Dáil debates

Tuesday, 11 May 2010

Priority Questions.

Údarás na Gaeltachta

3:00 am

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 49: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil sé ar intinn aige bualadh le Bord Údarás na Gaeltachta; an dtuigeann sé an ghéarchéim airgid atá san Údarás faoi láthair agus na deacrachtaí maidir le fostaíocht a chruthú sna Gaeltachtaí; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [19358/10]

Photo of Pat CareyPat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá áthas orm a chur in iúl don Teachta gur thapaigh mé an deis castáil le cathaoirleach agus príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta nuair a bhí mé ar chuairt chuig oifigí mo Roinne sna Forbacha le déanaí. Tá mé ag súil le castáil le comhaltaí eile an bhoird nuair a bheidh deis fheiliúnach ann chuige sin.

Maidir le cúrsaí airgeadais an údaráis, tá soláthar iomlán de bheagnach €30 milliún curtha ar fáil don eagraíocht ón Státchiste trí Vóta mo Roinne don bhliain 2010. Cé gur laghdú é seo ar an soláthar iomlán de €37.6 milliún a cuireadh ar fáil in 2009, creidim nach gciallaíonn sé seo go mbeidh ciorrú substaintiúil á dhéanamh ar ghníomhaíochtaí an údaráis nó go mbeidh leas phobal na Gaeltachta ag fulaingt dá bharr. Ar an gcéad dul síos, ní mór a chur san áireamh gur ag deireadh 2009 a cuireadh méadú de €2 mhilliún leis an mbunsoláthar de €35.6 milliún a bhí i Meastacháin 2009, mar thacaíócht bhreise don eagraíocht. Ciallaíonn sé sin go mbeidh soláthar iomlán de €67.6 milliún curtha ar fáil don Údarás sa tréimhse dhá bhliain, 2009–2010, chun a spriocanna maidir le forbairt na Gaeltachta a chur i gcrích.

Ní mór a chur san áireamh freisin go mbíonn teacht ag an údarás ar fhoinsí ioncaim eile, ar a n-áirítear ioncam a ghintear ó scéimeanna a fheidhmiú ar nós scéimeanna fostaíochta pobail agus scéimeanna sóisialta tuaithe agus ioncam a fhaightear ó dhíol agus léasáil socmhainní, ó dhíbhinní agus ó tháillí. Chomh maith leis seo, cuirtear maoiniú ar fáil don údarás tríd an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta chun an scéim fóirdheontas fostaíochta agus an ciste cobhsaíochta fiontar a fheidhmiú. Tá tábhacht ar leith ag na tacaíochtaí seo do chomhlachtaí sa Ghaeltacht chun cuidiú leo leanúint ag trádáil agus poist a choinneáil slán. Anuraidh, mar shampla, thacaigh an dá scéim seo le caomhnú 605 post Gaeltachta.

Is eol dom go maith na dúshláin agus na constaicí a gcaithfidh an t-údarás dul i ngleic leo sa timpeallacht dheacair gnó atá i bhfeidhm faoi láthair. Níl amhras ar bith ach go bhfuil an ghéarchéim eacnamaíoch náisiúnta agus domhanda ag cruthú deacrachtaí do chomhlachtaí sa Ghaeltacht agus tá impleachtaí dá réir ann do chúrsaí fostaíochta. É sin ráite, áfach, is údar misnigh é gur cruthaíodh 710 post nua i gcliant-chomhlachtaí de chuid an údaráis in 2009.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Ba mhaith liom buíochas a thabhairt don Aire as an fhreagra a thug sé, ach sílim go gceileann sé níos mó san fhreagra ná an méid eolais a thugann sé. Nuair a bhí an cruinniú ag an Aire le príomhfheidhmeannach agus cathaoirleach an údaráis, ar phlé siad na deacrachtaí airgid? Ar chuir siad in iúl don Aire go bhfuil deacrachtaí acu gníomhú go héifeachtach maidir le fostaíocht a chur ar bun sna ceantair Gaeltachta? An aontaíonn an Aire leis, nuair a bhíonn cruinnithe ag comhaltaí an bhoird anois, gur beag tionscnaimh a ceadaítear mar nach bhfuil na hacmhainní ag an údarás chun é sin a dhéanamh? Dá bharr sin, an aontódh an Aire go bhfuil na Gaeltachtaí go léir, go speisialta na mion Gaeltachtaí, ag fulaingt go mór mar nach bhfuil sé ar chumas an údaráis tionscail a mhealladh isteacht agus fostaíocht a chur ar fáil sna ceantair, fostaíocht atá an-tábhachtach i gceantair Gaeltachta má táimid chun an teanga a choinneáil beo agus fostaíocht a chur ar fáíl do na daoine sin ina gceantair féin?

Photo of Pat CareyPat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Mar adúirt mé, nuair a bhuail mé leis an príomhfheidhmeannach agus le cathaoirleach an údaráís, pléamar ceisteanna go ginearálta. Beidh mé ag bualadh leis an mbord i gceann tamaill chun cruinniú níos faide a bheith againn. Ansin, beidh seans againn na ceisteanna atá luaite ag an Teachta a phlé. Idir 2004 agus 2010, díríodh ioncam ón Státchiste de €263.5 milliún chuig an údarás. I 2004 tugadh €33 milliún agus i 2010 íocfar €29 milliún chuig an údarás. Maidir le ioncam ó díol maoine, i 2004 bhí teacht isteach de €7 mhilliún agus meastar go mbeidh teacht isteach de €3 mhilliún ann i mbliana.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tuigim nach bhfuil an Aire sa Roinn ach le mí nó níos lú ná sin, ach an bhfuil sé ar intinn aige aon reachtaíocht a thabhairt isteach i mbliana maidir le Údarás na Gaeltachta? Tá Bille geallta le fada - Bille Údarás na Gaeltachta. An bhfuil sé ar intinn aige é a thabhairt isteach i mbliana. Má tá sé chun fad a chur le tréimhse chomhaltaí Údarás na Gaeltachta, is gá reachtaíocht a thabhairt isteach roimh dheireadh na bliana. An bhfuil sin ar intinn ag an Aire agus an Rialtas ag an bpointe seo?

Photo of Pat CareyPat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá sé ar intinn agam é sin a dhéanamh ceart go leor. Mar is eol don Teachta, tá síneadh trí bliana, go dtí 18 Aibreán 2013 curtha agam le tréimhse triúr comhalta den údaráis, an cathaoirleach agus beirt eile. Tá sé ar intinn agam Bille gearr a thabhairt roimh an Dáil go luath, roimh deireadh na bliana.