Dáil debates

Tuesday, 11 May 2010

3:00 am

Photo of Pat CareyPat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)

Tá áthas orm a chur in iúl don Teachta gur thapaigh mé an deis castáil le cathaoirleach agus príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta nuair a bhí mé ar chuairt chuig oifigí mo Roinne sna Forbacha le déanaí. Tá mé ag súil le castáil le comhaltaí eile an bhoird nuair a bheidh deis fheiliúnach ann chuige sin.

Maidir le cúrsaí airgeadais an údaráis, tá soláthar iomlán de bheagnach €30 milliún curtha ar fáil don eagraíocht ón Státchiste trí Vóta mo Roinne don bhliain 2010. Cé gur laghdú é seo ar an soláthar iomlán de €37.6 milliún a cuireadh ar fáil in 2009, creidim nach gciallaíonn sé seo go mbeidh ciorrú substaintiúil á dhéanamh ar ghníomhaíochtaí an údaráis nó go mbeidh leas phobal na Gaeltachta ag fulaingt dá bharr. Ar an gcéad dul síos, ní mór a chur san áireamh gur ag deireadh 2009 a cuireadh méadú de €2 mhilliún leis an mbunsoláthar de €35.6 milliún a bhí i Meastacháin 2009, mar thacaíócht bhreise don eagraíocht. Ciallaíonn sé sin go mbeidh soláthar iomlán de €67.6 milliún curtha ar fáil don Údarás sa tréimhse dhá bhliain, 2009–2010, chun a spriocanna maidir le forbairt na Gaeltachta a chur i gcrích.

Ní mór a chur san áireamh freisin go mbíonn teacht ag an údarás ar fhoinsí ioncaim eile, ar a n-áirítear ioncam a ghintear ó scéimeanna a fheidhmiú ar nós scéimeanna fostaíochta pobail agus scéimeanna sóisialta tuaithe agus ioncam a fhaightear ó dhíol agus léasáil socmhainní, ó dhíbhinní agus ó tháillí. Chomh maith leis seo, cuirtear maoiniú ar fáil don údarás tríd an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta chun an scéim fóirdheontas fostaíochta agus an ciste cobhsaíochta fiontar a fheidhmiú. Tá tábhacht ar leith ag na tacaíochtaí seo do chomhlachtaí sa Ghaeltacht chun cuidiú leo leanúint ag trádáil agus poist a choinneáil slán. Anuraidh, mar shampla, thacaigh an dá scéim seo le caomhnú 605 post Gaeltachta.

Is eol dom go maith na dúshláin agus na constaicí a gcaithfidh an t-údarás dul i ngleic leo sa timpeallacht dheacair gnó atá i bhfeidhm faoi láthair. Níl amhras ar bith ach go bhfuil an ghéarchéim eacnamaíoch náisiúnta agus domhanda ag cruthú deacrachtaí do chomhlachtaí sa Ghaeltacht agus tá impleachtaí dá réir ann do chúrsaí fostaíochta. É sin ráite, áfach, is údar misnigh é gur cruthaíodh 710 post nua i gcliant-chomhlachtaí de chuid an údaráis in 2009.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.