Dáil debates

Tuesday, 3 March 2009

10:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tá lúcháir orm go bhfuil deis agam an t-ábhar tábhachtach seo a thógáil ar an Athló agus go bhfuil an tAire i láthair. Is buille mór do thionsclaíocht i gceantar Gaeltachta Ghaoth Dobhair dúnadh monarchan Euro Iompar Teoranta tráthnóna inné. Mar atá ráite, tá breis agus trí scór post caillte de bharr dúnadh an tionscail sin. Tá an tionscal lonnaithe ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair, nó ar Eastát Tionscalaíochta Ghaoth Dobhair mar a tugadh air roimhe seo, le breis agus fiche bliain agus chuir sé busanna den scoth ar fáil fá choinne margadh na tíre seo agus thar lear. Bhi scaifte de dhaoine óga ag obair ann a bhí sár-oilte agus a raibh ard-scileanna acu fá choinne an obair thábhachtach sin a dhéanamh, ach anois tá na daoine sin fágtha gan fostaíocht.

Tá go leor postanna caillte ar an eastát le roinnt blianta anuas, mar shampla, monarchana cosúil le Comar Yarns, RMT, Europlast, MDR Leictreonach Teo., BMR agus go leor eile. Fuair an eastát buille i ndiaidh buille le roinnt blianta anuas agus shíl muid go raibh an t-am sin thart, ach is é seo an buille is deireanaí a fuair muid.

Is tionscal é seo a fuair cabhair agus tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta. D'fhéadfá a rá gur tionscal áitiúil a bhí ann, mar gur bunaíodh é go h-áitiúil agus mar gur teaghlach áitiúil a thóg é agus a rinne forbairt air le fiche bliain. Tá ár mbuíochas ag dul don teaghlach sin as an fhostaíocht a chuir siad ar fáil. Ach mar adúirt mé, tá na postanna sin caillte agus is beag deis do phostanna eile atá ag na daoine a chaill iad. Ba mhaith liom a iarraidh ar an Aire, ar Údarás na Gaeltachta agus áisinteachtaí eile traenála agus mar sin gach cuidiú a chur ar fáil don cheantar le malairt fostaíochta a chur ar fáil dóibh siúd atá i ndiaidh a gcuid postanna a chailliúnt.

Yesterday's announcement by Údaras na Gaeltachta to the effect that Euro Coach Builders on the Gweedore industrial park will close with the loss of 62 jobs is another severe blow to employment in that Donegal Gaeltacht area. Coming in the wake of so many other closures and job losses in the park in the past six or seven years, it leaves this part of County Donegal with possibly the highest unemployment rate in the country.

One could say that Euro Coach Builders was an indigenous industry in that it was created, grew and flourished for 24 years through the initiative and entrepreneurship of local business acumen. It was a truly home grown industry and our thanks and gratitude go to Mr. Joseph Ferry and family who created and sustained the business for so many years and provided such excellent employment.

Each job that has been lost is devastating for one family or another. Many of those workers were the sole family bread winners with financial responsibilities, such as mortgage repayments and health and insurance charges. It is tragic that there are few alternative employment opportunities in the area. Skills and expertise have been built up through the years. The workers are being relegated to the dole queues or the emigrants's trail. There is little hope of alternative employment. On my way to the Dáil this morning, I met two local young men on their way to Australia to join dozens of their friends who have already left.

I appeal to the Minister, Údaras na Gaeltachta and all of the agencies to redouble their efforts in seeking and creating alternative employment for those affected. Re-training must be provided, redundancy terms must be generous and new jobs, the only long-term solution to the problem, must be created.

Tá súil agam go bhfógróidh an tAire go ndéanfaidh sé iarracht speisialta le Údarás na Gaeltachta agus go gcuirfidh sé brú orthu tuilleadh fostaíochta a fháil don cheantar fíor-Ghaeltachta seo.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis an Teachta as ucht na ceiste seo a thógáil. Mar a deir sé, is cúis imni agus díomá dom féin agus d'Údaras na Gaeltachta aon phostanna a bheith á gcailliúint in aon tionscal Gaeltachta. Ba mhaith liom a rá leis na fostaithe go dtuigim a gcás agus gur oth linn gur tharla sé seo. Is cúis imní don Teachta McGinley, dá phobal agus do ghach éinne an líon postanna atá caillte sa cheantar. Caithfear a chur san áireamh go bhfuil lagú an-mhór tarlaithe i ngach earnáil le tamall anuas, mar gheall ar chuinsí náisiúnta agus idirnáisiúnta. Ar an drochuair, tá drochthioncar aige seo ar leibhéal fostaíochta sa Ghaeltacht.

Mar is eol don Teachta, cheadaigh an Ard-Chúirt comhshocraíocht a mhol scrúdaitheoir Euro lompú Teoranta don Chúirt i mí na Nollag 2007. In Aibreán 2008, ghlac an t-údaras le togra forbartha a cuireadh faoina bhráid, ina raibh pacáiste deontais taighde agus forbartha, fostaíochta, caipitil, oiliúna agus eile de €1.465 milliún, d'fhonn cuidiú a chur ar fáil do Euro lompú Teoranta chun an gnó tógáil mótarchóistí agus busanna a dhaingniú agus a fhorbairt ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair. Tá €716,843 den méid sin íoctha leis an gcomhlacht. Dar ndóigh, mar is iondúil, beidh plé ar bun idir an t-Údaras agus an comhlacht i rith na míonna seo romhainn maidir le deontais a bhaineann leis an gcúnamh Stáit sin.

Bhí 30 duine fostaithe in Euro lompú Teoranta ag an am agus bhí bainisteoir ginearálta ceaptha ag an chomhlacht, a bhí tar éeis straitéis forbartha gnó a ullmhú i gcomhar le príomhaithe an chomhlachta. Chomh maith le sin, bhíi roinnt gnóthaí eile a bhí ag cur seirbhíse ar fáil agus a raibh nasc gnó cruthaithe acu le Euro lompú Teoranta, go háirithe ó thaobh oibreacha cumhdaigh agus seirbhísí innealtóireachta. Bhí sé beartaithe go dtiocfadh fás agus athbheochan ar an fhostaíocht indíreach seo i gcomhlachtaí Gaeltachta a bhí ag freastal ar riachtanais an chomhlachta le forbairt agus daingniú Euro lompú Teoranta féin. Ba é 130 an sprioc nua fostaiochta don chomhlacht féin agus é faoi lanseol. Ba é líon na bpostanna a bhí sa gcomhlacht ag an deireadh na 62.

Bhí idir déantús busanna agus seirbhís iardhíola le forbairt ag an gcomhlacht, dírithe ar mhargaí na hÉireann, na Breataine agus na Mór-Roinne. Bhí deacrachtaí móra ag an gcomhlacht le heaspa díolacháin le roinnt míonna anuas, de bharr deacrachtaí trádála idirnáisiúnta san earnáil gluaisteáin agus mótarchóistí agus, ina cuideachta seo, an ráta malartú idir an euro agus sterling.

Nil aon aimhreas gur buille trom é seo don Ghaeltacht, ach caithfear a aithint go raibh an comhlacht seo ag feidhmiú go héifeachtach go dtíi le déanaí agus gur cuinsí taobh amuigh de smacht an chomhlachta is mó ba chúis leis an gcinneadh atá déanta. Tá sé cruthaithe ag an údaras gur féidir leis infheistíocht nua a mhealladh go dtí an Ghaeltacht agus beifear ag féachaint le fostaíocht malartach a mhealladh go Ghaoth Dobhair do na daoine a chaill a gcuid postanna.

Ba mhaith liom aird a tharraingt ar chúrsaí fostaíochta ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair, áit a bhfuil méadú suntasach tagtha le cúpla bliain anuas ar an líon daoine atá fostaithe i gcliaint-chuideachtaí de chuid Údaras na Gaeltachta. Is dea-scéal é seo nuair a chuimhníonn muid go raibh an figiúr seo tite faoi 450 in 2003, tráth ar cailleadh líon mór postanna déantusaíochta ansin. Tá go leor infheistíochta á dhéanamh ar an bPáirc Ghnó seo, ach go háirithe forbairt ar Áislann Ghaoth Dobhair le lárionad ilfheidhmeach cultúrtha, pobail agus áineasa, ar chostas os cionn €8 milliún.

Sa cheantar máguaird tá forbairtí tábhachtacha eile curtha ar bun le cúpla bliain anuas, mar shampla, leathnúchán ar lonad Seirbhisí Mara agus Turasóireachta ag cé Machaire Rabhartaigh, cultúrlann le 450 suíochán ag lonad Chois Locha i nDún Lúiche agus ionad fiontair agus pobail nua i Rann na Feirste. Chomh maith le sin, dar ndóigh, tá ionad fiontair tógtha ag Westbic i mBaile na Móna, Cill Chárthaigh. Go hachomair, tá an t-Údarás dóchasach gur féidir malairt deiseanna fostaíochta a chur ar fáil i gceantar Ghaoth Dobhair sa ghearr go meántéarma.

Mar fhocal scoir, is féidir liom a gheallúint don Teach seo go mbeidh mo Roinn ag tacú leis an údaras na hiarrachtaí leanúnacha atá ar bun aige chun fostaíochta a ghiniúint agus a dhaingniú sa Ghaeltacht. Sa chomhthéacs sin, tá thart ar €35 milliún curtha ar fáil ag mo Roinn don údaras dá chláar gníomhaíochta sa bhliain 2009. Is féidir liom a rá freisin go bhfuil mé dóchasach ón gcomhoibriú iomlán idir mé féin agus mo chomhleacaí, an Tánaiste agus an tAire Fiontair, Trádála agus Fostaíochta, an Teachta Máire Ni Chochláin — agus go deimhin idir an t-údaras, an IDA agus El — go mbeidh rath ar na hiarrachtaí atá ar bun le déileáil leis na dúshláin chun a chinntiú go mbeidh deiseanna fostaíochta fiúntacha inmharthanacha ar fáil do phobal Ghaeltacht Dhún na nGall.