Dáil debates

Tuesday, 4 March 2008

Hospital Services

Caillteanais Postanna.

8:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tá áthas orm deis a bheith agam an cheist thábhachtach seo a thógáil ar an Athló. Tá lúcháir orm go bhfuil an t-Aire é féin anseo chun éisteacht leis an méid atá le rá agam agus, b'fhéidir, freagra deimhneach a thabhairt a thabharfaidh misneach do muintir na Gaeltachta. Ar ndóigh, baineadh geit as gach éinne Déardaoin seo caite nuair a d'fhogair lucht Iasachtaí Críonna go raibh siad chun a gcuid monarcha a dhúnadh sna Ghaeltachtaí uilig, ó Ghaoth Dobhair i mo chontae féin, Dhún na nGall, siar go Maigh Eo agus síos go dtí an Daingean, i ndáilcheantar mo chomhghleacaithe, an Teachta Ó Síocháin. Tá 108 post caillte, beagnach 40 acu i mo dháilcheantar féin. Cuireann an dóigh inar láimhseáil an chomhlacht an fógra seo isteach go mór orainn mar ionadaí poiblí. Tháinig na hoibrithe isteach maidin Déardaoin cosúil le gach lá eile, ach ag 3.10 i.n. an lá sin dúradh leo go raibh an monarcha le dúnadh ansin. Bhí orthu dul abhaile gan teacht isteach riamh arís. Ní bhfuair siad fógra d'aon chineál — seachtain, lá, nó fiú uair a' chloig. Sílim gur droch-iompar amach is amach is ea oibrithe a thug seirbhís go dílis don tionscal a ligint chun siúil sa chaoi seo.

Caithfidh mé a rá go raibh dóchas mór againn uilig i dTír Chonaill nuair a bunaíodh an tionscal seo cúpla bliain ó shin. Tá mé cinnte go raibh áthas ar na Ghaeltachtaí eile nua-thionscal nach raibh bunaithe ar an ndéantúsaíocht nó an sean-tionscal traidisiúnta a fháil. Cheap daoine gur bánú lá úr don Ghaeltacht ab ea na tionscail seo, go dtí go bhfuaireamar an buille Déardaoin seo caite. Ní amháin go bhfuil mé ag caint faoi mo cheantar féin — Gaoth Dobhair, ar a bhfuil aithne maith ag an Aire, Chloich Cheann Fhaola agus na Rosáin. Tá mé ag caint freisin faoi oibrithe as cheantar Cill Chartha — Gaeltacht iar-dheisceart na chontae — os rud é go ndúirt an chomhlacht seo go raibh sé chun 120 post a lonnú ansin. Bhí an-obair déanta ag Údarás na Gaeltachta le bliain anuas chun monarcha a ullmhú don tionscal úr. Nuair a dhein an t-údarás suirbhé i gceantar Cill Chartha le bliain anuas, fuair sé amach go raibh 360 daoine óga ann ag feitheamh le fostaíocht. Ar ndóigh, nuair a tháinig an fógra seo Dé Déardaoin seo caite, ní amháin gur chailleamar na postanna ar fud na Gaeltachta, ach chaill muintir Cill Chartha an dóchas a bhí acu go mbeadh postanna ar fáil dóibh sa tsamhraidh.

I am delighted to have to opportunity to raise this matter on the Adjournment. Last Thursday's announcement by Contact 4 came as a thunderbolt out of the blue and resounded from Donegal to Dingle. One hundred and eight jobs were lost, 40 of which were in Donegal. They were wiped out in a flash without warning. Workers who reported dutifully for work, as usual, on Thursday last were informed at 3.30 p.m. that afternoon that their jobs were gone. No prior notice was given, nor was any indication of the impending doom. The staff were just shown the door in a most brutal fashion.

The announcement was a double whammy for Donegal. In addition to there being disappointment in Gweedore over the loss of 40 jobs, the residents of Kilcar, who were expecting Contact 4 to locate there this spring, with the promise of 120 jobs in three stages, are deeply disappointed. A survey carried out by Údarás na Gaeltachta in the Kilcar area in the past year found that 360 people in the locality were awaiting employment. Need I say more?

Donegal can ill afford the loss of these jobs. It already has the highest unemployment rate in the entire country. Coincidentally, a CSO survey issued last Thursday showed that the per capita income in Donegal is the lowest in the country. We all know there is a strong correlation between employment and income. The higher the rate of unemployment, the lower the income.

I appeal to the Minister, Údarás na Gaeltachta and any agencies available to retrain the workers, including FÁS, to redouble their efforts to replace the jobs as soon as possible. Jobs have been draining out of the county, not only from the Gaeltacht, le roinnt blianta anuas. I am delighted the Minister is present to respond, unlike some other Ministers, who do not have the time to take Adjournment debates. I ask him to address the needs of the workers to whom I referred. They are probably all the sole earners in their households. They have great responsibilities and must make mortgage repayments and meet the cost of their children's third level education. They are out of a job, have a bleak future and depend on the Minister and Údarás na Gaeltachta chun sólás a thaispeáint dóibh.

9:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis an Teachta McGinley as ucht an cheist seo a ardú agus deis a thabhairt dom soiléiriú a thabhairt ar chúrsaí maidir leis an gcomhlacht seo. Mar a léirigh mé sa ráiteas poiblí a d'eisigh mé ar 28 Feabhra 2008 nuair a fograíodh an drochscéal maidir le fostaíocht sa Ghaeltacht, is cúis imní dom féin agus d'Údarás na Gaeltachta aon phostanna a bheith á gcailliúint in aon tionscal Gaeltachta. Tuigim go maith an imní atá ar an Teachta agus ar gach éinne faoin líon postanna atá caillte le dúnadh an chomhlachta Contact 4. Tháinig an buille seo aniar aduaidh orainn ar fad, go háirithe na fostaithe nach bhfuair fógra leathlae féin fiú. Is trua linn uilig gurb amhlaidh a bhí an scéal. Tá a fhios agam go raibh a sheacht ndícheall déanta ag Údaras na Gaeltachta chun teacht ar chomhréiteach níos sásúla leis an gcomhlacht. Ar an drochuair, ní raibh rath ar na hiarrachtaí an uair seo.

Chuir príomhaí Contact 4 in iúl d'Údarás na Gaeltachta an tseachtain seo caite go rabhthas ag dúnadh na dtrí chomhlacht Gaeltachta atá ag feidhmiú i nGaoth Dobhair, in Acaill agus sa Daingean le feidhm láithreach mar gheall ar an titim thubaisteach ar an ngnó iasachtaí agus morgaistí a bhí mar dhúshraith ghnó ag an gcomhlacht sin. Cuireadh an cinneadh seo in iúl dom Déardaoin seo caite. Tuairiscíodh i nuachtán áirithe go raibh a fhios agam roimhe sin, ach ní raibh. Maidin Déardaoin — an lá a fógraíodh an cinneadh — a dúradh liom go raibh na gcomhlachtaí le dhúnadh.

Mar is eol dúinn uilig, thosaigh an cúngú sna margaí creidmheasa sa dara leath de 2007. Ó shin i leith, tá titim leanúnach tromchúiseach ní amháin ar líon na morgáistí atá ar fáil sna margaí airgeadais sin ach, freisin, ar na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann le morgaistí agus iasachtaí infheistíochta go ginearálta. Bhí Contact 4 ag feidhmiú mar bhróicéirí idirmheánacha sa mhargadh sin in Albain agus sa Ghaeltacht. Ag tús na bliana, bhíothas ag súil go dtiocfadh biseach ar dhálaí an mhargaidh ach is amhlaidh gur in olcas atá cursaí ag dul. Ar an mbonn sin, dúirt an comhlacht nach raibh de rogha acu ach gnó na gcomhlachtaí seo a scor. Mar thoradh chinneadh an chomhlachta, tá a bpost caillte ag 108 duine sna hionaid Ghaeltachta, idir 79 duine ar bhonn lánaimseartha agus 29 eile ar bhonn páirtaimseartha. Ó thaobh briseadh síos réigiúnda de, is 34 phost atá i gceist i nGaoth Dobhair — 26 lánaimseartha agus ocht páirtaimseartha. Is 36 phost atá i gceist in Acaill — 26 lánaimseartha agus deich páirtaimseartha. Is 38 bpost ata i gceist sa Daingean — 27 lánaimseartha agus 11 páirtaimseartha. Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil deontais dar luach €3 milliúin íoctha leis an gcomhlacht. Mar is iondúil, tá muirear ag an Údarás ar shócmhainní na n-ionad Gaeltachta chomh maith le barántais phearsanta agus mháthairchomhlachta. Anuas air seo, beidh plé ar bun idir an t-Údarás agus an comhlacht i rith na míonna seo romhainn maidir le dliteanas a bhaineann leis an gcúnamh Stáit sin.

Níl aon dabht gur buille trom é seo don Ghaeltacht ach caithfear a aithint go raibh na hionaid atá á ndúnadh ag feidhmiú go héifeachtach agus gur cúinsí taobh amuigh de smacht an chomhlachta ba chúis leis an gcinneadh atá déanta. Tá sé cruthaithe ag Údarás na Gaeltachta gur féidir leis infheistíocht nua-aimseartha sna seirbhísí airgeadais — earnáil a ghineann go leor fostaíochta san eacnamaíocht náisiúnta agus domhanda — a mhealladh go dtí an Ghaeltacht. Beifear ag féachaint le tógáil ar an dúshraith scileanna atá forbartha san earnáil sin. Ba mhaith liom aird a tharraingt ar chúrsaí fostaíochta i bpáirc ghnó Ghaoth Dobhair, áit a bhfuil breis is 750 duine fostaithe i gcliaint-chuideachtaí de chuid Údarás na Gaeltachta i láthair na huaire. Is dea-scéal é seo nuair a chuimhníonn muid go raibh an figiúr seo tite faoi 450 sa bhliain 2003, tráth ar cailleadh líon mór postanna déantúsaíochta ansin. Tá go leor infheistíochta á dhéanamh sa bpáirc ghnó seo, mar shampla fhorbairt áisleann Ghaoth Dobhar le lárionad ilfheidhmeach cultúrtha, pobail agus áineasa, ar chostas €8.8 milliún; áis súgartha, caitheamh aimseartha agus scíth a fhorbairt don phobal; agus staideár féidearthachta maidir le pictiúrlann, srl.

Sa cheantar máguaird tá forbairtí tábhachtacha eile ar bun, mar shampla, leathnúchán ar ionad seirbhísí mara agus turasóireachta ag cé Machaire Rabhartaigh, ar costas €1.1 milliún; cultúrlann le 450 suíochán ag Ionad Chois Locha i nDún Luiche, ar costas €2.1 milliún; agus, mar a fógraíodh le déanaí, ionad fiontair agus pobail nua i Rann na Feirste, a bheidh ag fáil tacaíochta ón Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus ón údarás. Chomh maith leis sin, dar ndóigh, tá ionad fiontair togtha ag Westbic i mBaile na Móna, Cill Charthaigh, ar chostas €1 milliún. Go hachomair, tá an t-Údarás dóchasach gur féidir malairt deiseanna fostaíochta a chur ar fáil i gceantar Ghaoth Dobhair sa ghearr go meántéarma ag éirí as tograí atá á bpróiseáil tríd an bpíblíne infheistíochta faoi láthair. Beifear ag díriú aird ar leith i rith na míonna seo romhainn ar thograí nua a aimsiú do cheantair Acla agus an Daingean freisin. Féachfar chomh maith le tionscadail oiriúnacha a aimsiú do cheantar Chill Charthaigh, áit a raibh sé beartaithe ag Contact 4 glao-ionad eile a bhunú níos moille i mbliana.

Mar fhocal scoir, is féidir liom a gheallúint don Teach go mbeidh mo Roinn ag tacú leis an Údarás sna hiarrachtaí leanúnacha atá ar bun aige chun fostaíocht a ghiniúint agus a dhaingniú sa Ghaeltacht. Sa chomhthéacs sin, tá os cionn €40 milliún curtha ar fáil ag mo Roinn don Údarás dá chlár gníomhaíochta sa bhliain 2008. Ní mór a chur san áireamh freisin go mbíonn airgead breise — suas go €10 milliún — ar fáil don Údarás óna chlár díolacháin sócmhainní le cur leis an tsuim seo. Tá mé dóchasach ón gcomhoibriú iomlán idir mé féin agus mo chomhghleacaí, an tAire Fiontair, Trádála agus Fostaíochta, an Teachta Martin, agus go deimhin idir an t-Údarás, IDA Ireland agus Enterprise Ireland, go mbeidh rath ar na hiarrachtaí atá ar bun le déileáil leis na dúshláin chun a chinntiú go mbeidh deiseanna fostaíochta fiúntacha inmharthanachta ar fáil do phobal na Gaeltachta. Mar is eol don Teachta McGinley, tá mé ag obair le tamall fada ar cheist na postanna i bhForas na Gaeilge atá le lonnú i nGaoth Dobhair. Cúnamh mór a bheidh ann don cheantar sin. Is é sin an chineál post nach n-imeoidh choíche. Mar is eol don Teachta, tá ag éirí go maith leis na postanna a chruthaíodh ar an gCarraig, bunaithe ar obair an Acadamh Ríoga. Creidim gur cheart go bhfaighidh na ceantair tuaithe a gcuid fhéin d'fhostaíocht an Stáit. Bíonn tionchar nach beag ag fostaíocht den shórt sin ar ceantair tuaithe ar nós Gaoth Dobhair.