Dáil debates

Thursday, 14 April 2011

Priority Questions

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

2:00 pm

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 1: To ask the an Aire Gnóthaí Pobail; Comhionannais agus Gaeltachta cén uair a fhoilseofar an plean gníomhaíochta don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [8095/11]

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 2: To ask the an Aire Gnóthaí Pobail; Comhionannais agus Gaeltachta cé na bearta atá tógtha aici le Straitéis 2030 d'fhorbairt agus do chaomhnú na Gaeilge agus na Gaeltachta a chur i bhfeidhm ó thaobh an Aonaid Straitéise sa Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta de; ó thaobh struchtúr traspháirtí a chur le chéile; ó thaobh aon dréacht-reachtaíochta a bhaineann leis seo; ó thaobh Plean Gníomhaíochta do na chéad sé mhí don obair thrasrannach ina gcuirfear na réimsí oideachais, Gaeltachta, fiontraíochta agus cruthú postanna, teaghlaigh, an phobail agus seirbhísí poiblí san áireamh. [8106/11]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 1 agus 2 le chéile.

Aithnítear sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010–2030, a bhfuil tacaíocht traspháirtí aici, go mbeidh gá le cur chuige céimneach chun bearta éagsúla na straitéise a chur i gcrích thar thréimhse 20 bliain. Is cúis sásaimh dom a chur in iúl go bhfuil an coiste Rialtais faoin nGaeilge agus faoin nGaeltacht athbhunaithe ag an Rialtas faoi chathaoirleacht an Taoisigh féin agus go raibh an chéad chruinniú den choiste Rialtais ann maidin inniu.

Sa tréimhse amach romhainn, déanfaidh an coiste Rialtais maoirseacht ar an dul chun cinn maidir le cur i bhfeidhm na straitéise agus beidh grúpa oifigeach sinsearach ó na Ranna Rialtais cuí ag tabhairt tacaíochta don choiste Rialtais.

Chomh maith leis sin, tá aonad straitéise bunaithe i mo Roinnse ó thús na bliana seo, mar atá molta sa straitéis. Tá an t-aonad straitéise freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an bpróiseas pleanála straitéise agus ar phleananna oibríochta ó na comhlachtaí forfheidhmithe, chomh maith le cinntiú go ndéantar feidhmiú trasrannach ar thionscnaimh agus monatóireacht ar fhorbairt acmhainní. Go bunúsach, tá an t-aonad straitéise ag tabhairt aghaidh go córasach ar na céimeanna is gá a thógáil le cinntiú go gcuirtear an straitéis i bhfeidhm.

Maidir leis na bearta atá idir lámha i mo Roinnse chun an straitéis a chur i gcrích, tá dréachtphlean forfheidhmithe do chur i bhfeidhm na straitéise i mbliana curtha i dtoll a chéile ag an aonad straitéise. Tá an dréachtphlean seo le faomhadh agamsa, mar Aire Stáit, agus ag an Aire, an Teachta Jimmy Deenihan, chomh maith. Chomh maith leis sin, tá na céimeanna tosaigh á dtógáil ag an aonad straitéise i ndáil le hullmhú na dréacht-reachtaíochta faoin mBille Gaeltachta. Mar is eol don Teachta, táthar ag súil, ach cead an Rialtais a bheith ar fáil di, go bhfoilseofar an dréacht-reachtaíocht i 2012, de réir phlean reachtaíochta an Rialtais. Tá roinnt grúpaí oibre bunaithe nó ar tí a bheith bunaithe, idir oifigigh san aonad straitéise i mo Roinn agus oifigigh i Ranna agus i gcomhlachtaí poiblí eile, chun tosaíochtaí na straitéise a chur chun cinn.

Is léir, mar sin, go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh agus go bhfuil aghaidh á thabhairt ar na céimeanna is gá a thógáil d'fhonn an straitéis a chur i bhfeidhm laistigh de na hacmhainní teoranta atá ar fáil san aeráid eacnamaíoch reatha.

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Ar dtús, déanaim comhgairdeas leis an Aire Stáit agus leis an Aire.

Bhí an Tánaiste ag caint sa Dáil ar maidin mar gheall ar an bhfo-choiste i leith na Gaeilge. Tá cupla ceist agam maidir leis an ráiteas sin. Cén uair a bheidh an plean foilsithe? Mar shampla, an mbeidh sé foilsithe roimh bhriseadh an tsamhraidh?

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Mar a dúirt mé, bhí an chéad chruinniú ag an choiste Rialtais inniu. Tá aonad straitéise i mo Roinnse atá ag ullmhú pleananna chun an dréacht-reachtaíocht a thabhairt chun tosaigh. Tá roinnt grúpaí oibre bunaithe, idir oifigí san aonad straitéise agus i Ranna, in oifigí agus i gcomhlachtaí eile. Tá na comhráití ag dul ar aghaidh agus na tuairimí á mbailiú agus tá an dréacht-reachtaíocht á ullmhú. Tá súil againn go mbeidh sé ar fáil, go cinnte go luath san bhliain seo chugainn.

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

An mbeidh seans againn an cheist seo a phlé sa Dáil agus díospóireacht a chur ar bun?

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Maidir leis an reachtaíocht is gá a thabhairt isteach leis an straitéis a chur chun cinn, is cinnte go mbeidh sé sin á phlé sa Dáil nuair a bhéas an Bille ag dul tríd an Dáil. Chomh maith leis sin, tuigim ón méid a bhí le rá anseo ar maidin go bhfuil sé beartaithe díospóireacht a bheith sa Dáil gan mhoill. Beidh sé sin le socrú ag na hAoirí. Ós rud é go bhfuil an t-am teoranta, muna mbeidh sé ar siúil roimh na Cásca is dócha go mbeidh sé go luath tar éis na Cásca.