Dáil debates
Thursday, 14 February 2008
Scéimeanna Tógála Scoile.
3:00 pm
Pat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)
Tá mé ag tabhairt freagra ar an Athló ar son an Aire Oideachais agus Eolaíochta, an Teachta Ní Ainifín.
Is mian liom buíochas a ghlacadh leis an Teachta as ucht deis a thabhairt dom seasamh na Roinne a léiriú don Dáil maidir le síneadh a chur le Scoil Chonaill, An Bun Beag, Contae Dhún na nGall agus an scoil a athchóiriú. Tá an síneadh agus an t-athchóiriú atá beartaithe don scoil seo ag céim 3 den phleanáil ailtireachta i láthair na huaire. Infheisteofar beagnach €4.5 billiún i scoileanna faoi i saolré an phlean forbartha náisiúnta. Is leibhéal infheistíochta caipitil é sin nár facthas riamh cheana agus is léiriú é ar thiomantas an Rialtas leanúint lena chlár infheistíochta inbhuanaithe i scoileanna bunoideachais agus i scoileanna iarbhunoideachais. Leis an infheistiocht sin, éascófar soláthar scoileanna nua agus síntí i limistéir atá ag forbairt agus éascófar feabhsúchán na scoileanna atá ann cheana féin trí scoileanna athshóláthair, síntí nó athchóiriú ar scála mór a chur ar fáil sna blianta ata amach romhainn. Déantar cur chun cinn na dtionscadal tógála go léir atá ar scála mór ón gcéad chéim deartha go dtí an chéim tógála a bhreithniú ar bhonn leanúnach i gcomhthéacs an phlean forbartha náisiúnta agus i gcomhthéacs chlár ilbhliantuil tógála agus nuachóirithe scoileanna de chuid na Roinne. Ar an dóigh chéanna, déanfar an tionscadal dá dtagraíonn an Teachta a bhreithniú sa chomhthéacs sin. Ba mhaith liom a dhearbhú don Teachta go bhfuil an tAire agus an Roinn tiomanta cóiríocht oiriúnach ar ardchaighdéan a chur ar fáil do Scoil Chonaill, ach ní féidir liom a rá go dtárlóidh sé sin an bhlian seo.
No comments