Dáil debates
Tuesday, 28 June 2011
Scéim Tógála Scoileanna
8:00 pm
Ciarán Cannon (Galway East, Fine Gael)
Tá mé ag tabhairt freagra ar an ábhar seo thar ceann mo chomhghleacaí, an tAire Oideachais agus Scileanna, an Teachta Ruairi Quinn. Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis an Teachta Ó Cuív faoin ábhar seo a tharraingt anuas mar go dtugann sé deis dom straitéis an Rialtais maidir le hinfheistíocht chaipitil i dtionscadail oideachais a leagan amach, chomh maith le soiléireacht a thabhairt ar chúrsaí mar atá faoi láthair maidir le Scoil Bhaile Nua, Maigh Cuilinn.
Mar is eol don Teachta Ó Cuív rinne údaras na scoile iarratas ar mhórmhaoiniú caipitil le síneadh a chur leis an scoil agus athrú a dhéanamh uirthi chomh maith le hobair athchóirithe. Mar chuid den phroiséas measúnaithe sanntar rátáil banda do thionscadail tógála ar scála mór de réir na gcritéir tosaíochta atá foilsithe. Ba i ndiaidh comhchómhairle le pairtnéiri oideachais a leagadh amach na critéir seo. Is de réir na rátala banda a thugtar dó a ghluaiseann tionscadal tógála tríd an gcóras. Tá ceithre rátáil banda ann, banda 1 an ceann is áirde agus banda a 4 an ceann is ísle. Rátáil banda 2.5 atá tugtha do thionscadal Scoil Bhaile Nua. Bíonn dul chun cinn gach tionscadal tógála ar scála mór, lena n-áiritear an tionscadal seo ón gcéim deartha tosaigh go dtí an chéim tógála, ag brath ar an maoiniú a bhíonn ar fáil faoi chlár ilbhliantúil tógála agus nuachóirithe scoileanna na Roinne agus ar an éileamh atá ar an maoiniú seo.
Nuair a bhí an t-iarratas dá dtagraítear dó thuas faighte, rinne an scoil iarratas i Márta 2010 ar sheomra eile breise príomhshrutha. Cheadaigh an Roinn an deontas don seomra ranga sin agus tá 70% den deontas tarraingthe ag an scoil go dtí seo. Tá ceathrar múinteoirí i Scoil Bhaile Nua. Anois go bhfuil an seomra ranga breise sin ceadaithe beidh ceithre sheomra ranga príomhshrutha sa scoil agus seomra eile a mbainfear leas as mar sheomra acmhainne/ilchuspóire.
I Meán Fómhair 2010 rinne údarás na scoile iarratas ar mhaoiniú suntasach breise chun seomra a chur in áit sheomra ranga sealadach, le seomrai ranga atá ann cheana a mhéadú agus le cóiríocht choimhdeach a sholáthar, lena n-áirítear seomra ilfhointeach. Cuireadh in iúl d'údarás na scoile nach bhféadfaí an t-iarratas sin a éascu ag an am.
Creideann an Roinn go bhfuil cóiríocht na scoile mar atá faoi láthair leordhóthanach le freastal ar riachtanais riachtanacha na scoile ó thaobh seomrai ranga príomhshrutha agus tacaíocht foghlama.
Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis an Teachta as an deis seo a thabhairt dom an staid reatha maidir le hiarratas ar mhaoiniú do thionscadal tógála Scoil Bhaile Nua a leagan amach don Teach.
No comments