Dáil debates

Tuesday, 3 March 2009

10:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis an Teachta as ucht na ceiste seo a thógáil. Mar a deir sé, is cúis imni agus díomá dom féin agus d'Údaras na Gaeltachta aon phostanna a bheith á gcailliúint in aon tionscal Gaeltachta. Ba mhaith liom a rá leis na fostaithe go dtuigim a gcás agus gur oth linn gur tharla sé seo. Is cúis imní don Teachta McGinley, dá phobal agus do ghach éinne an líon postanna atá caillte sa cheantar. Caithfear a chur san áireamh go bhfuil lagú an-mhór tarlaithe i ngach earnáil le tamall anuas, mar gheall ar chuinsí náisiúnta agus idirnáisiúnta. Ar an drochuair, tá drochthioncar aige seo ar leibhéal fostaíochta sa Ghaeltacht.

Mar is eol don Teachta, cheadaigh an Ard-Chúirt comhshocraíocht a mhol scrúdaitheoir Euro lompú Teoranta don Chúirt i mí na Nollag 2007. In Aibreán 2008, ghlac an t-údaras le togra forbartha a cuireadh faoina bhráid, ina raibh pacáiste deontais taighde agus forbartha, fostaíochta, caipitil, oiliúna agus eile de €1.465 milliún, d'fhonn cuidiú a chur ar fáil do Euro lompú Teoranta chun an gnó tógáil mótarchóistí agus busanna a dhaingniú agus a fhorbairt ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair. Tá €716,843 den méid sin íoctha leis an gcomhlacht. Dar ndóigh, mar is iondúil, beidh plé ar bun idir an t-Údaras agus an comhlacht i rith na míonna seo romhainn maidir le deontais a bhaineann leis an gcúnamh Stáit sin.

Bhí 30 duine fostaithe in Euro lompú Teoranta ag an am agus bhí bainisteoir ginearálta ceaptha ag an chomhlacht, a bhí tar éeis straitéis forbartha gnó a ullmhú i gcomhar le príomhaithe an chomhlachta. Chomh maith le sin, bhíi roinnt gnóthaí eile a bhí ag cur seirbhíse ar fáil agus a raibh nasc gnó cruthaithe acu le Euro lompú Teoranta, go háirithe ó thaobh oibreacha cumhdaigh agus seirbhísí innealtóireachta. Bhí sé beartaithe go dtiocfadh fás agus athbheochan ar an fhostaíocht indíreach seo i gcomhlachtaí Gaeltachta a bhí ag freastal ar riachtanais an chomhlachta le forbairt agus daingniú Euro lompú Teoranta féin. Ba é 130 an sprioc nua fostaiochta don chomhlacht féin agus é faoi lanseol. Ba é líon na bpostanna a bhí sa gcomhlacht ag an deireadh na 62.

Bhí idir déantús busanna agus seirbhís iardhíola le forbairt ag an gcomhlacht, dírithe ar mhargaí na hÉireann, na Breataine agus na Mór-Roinne. Bhí deacrachtaí móra ag an gcomhlacht le heaspa díolacháin le roinnt míonna anuas, de bharr deacrachtaí trádála idirnáisiúnta san earnáil gluaisteáin agus mótarchóistí agus, ina cuideachta seo, an ráta malartú idir an euro agus sterling.

Nil aon aimhreas gur buille trom é seo don Ghaeltacht, ach caithfear a aithint go raibh an comhlacht seo ag feidhmiú go héifeachtach go dtíi le déanaí agus gur cuinsí taobh amuigh de smacht an chomhlachta is mó ba chúis leis an gcinneadh atá déanta. Tá sé cruthaithe ag an údaras gur féidir leis infheistíocht nua a mhealladh go dtí an Ghaeltacht agus beifear ag féachaint le fostaíocht malartach a mhealladh go Ghaoth Dobhair do na daoine a chaill a gcuid postanna.

Ba mhaith liom aird a tharraingt ar chúrsaí fostaíochta ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair, áit a bhfuil méadú suntasach tagtha le cúpla bliain anuas ar an líon daoine atá fostaithe i gcliaint-chuideachtaí de chuid Údaras na Gaeltachta. Is dea-scéal é seo nuair a chuimhníonn muid go raibh an figiúr seo tite faoi 450 in 2003, tráth ar cailleadh líon mór postanna déantusaíochta ansin. Tá go leor infheistíochta á dhéanamh ar an bPáirc Ghnó seo, ach go háirithe forbairt ar Áislann Ghaoth Dobhair le lárionad ilfheidhmeach cultúrtha, pobail agus áineasa, ar chostas os cionn €8 milliún.

Sa cheantar máguaird tá forbairtí tábhachtacha eile curtha ar bun le cúpla bliain anuas, mar shampla, leathnúchán ar lonad Seirbhisí Mara agus Turasóireachta ag cé Machaire Rabhartaigh, cultúrlann le 450 suíochán ag lonad Chois Locha i nDún Lúiche agus ionad fiontair agus pobail nua i Rann na Feirste. Chomh maith le sin, dar ndóigh, tá ionad fiontair tógtha ag Westbic i mBaile na Móna, Cill Chárthaigh. Go hachomair, tá an t-Údarás dóchasach gur féidir malairt deiseanna fostaíochta a chur ar fáil i gceantar Ghaoth Dobhair sa ghearr go meántéarma.

Mar fhocal scoir, is féidir liom a gheallúint don Teach seo go mbeidh mo Roinn ag tacú leis an údaras na hiarrachtaí leanúnacha atá ar bun aige chun fostaíochta a ghiniúint agus a dhaingniú sa Ghaeltacht. Sa chomhthéacs sin, tá thart ar €35 milliún curtha ar fáil ag mo Roinn don údaras dá chláar gníomhaíochta sa bhliain 2009. Is féidir liom a rá freisin go bhfuil mé dóchasach ón gcomhoibriú iomlán idir mé féin agus mo chomhleacaí, an Tánaiste agus an tAire Fiontair, Trádála agus Fostaíochta, an Teachta Máire Ni Chochláin — agus go deimhin idir an t-údaras, an IDA agus El — go mbeidh rath ar na hiarrachtaí atá ar bun le déileáil leis na dúshláin chun a chinntiú go mbeidh deiseanna fostaíochta fiúntacha inmharthanacha ar fáil do phobal Ghaeltacht Dhún na nGall.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.