Dáil debates

Thursday, 14 February 2008

Adjournment Debate.

Scéimeanna Tógála Scoile.

3:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Cheann Comhairle as ucht deis a thabhairt dom an cheist seo a thógáil ar an Athló. Cé nach bhfuil an Aire Oideachais agus Eolaíochta anseo, tá lúcháir orm go bhfuil an Aire Stáit, an Teachta Pat Carey, anseo. Tuigeann sé go maith na deacrachtaí atá ag bunscoileanna nach bhfuil áiseanna ceart curtha ar fáil dóibh. Cosúil liom féin, bhí sé ag teagasc i mbunscoil le blianta fada. Is dócha go dtuigeann an bheirt againn na deacrachtaí a bhíonn ann nuair nach mbíonn na háiseanna cearta ar fáil. Is é an scoil ata i gceist anseo ná Scoil Chonaill i mBun Beag i gceartlár Gaeltacht Dhún na nGall. Tá suim ar leith agam sa scoil os rud é go raibh mé mar phríomhoide ann sular tháinig mé isteach sa Teach seo. Ó am go ham i rith na 25 bliana ata imithe uainn cheap mé go mb'fhéidir go mbeadh orm filleadh ar mo phost sa scoil, ach níor tharla sé go fóill buíochas le muintir Thír Chonaill a choinnigh anseo mé.

Tógadh Scoil Chonaill, le ceathrar seomra ranga, i 1960. Is scoil den seandéanamh — an sean-chóras múinteoireachta — é. Ní raibh sé dalta-lárnaithe, nó pupil-centred, nuair a thógadh é. Cuireadh dhá seomra breise leis an scoil ó shin. Tá sé seomra ranga i Scoil Chonaill i láthair na huaire. Tá seachtar múinteoir i mbun ranganna sa scoil faoi láthair. Tá dhá múinteoir riachtanaisí speisialta ann. Tá rang speisialta, rúnaí agus cúntóir teangan sa scoil. Cé go bhfuil 12 daoine fásta i mbun oideachais de chineál amháin no chineáil eile sa scoil, níl ach sé seomra ranga ann. Níl cúinne nó pasáiste amháin sa scoil nach bhfuil rud éigin ar siúl a bhaineann le oideachais. Níl sé sin sásúil sa lá atá inniu ann. Tá iarratas istigh le blianta fada anuas ag lorg áiseanna breise a chuir ar fáil don scoil. Tá dul chun cinn déanta, ach i láthair na huaire tá siad ag fanacht leis an solas glas ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta agus an Aire.

Tá socruithe eile déanta ag an scoil. Muna mbeidh na húdaráis ag dul i mbun oibre ar an scoil, beidh ar na múinteoirí agus na daltaí an scoil a fhágáil agus dul go dtí láithreán de chineál éigin eile. Tá socruithe déanta ag údaráis na scoile leis an CLG go mbeidh cead acu seomraí réamhdhéanta a chur suas agus úsáid a bhaint as áiseanna na CLG. Tá na socruithe déanta. Tá cead pleanála faighte fá choinne deisiúcháin agus méadú a dhéanamh ag an scoil. Tá cead acu dul go dtí tailte agus ionad Chumann Lúthchleas Gael. Tá gach uile rud réidh anois ach tá siad ag fanacht bliain i ndiaidh bliana. Ba mhaith liom dá mbeadh an tAire ábalta dóchas de chineál éigin a thabhairt. Muna n-éiríonn linn rud éigin a dhéanamh i mbliana tá seans go dtitfidh na socruithe atá déanta acu le Cumann Lúthchleas Gael as a chéile. Bhí socruithe déanta le óstán, ach mar go raibh sé ró-fhada ón scoil agus go raibh coinníollacha ag teacht isteach, thit sin as a chéile. Tá obair mhór déanta ag an bord bainistíochta agus ba mhaith leo anois go mbeadh scéala ag teacht chucu.

Mar a dúirt mé, tá suim ar leith agam sa scoil seo. Scoil lán-Gaeltachta é ar a bhfuil clú agus cáil. Bíonn sí páirteach i Scór agus i Féile Scoil Drámaíochta. Is minic a bhain an scoil craobh na hÉireann — beagnach gach bliain. An bhliain nach mbaineann sí craobh na hÉireann, bíonn rud éigin mícheart. Tá na múinteoirí agus na daltaí ar fheabhas. Tá aithne mhaith agam orthur uilig, ach mar a dúirt mé, tá siad ag gníomhú i bhfoirgneamh atá ann ó 1960, 50 bhliain. Tá a fhios ag an Aire Stáit gur mór iad na hathruithe a tháinig ar chúrsaí oideachais le caoga bhliain anuas. Mar sin, níl na páistí, na múinteoirí nó an scoil ag fáil cothrom na féinne. Tá gach scoil eile sa cheantar go maith, cuireadh méadú leo agus tá siad nua-aimseartha, ach tá Scoil Chonaill i lár an pharóiste agus na háiseanna atá aici mar a bhíodar i 1959 agus 1960 nuair a tógadh an scoil. Tá a fhios agam go maith go dtuigeann an Aire Stáit chomh práinneach agus atá an cás. Tá súil agam mar sin go mbeidh scéala agam le tabhairt ar ais chucu tráthnóna inniu agus go dtosóidh an obair ar Scoil Chonaill go luath agus muna mbíonn an obair ar siúl an ráithe seo go dtosóidh sé, ar a laghad, an bhliain seo.

Photo of Pat CareyPat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá mé ag tabhairt freagra ar an Athló ar son an Aire Oideachais agus Eolaíochta, an Teachta Ní Ainifín.

Is mian liom buíochas a ghlacadh leis an Teachta as ucht deis a thabhairt dom seasamh na Roinne a léiriú don Dáil maidir le síneadh a chur le Scoil Chonaill, An Bun Beag, Contae Dhún na nGall agus an scoil a athchóiriú. Tá an síneadh agus an t-athchóiriú atá beartaithe don scoil seo ag céim 3 den phleanáil ailtireachta i láthair na huaire. Infheisteofar beagnach €4.5 billiún i scoileanna faoi i saolré an phlean forbartha náisiúnta. Is leibhéal infheistíochta caipitil é sin nár facthas riamh cheana agus is léiriú é ar thiomantas an Rialtas leanúint lena chlár infheistíochta inbhuanaithe i scoileanna bunoideachais agus i scoileanna iarbhunoideachais. Leis an infheistiocht sin, éascófar soláthar scoileanna nua agus síntí i limistéir atá ag forbairt agus éascófar feabhsúchán na scoileanna atá ann cheana féin trí scoileanna athshóláthair, síntí nó athchóiriú ar scála mór a chur ar fáil sna blianta ata amach romhainn. Déantar cur chun cinn na dtionscadal tógála go léir atá ar scála mór ón gcéad chéim deartha go dtí an chéim tógála a bhreithniú ar bhonn leanúnach i gcomhthéacs an phlean forbartha náisiúnta agus i gcomhthéacs chlár ilbhliantuil tógála agus nuachóirithe scoileanna de chuid na Roinne. Ar an dóigh chéanna, déanfar an tionscadal dá dtagraíonn an Teachta a bhreithniú sa chomhthéacs sin. Ba mhaith liom a dhearbhú don Teachta go bhfuil an tAire agus an Roinn tiomanta cóiríocht oiriúnach ar ardchaighdéan a chur ar fáil do Scoil Chonaill, ach ní féidir liom a rá go dtárlóidh sé sin an bhlian seo.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tá mé thar a bheith díomách.