Dáil debates

Thursday, 26 June 2008

3:00 pm

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 6: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an mó scéim Gaeilge ar ghlacadh leo anois faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [24933/08]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá 79 scéim teanga, a chlúdaíonn 141 comhlacht poiblí ar fad, daingnithe agam agus foilsithe go dáta. Sa bhreis ar sin, tá 37 scéim teanga nua eile, a chlúdaíonn 69 comhlacht poiblí, á n-ullmhú. Ba mhaith liom a lua chomh maith go mbeidh tréimhsí ama na gcéad scéimeanna teanga, a dhaingnigh mé i 2005, ag teacht chun deiridh i 2008. Dá bhrí sin, i gcomhréir le forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, tá fógra seolta agam faoi alt 15 den Acht chuig 21 comhlacht poiblí eile ag iarraidh orthu athbhreithniú a dhéanamh ar a gcuid scéimeanna agus dréachtscéim nua — a dara scéim teanga — a ullmhú agus a thíolacadh le daingniú laistigh de sé mhí. Fágann sé seo go bhfuil beagnach 60 dréachtscéim teanga san iomlán á ullmhú faoi láthair. Tá sonraí maidir leis na comhlachtaí poiblí a bhfuil scéimeanna aontaithe leo nó a bhfuil dréachtscéimeanna á n-ullmhú acu ar fáil ar shuíomh idirlín an choimisinéir teanga, www.coimisineir.ie.

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghábháil leis an tAire as ucht an freagra sin a thabhairt dom. Tháinig Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm i mí Iúil 2003. Níl glactha ach le 79 scéim ag an nóiméad. Glacaim leis go bhfuil 141 comhlacht poiblí i gceist. Nach bhfuil na figiúirí sin suarach, agus trí bliana imithe? Mar a dúirt an tAire ag an gcomhchoiste an lá deireanach, scríobh sé chuig 600 comhlacht maidir leis na dréachtrialacháin faoi alt 9 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ach ní bhfuair sé freagra ach as 20 dóibh. An bhfuil na comhlachtaí éagsúla neamhshuimiúil san Acht? An bhfuil siad ag iarraidh éalú óna ndualgais ó thaobh dréachtscéim, a nglacfaí ag an Roinn, a thíolacadh?

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Níl. Is muidne a thionscnaíonn an t-éileamh le haghaidh scéimeanna, srl. Is sinne a scríobhann chucu chun scéimeanna a iarradh. Is fúinn atá sé. Ar ndóigh, níl ach achmhainní áirithe taobh istigh den Roinn leis an obair seo a dhéanamh. Is fearr é a dhéanamh go slachtmhar. Má bhreathnaimid ar na comhlachtaí Stáit ar fad, feicimid go bhfuil baint an-bheag ag cuid acu leis an bpobal. Tá baint an-mhór ag roinnt eagrais Stáit, ar nós an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh, an Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia nó roinnt comhairlí contae, a bhíonn ag plé leis an bpobal go ginearálta, leis an Ghaeilge. Mar shampla, bheadh i bhfad níos mó plé ag comhairlí contae ar nós Comhairle Chontae na Gaillimhe nó Comhairle Chontae Dhún na nGall leis an Ghaeilge ná mar a bheadh ag Comhairle Chontae Longfoirt. Má bhreathnaimid ar an 141 comhlacht poiblí atá i gceist, beidh sé soiléir go bhfuil an cuid is mó dos na hoifigí tábhachtacha, ar nós Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim nó an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh, istigh. Baineann obair Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim sin le gach éinne sa Stát. Tá seans ann go bhfuil 60% nó 70% d'imeachtaí an Stáit clúdaithe le scéimeanna, ainneoin go bhfuil riar mhaith comhlachtaí Stáit — go leor acu comhlachtaí beaga — atá an-teoranta nach bhfuil clúdaithe faoi scéimeanna. I ndáiríre, ní hiad na comhlachtaí nach bhfuil ag teacht leis. Is dócha nach bhfuil na hachmhainní ag cuid acu daoine atá oilte a fháil chun déileála leis na scéimeanna seo.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tá tagairt déanta ag an tAire ina fhreagra don cheist a bhí le cur agam. Tá mé ag caint mar gheall ar an dlúthcheangal a bhíonn ann go minic idir na húdarás áitiúla agus an pobal. Bíonn ar dhaoine déileáil leis na comhairlí chontae nuair atá siad ag lorg cánach nó árachais a chur ar a ngluaisteáin, srl. Ar éilíodh plean Gaeilge ós na húdaráis áitiúla uilig, go speisialta na húdaráis a bhfuil baint acu leis na ceantair Gaeltachta? Ar thug siad go léir freagra? Ar chuir siad pleananna ós comhair na Roinne? Cé acu dos na húdaráis áitiúla a thug freagra ar an tAire? An bhfuil aon údarás nár thug freagra?

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Faoin dlí, caithfear freagra a thabhairt. Caithfear plean a réiteach laistigh de sé mhí agus níl aon rogha faoi sin. Más buan mo chuimhne, sin mar a leag muid síos sa dhlí nuair a d'achtaigh muid é. Ní fios domsa go bhfuil éinne ann a dhiúltaigh plean a réiteach nuair a iarradh orthu sin a dhéanamh. Maidir leis na húdaráis áitiúla, iarrfaidh mé ar oifigigh na Roinne liosta a sheoladh chuig an Teachta de na húdaráis áitiúla a bhfuil pleananna daingnithe acu. Go bhfios domsa, is iad na contaetha Gaeltachta atá i gceist, Tír Chonaill, Gaillimh agus mar sin de.

Tá muid ag breathnú ar rud eile, mar tá muid ag iarraidh bogadh chun cinn. Beidh muid ag plé na rialacháin go luath agus clúdóidh an plé sin rudaí ginearálta agus mar sin de. An chéad rud eile ar a bhfuil muid ag breathnú i dtaobh na gcomhlachtaí go bhfuil an dara plean á réiteach dóibh, ná an mbeidh bun rudaí le déanamh ag gach ceann de na comhlachtaí sin. Is é sin, nuair a thosaíonn muid ar an bpleanáil, d'fhéadfadh muid tosú go híseal, ach tá rudaí áirithe comónta a chreideann muid go mba cheart a bheith i ngach dara plean ó thaobh seirbhísí de. Táimid ag scrúdú na ceiste sin i láthair na huaire. Caithfimid a bheith ag foirfiú an cur chuige an t-am ar fad.

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Sa bhliain 2013, beidh deich mbliana imithe ó tháinig an Acht i bhfeidhm. An bhfuil seans ar bith ann go mbeidh scéim glactha do ghach comhlacht de na 600 comhlachtaí atá ann faoi sin?

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Bheadh súil agam go mbeadh agus tá sé tábhachtach go mbeadh. Níos tábhachtaí ná sin, tá obair le déanamh anois, go mór mhór nuair atá seans ag comhlachtaí, agus iad ag teacht isteach sa dara scéim taithí a fháil ar an gcéad scéim agus na fadhbanna a d'éirigh leis. Tá sé fíor thábhachtach go ndéanann muid cinnte go bhfuil na scéimeanna nó na pleananna foirfe iontu féin. Tá sin chomh tábhachtach le líon na scéimeanna atá ann. Tá sé tábhachtach go mbeidh tionchar acu leis an bpobal.

Rud eile ar a mbeidh muid ag díriú ná go ndéarfar leis an bpobal go bhfuil na seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge. Níl aon mhaith seirbhísí trí Ghaeilge a bheith ar fáil agus gan fhios ag an bpobal go bhfuil siad ann. Tá gnéithe éagsúla ag baint leis seo. Mar atá ráite agam cheana, tá mise sásta dul ós comhair choiste an Tí agus plé i bhfad níos miona a dhéanamh ar na ceisteanna seo agus cén áit ar cheart na tosaíochta a bheith le go ndíreofar na hachmhainní ar na riachtanais is mó, dar libhse, atá ann.