanscoileanna. Tá sé go deas seanscoil a fheiceáil ach níl sé go deas bheith ag freastal nó ag múineadh i seanscoil. Tá seomraí ranga an-bheaga inti, ceann acu 49 meadar cearnógach agus ceann eile 52 meadar cearnógach. An gnáthrud a mholann an Roinn anois ná 80 meadar cearnógach do rang. Níl oifig ag an phríomhoide nó ag an fhoireann agus níl seomra ann don chúntóir teanga a thagann isteach ag treisiú Ghaeilge na ngasúr óga a théann chuig an scoil seo. Is trua nach bhfuil cóiríocht iomlán á cur ag an scoil.

Cheadaigh an Rialtas deireanach roinnt airgid don scoil chun seomra ranga a chur leis an scoil ach tá dhá sheomra réamhdhéanta ann. Cé nach bhfuil an tAire anseo anocht, táim cinnte gur cuimhin leis an gheallúint a thug sé i nGaillimh agus é ag comhdháil Phairtí an Lucht Oibre go bhfaigheadh sé réidh leis na seomraí réamhdhéanta uilig agus nach bhfágfaí ann iad. Tá péire i gceist sa scoil seo: seomra ranga buan agus seomra tacaíocht foghlamtha. Ní bhfaighidh siad réidh leis an dá sheomra réamhdhéanta leis an airgead atá curtha ar fáil faoi láthair. Mar sin, d'iarrfainn air cur leis an deontas atá ceadaithe don scoil.

Ar €254,000 breise, bheifí in ann céim 1, 2 agus 3 den obair bhreise atá le déanamh a dhéanamh. Ar €790,000 d'fhéadfaí an rud a chríochnú amach uilig agus seomra ilúsáid, nó GP room mar a tugtar air i mBéarla, a chur ar fáil. Chuirfeadh sé sin barr slacht ar an scoil seo agus ní thiocfaí in aice leis an Aire go ceann i bhfad ina dhiaidh sin mar bheadh cóiríocht ceart ar an scoil.

Mar is eol don Aire Stáit, nuair a bhí bunáite na scoileanna á dhéanamh cuireadh deontaisí breise ar fáil faoin Rialtas deiridh agus tugadh deis do scoileanna an cóiríocht a thabhairt suas don chaighdeán cheart le nach mbeadh aon gá le tuilleadh airgid chaipitil a chaitheamh ar bhunáite na scoileanna beaga ar fud na tíre go ceann i bhfad.

D'impóinn ar an Aire Stáit dea-scéal a thabhairt dom, ar a laghad go dtiocfadh sé siar agus go mbreathnódh sé ar an scoil. B'fhearr is bhfad liom go sábhalfadh sé an t-aistear air féin agus go gceadódh sé an t-airgead. Déanfaidh mé cinnte go bhfaighidh sé cuireadh len í a oscailt má dhéanann sé é sin. Ba bhreá liom é a fheiceáil thiar. Bhí an-la againn nuair a bhí muid thiar i Leitir Meallain. Beidh ceiliúradh mór againn arís nuair a osclóidh sé athchóiriú iomlán na scoile seo agus nuair a bhéas sé in ann é seo a leanas a rá. "Bhí mise ceart. Rinne mé an beart. Thug mé an t-airgead. Tá Scoil an Bhaile Nua ar cheann des na scoileanna is stairiúla i nGaeltacht na Gaillimhe agus tá cóiriú curtha agamsa air." Níl mórán scoileanna beaga mar seo fágtha againn don Aire Stáit. Seo an seans deiridh atá aige.

Beidh mé ag siúl le dea-scéal, ar a laghad go dtiocfaidh an t-Aire Stáit siar. Ach b'fhearr i bhfad an t-airgead a cheadú agus teacht agus í a oscailt.

Photo of Ciarán CannonCiarán Cannon (Galway East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tá mé ag tabhairt freagra ar an ábhar seo thar ceann mo chomhghleacaí, an tAire Oideachais agus Scileanna, an Teachta Ruairi Quinn. Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis an Teachta Ó Cuív faoin ábhar seo a tharraingt anuas mar go dtugann sé deis dom straitéis an Rialtais maidir le hinfheistíocht chaipitil i dtionscadail oideachais a leagan amach, chomh maith le soiléireacht a thabhairt ar chúrsaí mar atá faoi láthair maidir le Scoil Bhaile Nua, Maigh Cuilinn.

Mar is eol don Teachta Ó Cuív rinne údaras na scoile iarratas ar mhórmhaoiniú caipitil le síneadh a chur leis an scoil agus athrú a dhéanamh uirthi chomh maith le hobair athchóirithe. Mar chuid den phroiséas measúnaithe sanntar rátáil banda do thionscadail tógála ar scála mór de réir na gcritéir tosaíochta atá foilsithe. Ba i ndiaidh comhchómhairle le pairtnéiri oideachais a leagadh amach na critéir seo. Is de réir na rátala banda a thugtar dó a ghluaiseann tionscadal tógála tríd an gcóras. Tá ceithre rátáil banda ann, banda 1 an ceann is áirde agus banda a 4 an ceann is ísle. Rátáil banda 2.5 atá tugtha do thionscadal Scoil Bhaile Nua. Bíonn dul chun cinn gach tionscadal tógála ar scála mór, lena n-áiritear an tionscadal seo ón gcéim deartha tosaigh go dtí an chéim tógála, ag brath ar an maoiniú a bhíonn ar fáil faoi chlár ilbhliantúil tógála agus nuachóirithe scoileanna na Roinne agus ar an éileamh atá ar an maoiniú seo.

Nuair a bhí an t-iarratas dá dtagraítear dó thuas faighte, rinne an scoil iarratas i Márta 2010 ar sheomra eile breise príomhshrutha. Cheadaigh an Roinn an deontas don seomra ranga sin agus tá 70% den deontas tarraingthe ag an scoil go dtí seo. Tá ceathrar múinteoirí i Scoil Bhaile Nua. Anois go bhfuil an seomra ranga breise sin ceadaithe beidh ceithre sheomra ranga príomhshrutha sa scoil agus seomra eile a mbainfear leas as mar sheomra acmhainne/ilchuspóire.

I Meán Fómhair 2010 rinne údarás na scoile iarratas ar mhaoiniú suntasach breise chun seomra a chur in áit sheomra ranga sealadach, le seomrai ranga atá ann cheana a mhéadú agus le cóiríocht choimhdeach a sholáthar, lena n-áirítear seomra ilfhointeach. Cuireadh in iúl d'údarás na scoile nach bhféadfaí an t-iarratas sin a éascu ag an am.

Creideann an Roinn go bhfuil cóiríocht na scoile mar atá faoi láthair leordhóthanach le freastal ar riachtanais riachtanacha na scoile ó thaobh seomrai ranga príomhshrutha agus tacaíocht foghlama.

Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis an Teachta as an deis seo a thabhairt dom an staid reatha maidir le hiarratas ar mhaoiniú do thionscadal tógála Scoil Bhaile Nua a leagan amach don Teach.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Impím ar an Aire Stáit cuairt a thabhairt ar an scoil go bhfeicfeadh sé í. Freagra Státseirbhíseach atá tugtha aige.

Photo of Michael McCarthyMichael McCarthy (Cork South West, Labour)
Link to this: Individually | In context

Deputy Ó Cuív, you are long enough in the House to know you cannot do that.