Dáil debates

Tuesday, 14 December 2010

Priority Questions

Straitéis don Ghaeilge

3:00 am

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 32: To ask the an Aire Gnóthaí Pobail; Comhionannais agus Gaeltachta an bhfuil glactha ag an Rialtas leis an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge, na socruithe leis an phlean a chur i bhfeidhm, costas measta bliantúil na straitéise, an fhostaíocht bhreise a bheidh i gceist; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [46339/10]

Photo of Pat CareyPat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Ghlac an Rialtas leis an straitéis 20-bliain don Ghaeilge ag a gcruinniú ar 30 Samhain agus táthar ag súil go mbeidh an cháipéis foilsithe an tseachtain roimh Nollaig. Tá an straitéis bunaithe ar ráiteas an Rialtais i leith na Gaeilge 2006, nuair a dhearbhaigh an Rialtas a thacaíocht d'fhorbairt agus do chaomhnú na Gaeilge agus na Gaeltachta. Tá réimse leathan gníomhaíochtaí sonraithe sa straitéis i réimsí an oideachais, na Gaeltachta, an teaghlaigh agus na seirbhíse poiblí. Táthar ag súil go mbeidh dul chun cinn á dhéanamh ina leith seo ar bhonn céimnithe ó thús 2011 ar aghaidh.

Díreofar i gcéim bhunaithe na straitéise ar dhaoine a chur ar an eolas faoin straitéis, ar na príomhbhearta tosaíochta a bhunú, ar na struchtúir eagraíochtúla agus oibríochtúla a bhunú agus ar na pleananna oibríochtúla ó na gníomhaireachtaí poiblí forfheidhmiúcháin a fháil.

Tá sé beartaithe faoin straitéis go mbunófar aonad straitéise i mo Roinnse chun tús áite a thabhairt do chur i bhfeidhm na straitéise. Beidh an t-aonad straitéise freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an bpróiseas pleanála straitéise agus ar phleananna oibríochta ó na comhlachtaí forfheidhmithe, chomh maith lena cinntiú go ndéanfar feidhmiú tras-rannach ar thionscnaimh. Tá na céimeanna tosaigh á dtógáíl chun an tAonad sin a chur ar bun.

Chomh maith leis sin, tá obair tosaithe i mo Roinnse ar dhréacht-reachtaíocht a ullmhú chun Údarás na Gaeilge agus na Gaeltachta a bhunú agus chun sainmhíniú nua do cheantair Ghaeltachta a rianú.

Maidir le ceist maoinithe na Straitéise, beidh gá le cur chuige níos spriocdhírithe agus níos straitéisí i dtaobh cur chun cinn agus buanú na teanga. Cuirfidh an Straitéis creatlach níos fearr ar fáil chun é seo a dhéanamh trí na hacmhainní atá ar fáil dúinn a atreorú i dtreo na réimsí atá sonraithe faoin Straitéis. Tá soláthar de €1.5m curtha ar fáil do 2011 i gcóir na Straitéise agus creidim go mbeidh sé seo dóthanach don chéad bhliain de chur i bhfeidhm na Straitéise de bharr go mbeidh an obair dírithe go príomha ar phleanáil, ar reachtaíocht agus ar atheagrú struchtúr.

Ó thaobh na fostaíochta de, beidh gá féachaint ar na hacmhainní atá ar fáil dúinn sna cúinsí reatha agus na deiseanna atá ann chun an tairbhe is fearr agus is féidir a bhaint astu chun fostaíocht a chruthú. I gcás na Gaeltachta, leanfar le ról a bheith ag Údarás na Gaeltachta maidir le cruthú fostaíochta agus forbairt fiontraíochta sna blianta atá amach romhainn.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Aontaímid go léir go bhfuil an straitéis tábhachtach ach tá cur i bhfeidhm na straitéise níos tábhachtaí fós. Tá ceisteanna bunúsacha, tábhachtacha le freagairt ag an Aire. Má amharcann duine ar chaiteachas na Roinne don bhliain seo agus don bhliain seo chugainn agus na blianta amach romhainn, tá titim thubaisteach ann. In 2007, bhí €112 milliún ag an Roinn agus an bhliain seo chugainn, tá €40 milliún, beagnach an rud a dúirt an Bord Snip Nua, a dúirt €36 milliún. Nach n-aontaíonn an tAire liom go mbeidh sé an-deacair ar fad freagracht a ghlacadh ar straitéis na Gaeilge agus ar rudaí eile a bhaineann leis an Ghaeltacht nuair atá titim chomh tubaisteach sin ar an chaiteachas atá á chur fáil don Roinn sa bhliain seo chugainn agus na blianta ina dhiaidh sin? Níl sin dodhéanta. Tá an Rialtas ag cleasaíocht mar níl sé i gceist aige ach an straitéis a chur amach nuair nach bhfuil sé ar intinn aige í a chur i bhfeidhm.

Photo of Pat CareyPat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Is fiú tabhairt san áireamh go bhfuil soláthar iomlán de €36 milliún curtha ar fáil i meastacháin na Roinne i leith fhorbairt na Gaeilge agus na Gaeltachta i rith 2011. Ní áiríonn an Teachta an maoiniú de €9.4 milliún atá le tabhairt do na hoileáin, a bhfuil formhór acu sa Ghaeltacht, nó an maoiniú d'Fhoras na Gaeilge, nó an maoiniú substaintiúil a chuireann an Stát ar fáil do no meáin chraoltóireachta Gaeilge ar nós TG4 agus Raidió na Gaeltachta go háirithe. I gcomhthéacs na ndeacrachtaí eacnamaíochta faoi láthair, léiríonn an infheistíocht shuntasach seo tiomantas leanúnach an Rialtais i dtaca leis na hacmhainní cuí a sholáthar chun an Ghaeilge a chothú agus a chaomhnú.

Maidir le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta i gcoitinne, tá comhaontú ginearálta ann go bhfuil gá le cur chuige níos spriocdhírithe, mar a dúirt mé cheana, i dtaca le hinfheistíocht acmhainní sna réimsí seo.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Luaigh an tAire forbairt Gaeltachta agus oileáin ansin. Nach n-aontaíonn an tAire liom go bhfuil gearradh siar de 42% ann ar an chaiteachas Gaeltachta agus oileáin don bhliain seo chugainn, gearradh siar uafásach níos mó ná aon Roinn eile? Nuair a amharcaimid ar Údarás na Gaeltachta, a mbeidh cúraimí breise air maidir le straitéis na Gaeilge agus cúraimí fiontraíochta, tá titim sa chaiteachas ansin ó €22 milliún in 2007 go dtí €6 milliún an bhliain seo chugainn. Deir an tAire go mbeidh dualgais bhreise ar an údarás. Caidé mar is féidir leis an údarás na dualgais bhreise sin a chomhlíonadh nuair atá titim mar sin sa chaiteachas? Níl sé indéanta agus ní chreideann éinne é. Tá an Rialtas ag cleasaíocht leis an Ghaeilge, leis an teanga, leis an Ghaeltachta agus leis na hoileáin.

Photo of Pat CareyPat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Ba mhaith liom cur in iúl don Teach go raibh an chuid is mó den chaiteachas a bhí ag an Roinn le blianta beaga anuas sa chuntas chaipitil a bhain le chéibheanna, leis na hoileáin agus le bhóithre. Bhí caiteachas an-mhór ann agus leanfaimid ar aghaidh le cé Chill Rónáin agus beidh halla Bhaile na Finne á thógáil againn.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tá hallaí go leor eile ann, cad faoi halla Naomh Fionáin San Fhál Carrach?

Photo of Pat CareyPat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Beidh €12 milliún caiteachas caipitil ag Údarás na Gaeltachta ag Údarás na Gaeltachta an bhliain seo chugainn. Tá €6 milliún ann ach tá €4 milliún sa bhreis ar fáil ag an údarás as na scaranna ó Bioniche agus €2 milliún sa bhreis as a chuntais féin. Chomh maith leis sin, d'aontaigh an Teach liom go dtabharfainn tuilleadh airgid don údarás i mbliana chun billí a íoc.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tá Údarás na Gaeltachta féin ag rá go bhfuil géarchéim ann i láthair na huaire. Ní aontaíonn an t-údarás leis an Aire ar chor ar bith.

Photo of Brendan HowlinBrendan Howlin (Wexford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Tá orainn anois leanúint ar aghaidh do ghnáthcheisteanna eile.