Dáil debates

Thursday, 14 April 2011

2:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Mar is eol don Teachta, tá sé molta sa straitéis 20 bliain don Ghaeilge, a ritheann ó 2010 go 2030, go mbunófaí údarás Gaeilge agus Gaeltachta, dar teideal "Údarás na Gaeilge agus na Gaeltachta", a ghníomhódh ar bhonn náisiúnta agus a chomhlíonfadh feidhmeanna ábhartha a dhéanann Údarás na Gaeltachta agus eagraíochtaí Stáit agus neamhrialtasacha eile i láthair na huaire, de réir mar is cuí. Tá sé ráite sa straitéis freisin go leagfar síos ról sonrach agus feidhmeanna sonracha an údaráis mholta nua i ndréacht-reachtaíocht. Tá na céimeanna tosaigh á dtógáil i mo Roinn i ndáil le hullmhú na dréacht-reachtaíochta faoin mBille Gaeltachta. Táthar ag súil go bhfoilseofar an dréacht-reachtaíocht i 2012, de réir phlean reachtaíochta an Rialtais. Ag an gcéad chruinniú inniu den choiste Rialtais faoin nGaeilge agus faoin nGaeltacht, atá athbhunaithe ag an Rialtas faoi chathaoirleacht an Taoisigh, rinneadh plé ar na féidearthachtaí maidir le cur i bhfeidhm na straitéise. Tá mo Roinn chun roinnt moltaí maidir leis na féidearthachtaí seo agus na roghanna a bhaineann leo a ullmhú don chéad chruinniú eile den choiste Rialtais.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.