Dáil debates

Thursday, 14 April 2011

Priority Questions

Feidhmeanna Fiontraíochta

2:00 pm

Photo of Seán Ó FearghaílSeán Ó Fearghaíl (Kildare South, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 4: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist feidhmeanna fiontraíochta Údarás na Gaeltachta a fhágáil acu sa bhfadtéarma; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [8096/11]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Mar is eol don Teachta, tá sé molta sa straitéis 20 bliain don Ghaeilge, a ritheann ó 2010 go 2030, go mbunófaí údarás Gaeilge agus Gaeltachta, dar teideal "Údarás na Gaeilge agus na Gaeltachta", a ghníomhódh ar bhonn náisiúnta agus a chomhlíonfadh feidhmeanna ábhartha a dhéanann Údarás na Gaeltachta agus eagraíochtaí Stáit agus neamhrialtasacha eile i láthair na huaire, de réir mar is cuí. Tá sé ráite sa straitéis freisin go leagfar síos ról sonrach agus feidhmeanna sonracha an údaráis mholta nua i ndréacht-reachtaíocht. Tá na céimeanna tosaigh á dtógáil i mo Roinn i ndáil le hullmhú na dréacht-reachtaíochta faoin mBille Gaeltachta. Táthar ag súil go bhfoilseofar an dréacht-reachtaíocht i 2012, de réir phlean reachtaíochta an Rialtais. Ag an gcéad chruinniú inniu den choiste Rialtais faoin nGaeilge agus faoin nGaeltacht, atá athbhunaithe ag an Rialtas faoi chathaoirleacht an Taoisigh, rinneadh plé ar na féidearthachtaí maidir le cur i bhfeidhm na straitéise. Tá mo Roinn chun roinnt moltaí maidir leis na féidearthachtaí seo agus na roghanna a bhaineann leo a ullmhú don chéad chruinniú eile den choiste Rialtais.

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Deireann an straitéis 20 bliain go bhfuil na feidhmeanna fiontraíochta le fágáil leis an údarás. An bhfuil an Aire Stáit ag seasamh le sin? Is ceist shimplí í.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Os rud é go bhfuil ceantar Gaeltachta i mo dháilcheantar fhéin, tuigim an tábhacht a bhaineann le Údarás na Gaeltachta. Tá an-obair déanta ag an údarás, mar shampla chun postanna a chur ar fáil. Tá dualgas fiontraíochta mar chuid dá ndualgaisí. Tuigim chomh tábhachtach agus atá sé gur mar sin a bheidh; ach é sin ráite, táimid ag ullmhú na dréacht-reachtaíochta anois. Tá na moltaí agus na tuairimí uilig á bplé sa Roinn, sna Ranna eile a bhfuil teagmháil againn leo agus ag an ionad straitéise. Beidh na cúraimí a bheidh ag Údarás na Gaeltachta le feiceáil sa dréachtphlean.

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá Gaeltacht i nGaillimh freisin, mar is eol don Aire Stáit.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tuigim é sin. Níl sé i nGaillimh Thoir.

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá muintir na Gaeltachta sa chontae ag iarraidh a chinntiú go mbeidh na feidhmeanna seo ag an údarás. An bhfuil an Aire Stáit in ann a rá go mbeidh na feidhmeanna ag an údarás?

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tá sé molta sa straitéis go mbeidh na feidhmeanna ag an údarás. Tá siad ag an údarás i láthair na huaire. Tá deacrachtaí leo, áfach, de bharr go bhfuil íslú tagtha ar an allúntas caipitil atá curtha ar fáil don údarás i mbliana, ó €16 milliún anuraidh go dtí €6 milliún i mbliana. Caithfimid amharc ar na féidearthachtaí atá ann i gcomhthéacs an aeráid eacnamaíochta atá againn. Mar a dúirt mé, tá an straitéis sa Roinn agus tá an dréacht-reachtaíocht á ullmhú. Beidh gach rud soiléir sa dréacht-reachtaíocht.

Question No. 5 answered with Question No. 3.