Dáil debates

Tuesday, 17 November 2009

Priority Questions

Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge.

3:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 58: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an féidir leis a rá go cinnte nach mbeidh aon ghearradh siar ar mhaoiniú do scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge nuair is ionann an scéim seo agus infheistíocht rialtais de €5 mhilliún sa bhliain i dtionscal a ghineann tuairim is €50 milliún sa bhliain don gheilleagar áitiúil i gceantair Ghaeltachta, agus a chruthaíonn 2,000 post sealadach gach samhradh agus fostaíocht lánaimseartha do 60 duine ar a laghad i rith na bliana, agus i bhfianaise na tacaíochta láidre atá léirithe aige do na mná tí go dtí seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [41715/09]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Níl aon chinneadh déanta fós maidir le maoiniú na scéime seo i 2010. Déanfar airgeadú na scéime a mheas i gcomhthéacs na Cáinaisnéise agus i gcomhthéacs na hoibre atá idir lámha ag an gCoiste Rialtais don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i ndáil leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

Mar is eol don Teachta, tá ráite agam go minic go bhfuil Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge ar cheann de na scéimeanna is fearr a fheidhmíonn mo Roinnse ó thaobh láidriú agus cur chun cinn na Gaeilge de. Is léir go bhfuil beocht ar leith le hearnáil na gcoláistí Gaeilge le blianta beaga anuas, le breis agus 27,440 duine ag freastal ar chúrsaí i 2009. Bheinn an-dóchasach go mbeidh ar chumas na gcoláistí deimhin a dhéanamh de go leanfaidh an scéal amhlaidh sna blianta amach romhainn.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tá lúcháir orm go dtuigeann an tAire an tábhacht a bhaineann leis na coláistí Gaeilge agus go bhfuil buntáiste, ní amháin ó thaobh na Gaeilge, an oideachais agus an chultúir de leis na coláistí seo ach go bhfuil buntáistí móra eacnamaíochta leo chomh maith do na ceantair Ghaeltachta. Caithfidh an tAire cuimhniú gur fhreastal 27,000 scolaire sna coláistí Gaeilge sa bhliain seo caite agus gur thug siad ioncam mór isteach sna ceantair Ghaeltachta agus gur chuir siad fostaíocht ar fáil.

An dtuigeann an tAire go bhfuil imní agus éiginnteacht ar na húdaráis sna coláistí anois? Tá siad ag ullmhú don bhliain seo chugainn agus níl a fhios acu an mbeidh aon athrú ann nó nach mbeidh. An ndéanfaidh an tAire an cinneadh gan mhoill sa dóigh is gur feidir leo ullmhúchán a dhéanamh don bhliain seo chugainn agus nach dtarlóidh an rud céanna dóibh agus a tharla an bhliain seo caite, nuair a tharraing an Roinne Oideachais agus Eolaíochta siar an deontas nuair a bhí na táillí curtha amach agus na socruithe déanta leis na tuismitheoirí. Má tharlóidh sin i mbliana, buille tubaisteach a bheidh ann do na coláistí Gaeilge.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Fiú i dtuarascáil McCarthy, moltar go mbeadh na coláistí ann ar feadh dhá bhliain. Go deimhin féin, mhol McCarthy go gcuirfidh deireadh leo ina dhiaidh dhá bhliana. Mar atá ráite agam go minic, tá an-mheas agam ar na coláistí Gaeilge agus glacaim leis go mbeidh na coláistí ann an bhliain seo chugainn. Má thiocfaidh aon athrú ar chúrsaí, is ó thaobh iocaíocht na mban tí a bheidh sé so ní dhéanfaidh sin aon difríocht ó thaobh táillí na gcoláistí. Glacaim leis go bhfuil na coláistí ag earcú cheana féin. Ní feidir liom a rá roimh an gcáinaisnéis, go dtí go mbeidh a fhios agam cé mhéad airgead a bheidh ar fáil agam don bhliain seo chugainn.

Ba mhaith liom uair amháin eile a dhearbhú, mar a dhearbhaigh mé thuas i dTír Chonaill ach oiread, go bhfuil tábhacht ag baint leis na coláistí agus go bhfuil mise ag glacadh leis go mbeidh na coláistí ann an bhliain seo chugainn ach ní féidir liom bheith cinnte díreach cé mhéad airgead a bheidh ann do na mná tí.

Tá ceist eile anseo. Go dtí seo, scéim oscailte a bhí sa scéim, is cuma cé mhéad gasúr a tháinig chun na Gaeltachta, d'íoc muid astu. Beidh áthas ar an Teachta fiú cloisteáil go raibh titim fíor-bheag ar na huimhreacha idir 2008 agus 2009. Chuaigh 25,796 go dtí an Ghaeltacht i 2008 agus 25,162 a chuaigh ann i 2009. Is ar éigean go raibh titim ar bith. Murach condae an Teachta féin, bhí titim reasúnta suntasach ansin, d'fhéadfaí a rá nach raibh titim ar bith. I gcuid de na Gaeltachtaí, i nGaillimh, i Maigh Eo agus i gCorcaigh, bhí méadú beag ann. Caithfidh mé déanamh cinnte go mbeidh dotháin airgid ann.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tá mé cinnte go dtuigeann an tAire cén fáth nach raibh titim ar bith, mar gur iompar na coláistí an costas breise orthu féin. Dá bharr sin, tá géarchéim airgid ag baint leis an coláistí anois.

Chuir an Roinn moltaí ar aghaidh chuig an Bord Snip faoi chuid de na ciorruithe a d'fhéadfaí a chur i bhfeidhm. An raibh tagairt do na coláistí Gaeilge sna moltaí a cuireadh ar aghaidh? San eolas atá le fáil ón Roinn, tá cuid mhór de na moltaí gearrtha amach, tá siad faoi cheilt. Ar mhol an Roinn go ndéanfaí athrú ar scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge?

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Déarfaidh mé an fhírinne, ní dóigh liom é ach ní fhéadfainn bheith cinnte.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Bheadh Oifig an Aire cinnte le Dia cad iad na moltaí a cuireadh ar aghaidh. Níl a fhios ag an Aire? Ni chreidim é sin. Ní chreidim é.

Photo of Brendan HowlinBrendan Howlin (Wexford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Tabhair seans don Aire an cheist a fhreagairt.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Dúirt se nach bhfuil a fhios aige. Tá a fhios ag an Aire gach rud.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

An rud a dúirt mé ná nach dóigh liom é.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tá a fhios ag an Aire gach rud sa Roinn. Tá sé ansin le tamall fada agus tá a fhios aige gach rud sa Roinn.

Photo of Brendan HowlinBrendan Howlin (Wexford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Lig don Aire an cheist a fhreagairt.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Ní dóigh liom é ach ar aon chaoi ní raibh in aon mholadh a chuir aon Roinn ar aghaidh ach moladh. Dúirt muid i riamh ó foilsíodh McCarthy gurb iad na polaiteoirí a dhéanfaidh cinntí faoi cad iad na moltaí a chuirfear nó nach gcuirfear i bhfeidhm. Tá ráite agam go min-minic ó shin go dtuigim an tábhacht a bhaineann leis na coláistí Gaeilge. Tuigeann an Rialtas, an Taoiseach agus an tAire Airgeadais an tábhacht sin. Déarfaidh mé uair amháin eile ar thaifead an Tí nach dóigh liom go bhfuil aon scéim Ghaeilge a rinne oiread leas don Ghaeilge ó bunaíodh iad os cionn 100 bliain ó shin ná scéim na gcoláistí Gaeilge. Níl aon leisce orm sin a rá agus, mar sin, is féidir leis an Teachta glacadh leis go mbeidh siad ann an bhliain seo chugainn.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Níor fhreagair an tAire an cheist. Ar chuir sé aon mholadh ar aghaidh maidir leis na coláistí Gaeilge?

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Dúirt mé go bhfios dom, níor moladh é sin.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Cad faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge, ar mhol an tAire deireadh a chur leis sin?

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

No, no.