Dáil debates

Tuesday, 14 December 2010

3:00 am

Photo of Pat CareyPat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)

Ghlac an Rialtas leis an straitéis 20-bliain don Ghaeilge ag a gcruinniú ar 30 Samhain agus táthar ag súil go mbeidh an cháipéis foilsithe an tseachtain roimh Nollaig. Tá an straitéis bunaithe ar ráiteas an Rialtais i leith na Gaeilge 2006, nuair a dhearbhaigh an Rialtas a thacaíocht d'fhorbairt agus do chaomhnú na Gaeilge agus na Gaeltachta. Tá réimse leathan gníomhaíochtaí sonraithe sa straitéis i réimsí an oideachais, na Gaeltachta, an teaghlaigh agus na seirbhíse poiblí. Táthar ag súil go mbeidh dul chun cinn á dhéanamh ina leith seo ar bhonn céimnithe ó thús 2011 ar aghaidh.

Díreofar i gcéim bhunaithe na straitéise ar dhaoine a chur ar an eolas faoin straitéis, ar na príomhbhearta tosaíochta a bhunú, ar na struchtúir eagraíochtúla agus oibríochtúla a bhunú agus ar na pleananna oibríochtúla ó na gníomhaireachtaí poiblí forfheidhmiúcháin a fháil.

Tá sé beartaithe faoin straitéis go mbunófar aonad straitéise i mo Roinnse chun tús áite a thabhairt do chur i bhfeidhm na straitéise. Beidh an t-aonad straitéise freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an bpróiseas pleanála straitéise agus ar phleananna oibríochta ó na comhlachtaí forfheidhmithe, chomh maith lena cinntiú go ndéanfar feidhmiú tras-rannach ar thionscnaimh. Tá na céimeanna tosaigh á dtógáíl chun an tAonad sin a chur ar bun.

Chomh maith leis sin, tá obair tosaithe i mo Roinnse ar dhréacht-reachtaíocht a ullmhú chun Údarás na Gaeilge agus na Gaeltachta a bhunú agus chun sainmhíniú nua do cheantair Ghaeltachta a rianú.

Maidir le ceist maoinithe na Straitéise, beidh gá le cur chuige níos spriocdhírithe agus níos straitéisí i dtaobh cur chun cinn agus buanú na teanga. Cuirfidh an Straitéis creatlach níos fearr ar fáil chun é seo a dhéanamh trí na hacmhainní atá ar fáil dúinn a atreorú i dtreo na réimsí atá sonraithe faoin Straitéis. Tá soláthar de €1.5m curtha ar fáil do 2011 i gcóir na Straitéise agus creidim go mbeidh sé seo dóthanach don chéad bhliain de chur i bhfeidhm na Straitéise de bharr go mbeidh an obair dírithe go príomha ar phleanáil, ar reachtaíocht agus ar atheagrú struchtúr.

Ó thaobh na fostaíochta de, beidh gá féachaint ar na hacmhainní atá ar fáil dúinn sna cúinsí reatha agus na deiseanna atá ann chun an tairbhe is fearr agus is féidir a bhaint astu chun fostaíocht a chruthú. I gcás na Gaeltachta, leanfar le ról a bheith ag Údarás na Gaeltachta maidir le cruthú fostaíochta agus forbairt fiontraíochta sna blianta atá amach romhainn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.