Dáil debates

Thursday, 14 April 2011

 

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

2:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 1 agus 2 le chéile.

Aithnítear sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010–2030, a bhfuil tacaíocht traspháirtí aici, go mbeidh gá le cur chuige céimneach chun bearta éagsúla na straitéise a chur i gcrích thar thréimhse 20 bliain. Is cúis sásaimh dom a chur in iúl go bhfuil an coiste Rialtais faoin nGaeilge agus faoin nGaeltacht athbhunaithe ag an Rialtas faoi chathaoirleacht an Taoisigh féin agus go raibh an chéad chruinniú den choiste Rialtais ann maidin inniu.

Sa tréimhse amach romhainn, déanfaidh an coiste Rialtais maoirseacht ar an dul chun cinn maidir le cur i bhfeidhm na straitéise agus beidh grúpa oifigeach sinsearach ó na Ranna Rialtais cuí ag tabhairt tacaíochta don choiste Rialtais.

Chomh maith leis sin, tá aonad straitéise bunaithe i mo Roinnse ó thús na bliana seo, mar atá molta sa straitéis. Tá an t-aonad straitéise freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an bpróiseas pleanála straitéise agus ar phleananna oibríochta ó na comhlachtaí forfheidhmithe, chomh maith le cinntiú go ndéantar feidhmiú trasrannach ar thionscnaimh agus monatóireacht ar fhorbairt acmhainní. Go bunúsach, tá an t-aonad straitéise ag tabhairt aghaidh go córasach ar na céimeanna is gá a thógáil le cinntiú go gcuirtear an straitéis i bhfeidhm.

Maidir leis na bearta atá idir lámha i mo Roinnse chun an straitéis a chur i gcrích, tá dréachtphlean forfheidhmithe do chur i bhfeidhm na straitéise i mbliana curtha i dtoll a chéile ag an aonad straitéise. Tá an dréachtphlean seo le faomhadh agamsa, mar Aire Stáit, agus ag an Aire, an Teachta Jimmy Deenihan, chomh maith. Chomh maith leis sin, tá na céimeanna tosaigh á dtógáil ag an aonad straitéise i ndáil le hullmhú na dréacht-reachtaíochta faoin mBille Gaeltachta. Mar is eol don Teachta, táthar ag súil, ach cead an Rialtais a bheith ar fáil di, go bhfoilseofar an dréacht-reachtaíocht i 2012, de réir phlean reachtaíochta an Rialtais. Tá roinnt grúpaí oibre bunaithe nó ar tí a bheith bunaithe, idir oifigigh san aonad straitéise i mo Roinn agus oifigigh i Ranna agus i gcomhlachtaí poiblí eile, chun tosaíochtaí na straitéise a chur chun cinn.

Is léir, mar sin, go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh agus go bhfuil aghaidh á thabhairt ar na céimeanna is gá a thógáil d'fhonn an straitéis a chur i bhfeidhm laistigh de na hacmhainní teoranta atá ar fáil san aeráid eacnamaíoch reatha.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.